Top Issue 1-2024

13 January 2005 Edition

Resize: A A A Print

Glún 'Simpsons'

The cartoon series 'The Simpsons' is now 15 years old. So, asks AN DRAOI RUA, what can we say about the Simpson generation?

Is beag duine i ndomhain an iarthair nach bhfuil aithne de shórt éigin ar an teaghlach úd 'The Simpsons'. Thosaigh an cartún clúiteach seo mar shraith rialta ar an teilifís 14 Eanáir 1990. Ó shin, caithfidh a admháil go bhfuil clú agus cáil ar an dream céanna ar fud na cruinne. Cé go bhfuil sé 15 bliain ar an fhód anois, tá Maggie, an carachtar is óige, go fóill ag lámhachán thart ar an urlár go fóill.

Níl amhras ar bith ann go bhfuil carachtair an chartúin áirithe seo iontach greannmhar is go gcuireann sé siamsaíocht den scoth ar fáil ach an amhlaidh go bhfuil tionchar dearfach ag an tsraith orainn?

Cuirtear fáilte Uí Cheallaigh roimh mhuintir Simpsons i go leor tithe. Is cosúil go mbíonn na Simpsons mar cuairteoirí rialta sna tithe céanna chomh maith. Dá bharr sin, feictear dom go bhfuil níos mó aithne ag an ghlún seo ar na Simpsons ná mar atá acu ar a gcomharsana féin.

Déantar ábhar magaidh de neart rudaí sa chartún seo agus is léir go bhfuil formhór den ghreann dírithe ar dhaoine fásta. San am céanna, áfach, cuireann an glún óg suim iontach sa tsraith.

Cé go mbíonn an cartún ag spochadh as na húdaráis, daoine uaisle is comhlachtaí móra i gcumhacht, ní thiocfadh a rá go bhfuil móran ábhair conspóideacha ann. Le fírinne, tacaíonn sé leis an 'Status Quo' ag deireadh an lae. Mar a dúirt cara de mo chuid uair amháin, dá mbeadh maitheas ar bith ann cuirfeadh cosc air. Ar ndóigh, cuireadh cosc ar na leabharthaí is fearr i gcónaí.

Má bhreathnaíonn muid ar na carachtair atá sa teaghlach, seans go dtuigfimid níos fearr cad iad na príomhaidhmeanna atá ag scríbhneoirí na sraithe?

Is é Homer Simpson príomhcharachtar na sraithe. Níl suim ar bith aige i gcúrsaí reatha ná eile. Tá sé falsa is bíonn sé de shíor ag ithe, ag ól nó ina luí ar an tolg os comhair na teilifíse muna bhfuil sé sa leaba. Ar ndóigh, fágann sí obair an tí dá bhean fosta. Mar aon leis sin oibríonn se i stáisiún núicleach agus é in ainm is a bheith ina oifigeach sábháilte ann. Maith go leor, b'fhéidir nach bhfuil an oiread sin dochar sa charachtar seo ach caithfidh a admháil go dtéann a leithéid i bhfeidhm ar dhaoine. Seans nach bhfuil sé mar laoch mór le rá ag daoine ach is cinnte go dtéann sé i bhfeidhm ar an lucht féachána. Tuitear go bhfuil neart daoine fuarchúiseacha ann maidir le cúiseanna tábhachtacha agus glactar leis go bhfuil cumhacht núicleach mar chuid de shaol an lae inniu gan ceist.

Is laoch eile de chuid na sraithe é Bart. Ta sé de nós aige a bheith greannmhar, dalba, cliste, i mbun cleasaíochta i dtólamh agus ag spochadh as gach duine thart air. Is gasúr ann féin é a leanann treoir a athar is é ag tabhairt aire dó féin amhain. Cuireann se suim ar leith i gcartún darbh ainm 'Itchy agus Scratchy' atá iontach foréigneach ar fad ach creideann sé go bhfuil an foréigean greannmhar.

Creideann a dheirfiúr Lisa i gcúrsaí domhanda, tá suim aici i gcaomhnú na timpeallachta agus glacann sí go dáiríre leis go bhfuil dualgas uirthi mar shibhialtach obair ar son leasa an dúlra is phobal an domhain. Feictear, áfach, go ndéantar ábhar magaidh de Lisa agus is cosúil gurbh e an teachtaireacht atá taobh thiar den mhagadh ná gur cur amú ama é a bheith i mbun feachtais is ar son cúiseanna éagsúla.

Creidim féin go bhfuil tionchar ollmhór ag na Simpsons ar mhuintir na tíre seo. Is cuimhin liom a bheith ar an ollscoil agus ba ghnách go dtiocfadh na sluaite móra isteach chuig an bhialann ar mhaithe le sraith eile de 'The Simpsons' a fheiceáil. Ar ndóigh, is beag duine a bhí ina measc a bhí ag iarraidh na tuairiscí reatha a leanstan ar nuacht an lae.

Níl a fhios agam ach tá mé den tuairim go bhfuil na Simpsons ag fanacht thar fhad na fáilte agus tá eagla orm go mbeidh glún eile de Bhartanna beaga mar pháistí againn agus Homereanna mar sibhialtaigh. Ar ndóigh, tá cnaipe ar an teilifís lena mhúchadh freisin.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fearr súil romhat na dhá shúil i do dhiaidh.'

B'fhéidir go ceart dúinn a bheith ar an aire i gcónaí cad atá ag dul i bhfeidhm orainn mar bholscaireacht faoi cheilt.

Gluais

siamsaíocht entertainment

ábhair conspóideacha controversial material

príomhaidhmeanna main objectives

oifigeach sabháilte safety officer

fuarchúiseach apathetic

foréigneach violent

teachtaireacht message

sibhialtaigh citizens


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland