Top Issue 1-2024

5 January 2012

Resize: A A A Print

Do theanga – do thacaíocht de dhíth

An Coimisinéar agus an Acht faoi ionsaí

Aire Stáit Dinny McGinley agus Ombudsman Emily O'Reilly

TÁ IONSAÍ fíochmhar dhá dhéanamh ag Rialtas Bhaile Átha Cliath ar an nGaeilge agus cearta Gaeilgeoirí agus tá do thacaíocht phraiticiúil ag teastáil le sin a throid. Tá sé íorónach, ag am nuair atá feachtas láidir ar siúl sna Sé Chontae le Acht Teanga don Ghaeilge a chuir in áit - agus iad ag féachaint ó dheas ar thóir eiseamláir - go bhfuil cúlú damanta ar siúl ó chearta teanga agus deá-obair na mblianta dhá chuir ó mhaith.
Tá sé tugtha le fios ag Fine Gael agus an Lucht Oibre go bhfuil siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a chuir isteach le hOifig an Ombudsman. Tá eagrais Ghaeilge agus pobail ag cur i gcoinne seo go láidir. An argóint atá dhá chuir chun cinn ag an Rialtas ná go mbeidh an seirbhís ‘níos eacnamúla, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí’, mar thoradh air. Ní ghlacann gníomhaithe teanga leis seo beag ná mór.
Ní léir gur rinneadh aon anailís ar obair an Choimisinéara sular fógraíodh an chinneadh seo. Go deimhin, i bhfreagra ar cheist uaim féin sa Seanad dúirt an tAire Stáit, Dinny McGinley, a bhfuil cúraimi Gaeilge & Gaeltachta air, nár labhair siad fiú leis an Choimisinéar féin ná an Ombudsman roimhré. Deacair dom a shamhlú dá bhrí sin cén chaoi gur féidir leo a mheas go mbeidh an leagan amach nua níos fearr.
Tá tuairimaíocht láidir ann gur cineál íobartach buiséid atá sa Choimisinéara mar gur theastaigh ón Roinn Airgeadais go gcuirfí deireadh le cuid de na heagrais Ghaeilge agus go raibh aird dírithe ar Údarás na Gaeltachta. Ceaptar gur ofráladh an Choimisinéara mar chúiteamh orthu sin. Tá daoine eile ag meas gurb é an chaoi go raibh ag éirí ró-mhaith le Seán Ó Cuirreáin agus é i mbun a chuid cúraimí ag tarraingt aird ar chomh failíoch is atá ranna Rialtais agus eagrais stáit maidir lena gcuid dualgais faoin Acht agus go raibh cuid mhaith státsheirbhísigh agus na sceana amuigh acu dó.
D’admhaigh an tAire Stáit McGinley sa Dáil nach mbeadh mórán sábháil airgid ag baint leis an gníomh seo agus fiú go bhféadfadh sé airgead breise a chosaint ar an Stát. Tá na fostaithe ar fad san oifig sa státsheirbhís cheana féin agus coinneofar ar an bpárolla iad. Beidh an ról neamhspleách atá ag an gCoimisinéir faoi láthair ídithe go mór má chuirtear faoi scáth an Ombudsman é agus imní go ndéanfar lagú ar na cumhachtaí agus tarraingt siar ar na hacmhainní don Acht Teanga de réir a chéile. Cén chiall atá leis an gcinneadh mar sin agus céard is féidir linn a dhéanamh faoi?
Bhuel, tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla fógartha ag an Aire Stáit chomh maith. Aisteach nár fhan an Rialtas leis na torthaí air seo sular shocraigh siad ar an gcomhtháthú - ach sin scéal eile. Tá imní orm nach bhfuil san athbhreithniú ach cur i gcéill, mar go bhfuil a n-intinn socraithe ag an Rialtas maidir le todhchaí an Achta cheana féin. Seo an léamh atá agam ar agallamh a rinne Dinny le déanaí liom féin agus le Julian De Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ar Raidió na Gaeltachta - áit ar thug sé le fios go bhfuil an cinneadh Rialtais le cur i gcrích beagbeann ar mhianta an phobail agus torthaí an athbhreithnithe.
Sin ráite, sílim go bhfuil dualgas orainn ar fad tacú leis na heagrais agus pobal na Gaeilge tríd freagra a thabhairt ar an athbhreithniú. Tá an t-eolas ar fad le fáil ar www.pobail.ie agus tá suirbhéanna le cur ar ais agus aighneachtaí le líonadh isteach. Tá treoir ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ar a gcuid suíomhanna idirlíon féin maidir leis an ábhar seo a chuir ar aghaidh.
Bí cinnte go bhfuil cuid mhaith den dream a mheasann go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla an iomarca cumhachta i lámha an Choimisinéara ag stocaireacht cheana féin agus ag ullmhú a gcuid aighneachtaí féin. Muna  ndéanann lucht tacaíochta na Gaeilge amhlaidh chomh maith beidh sé le rá ag an Roinn nach raibh tacaíocht ann dó. Dá mheád suirbhéanna agus aighneachtaí ar son na Gaeilge a chuirtear chun cinn, is ea is fearr é.  Ní shin le rá nach leanfaidh an Rialtas ar aghaidh lena gcuid pleananna, ach má leanann féin is féidir iad a cheistiú go dian ar an mbunús atá acu leis agus cás an Choimisinéara a throid a bhealach i bhfad níos dúshlánaí.
Dár ndóigh, an rud is cóir don Rialtas a bheith ag déanamh ná ag cur i bhfeidhm moltaí an Choimisinéara maidir le leasú a dhéanamh ar chumhachtaí an Achta agus ag cur ina luí ar na Ranna agus Eagrais Stáit gur cheart dóibh a bheith ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoin Acht seachas a bheith ag éalú uathu agus ag déanamh leithscéalta faoi. Ach is beag seans go ndéanfaidh siad amhlaidh.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland