5 January 2012
Na Gaeil Óga
Club CLG Nua do Bhaile Átha Cliath
LE CATHAL Ó MURCHÚ
TÁ CÉIM MHÓR tógtha ag Gaeil Bhaile Átha Cliath le bunú foireann peile nua. Baineann an fhoireann le club nua den CLG – club ina labhraítear Gaeilge agus a fheidhmítear tré Ghaeilge. Is é seo Na Gaeil Óga, cumann CLG a tháinig ar an saol i Mí Eanair anuraidh seo agus a thosaigh ag imirt a chéad chluiche i Mí Feabhra ina dhiaidh. Ní amháin sin, áfach, ach tá foireann peile na mban a bhaineann leis an gclub bunaithe chomh maith. Agus faoi dheireadh na bliana seo, beidh foireann peile B agus foireann iománaíochta le teacht ar an bhfód. Sin ceithre fhoireann bunaithe sa chéad bhliain. Tús maith gan amhras!
Ní hé seo an chéad uair a bunaíodh club CLG gaelach den chineál seo – is é sin le rá club gaelach lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Laochra Locha Lao as Cathair Bhéal Feirste ar an bhfód le haghaidh breis is cúig bliana anois. Ba bheag gur bhuaigh siad an corn sóisearach i gComórtas peile na Gaeltachta i gCloch Cheann Fhaola i mí an Mheithimh seo caite ach le cúilín amháin sa chluiche ceannais. Ghlac Na Gaeil Óga páirt sa chomórtas céanna ach faraor dóibh siúd chaill siad an chéad chluiche.
Ar an Chéad lá Lúnasa seo caite, chuaigh gaeil an dá chathrach in adharc a chéile sa chéad chomórtas idirchathrach idir na Feirstigh agus na Cliathánaigh. Bhí Méara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile ann chun fáilte a chur roimh an dá fhoireann a imríodh i bpáirc peile Ghort na Móna. Bhí dhá chluiche i gceist – cluiche na mban agus cluiche na bhfear. Bhuaigh cailíní na príomhchathrach a gcéad chluiche a d’imir siad riamh – an-éacht déanta acu gan amhras – agus ba léir an díograis acu siúd a tháinig tríd ó na seisiúin thréanála. Ansin bhí cluiche na bhfear ann, cluiche a bhí crua, ach cóir. Leis an taithí agus cumas a bhí ag na Feirstigh, bhí an lá leo. In ainneoin an scór deiridh 3-9 in aghaidh 1-5 a bhí ann, níor luigh na Cliathánaigh síos dóibh riamh agus rinneadar cluiche iomadúil as.
Ghlac foireann Na Gaeil Óga páirt freisin sna comórtais shraithe is craoibhe i mBaile Átha Cliath agus le linn na feachtais úd, chuir siad ceann thar foireann na nGardaí. Ní bheadh bleachtairí Shráid Fhearchair ró-shásta faoi sin, gan amhras! Chomh maith leis sin, bhain siad cluiche leathcheannais amach sa Chraobh agus chaill siad ach le dhá chúilín! Tá sé ráite ag clubanna eile sa phríomhchathair go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar Na Gaeil Óga laistigh d’aon bhliain amháin.
Is é múineadh an scéil mar sin, le díograis agus le hobair crua, is féidir an coincheap seo a leathnú amach. Ní amháin go fhéadfaidh club CLG gaelach a bhunú i ngach cathair, ach i ngach cearn den tír! Go dtapa an deis.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures