Top Issue 1-2024

2 December 2004 Edition

Resize: A A A Print

Ceachtanna: Éire agus an Iaráic

From Belfast to Basra, Abu Gharib to Long Kesh... there's a lot of comparisons between our history in Ireland and recent events in Iraq. But what has been learnt from it all? asks AN DRAOI RUA.

"Is é an scéimhlitheoir an té leis an ghunna is lú."

Sin ráiteas simplí a bhí ag Breandáin Ó Béacháin blianta ó shin. Ní dóigh liom go raibh sé ag tagairt do chúrsaí san Iaráic ag an am ach is cinnte gur féidir glacadh leis an ráiteas go ginearálta is go hidirnáisiúnta.

Ar ndóigh, ní raibh armlón Óglaigh na hÉireann riamh chomh mór le fórsaí mhíleata na Breataine in am ar bith ach dúradh i gcónaí gurbh iad na hÓghlaigh na scéimhlitheoirí.

Cuimhnímid ar an rí-rá ar fad fá airm ollscriosta i seilbh láimhe Saddem Hussein, rud nach raibh fíor riamh. Lena chois sin, bhí bréag ollmhór eile á scaipeadh ag an am ná go raibh dlúthpháirtíocht ag an Iaráic le Al-Quada. Bhí an bolscaireacht chomh tréan sin go gcreideann neart daoine an bhréag go fóill.

Le fírinne, is iomaí comparáid is féidir linn a dhéanamh le cosmhuintir na hIaráice. In Éirinn, bhí an lámh laidir i gcónaí in úsáid i rith stair na tíre. Cinnte, tá sé iontach furasta dúinn cosúlachtaí a fheiceáil idir na fórsaí míleata a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhiansmacht agus ionróirí sa Iaráic sa lá atá inniu ann.

Is uafásach an rud é ach tá na scéalta ceannann céanna a chloisteáil againn i láthair na huaire is a chuala muid roinnt blianta ó shin is níos faide siar i stair na hÉireann:

Ar an drochuair, d'fhulaing ár sinsear imtheorannú, brúidiúlacht is céasadh millteanach sa Cheis Fhada, i gCaisleán Riabhach, i Muinseó agus ina lán beairicí eile ar fud na tíre díreach mar atá ag tarlú i láthair na huaire i mBá Guantanamó, in Abu-Gharib is araile.

Bhí 'scaol le marú' mar pholasaí riamh ag fórsaí na Breataine ó tháinig siad i dtír. Maireann drochchlú na dúchrónach, SAS is eile go láidir inár gcuimhne is tá 'ceadúnas chun dúnmharú' ag fórsaí Mheiriceá is ag a leithéid den Black Watch san Iaráic inniu mar a bhí in Éirinn tamall ó shin.

Le déanaí, tá a lán trácht sna meáin fán mhéid atá ag titim amach i Fallujah. Mar a tharla sé níor scaoileadh oiread is urchar amháin le linn dó fórsaí SAM ag ionradh ar an Iaráic anuraidh. Ansin, 23 Aibreán 2003, ar fháth dothuigthe éigin, ghlac saighdiúirí SAM seilbh ar scoil sa bhaile sin. Bhailigh tuismitheoirí, múinteoirí is páistí thart ar an scoil agus iad i mbun agóide. Ag an phointe seo, thosaigh saighdiúirí SAM ag scaoileadh leo. Go díreach, lorg fuilteach i Fallujah mar a bhí Domhnach na Fola i nDoire.

Cath Fallujah ar na mallaibh, bhuel, is féidir comparáid díreach a dhéanamh le éirí amach 1916. B'fhéidir go mbeidh fórsaí eachtrannacha ábalta Fallujah a ghabháil ach ní hionann sin is a rá go mbuafaidh siad an cogadh. Faraor, ní bhíonn buaiteoir iomlán i gcogadh riamh.

Is cuimhin linn an damáiste a rinne an bolscaireacht ar fad ar ghaolta na marbh sa tír seo. Leanann arm SAM is na Breataine leis na bréaga móra a insint faoi na daoine neamhurchóideacha a mharaíonn siad agus is mó a ghoilleann sin ar mhuintir na hIaráice na laethanta seo.

Is ábhar náire é seo ar fad in Éirinn. I ndáiríre, níl fíor-iarrachtaí á dhéanamh ná na ceisteanna á chur le teacht ar an fhírinne iomlán ar cad atá ag titim amach san Iaráic. Caithfidh a admhail go nglactar leis an 'leagan oifigiúil' an chuid is mó den am.

Cé go bhfuil a lán cosúlachtaí is comparáidí le déanamh idir an mhéid a tharla i stair na hÉireann is Iaráic an lae inniu, is léir nach bhfuil a dhath foghlamtha ag fórsaí na Breataine is SAM uathu.

Is cúis imní dúinn nach bhfuil le cloisteáil ach 'tost marfach' ó cheannairí na tíre seo fán scrios, dúnmharú ar fad atá ag dul ar aghaidh san Iaráic. Níos measa fós, ach tá an tír seo ag cuidiú leis an léirscrios ar fad is aerphort na Sionna curtha ar fáil do fhórsaí mhíleata SAM.

Gluais

scéimhlitheoir terrorist

airm ollscriosta weapons of mass destuction

dlúthpháirtíocht solidarity

bolscaireacht propaganda

ionróirí invaders

imtheorannú internment

brúidiúlacht brutality

céasadh torture

fórsaí eachtrannacha foreign forces

daoine neamhurchóideacha innocent people

Seanfhocal na Seachtaine

'As an obair a fhaightear an fhoghlaim.'

Tá drochchlú amach is amach ar fhórsaí na Breataine in Éirinn ach is cosúil nach bhfuil faic foghlamtha acu.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland