Top Issue 1-2024

25 November 2004 Edition

Resize: A A A Print

Na Bronntanais is Fearr

If we take a lead from 'Buy Nothing Day' or some of the charities that suggest alternative presents, it should help put an end to the consumerist madness of these winter months, writes AN DRAOI RUA

Cá mhéad péire stócaí atá de dhíth ag duine? Cén fáth a mbeadh an oiread sin seacláide is fíona de dhíth ag daoine eile? Cad chuige an bhfuil muintir na tíre imithe ar strae ag siopadóireacht?

Níl amhras ar bith ann ach gur féile ollmhór caipitleach é an Nollaig le fada an lá. Is beag trácht atá ar reiligiún ar bith. Tá fógraíocht dár maslú i rith na tréimhse ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Mothaíonn páistí chomh tógtha sin is tuismitheoirí cráite acu de shíor. Tá an oiread sin rudaí de dhíth orthu go práinneach, ...láithreach, ...ar an phointe, ...anois díreach. Creideann na tuismitheoirí go bhfuil dualgas orthu gach uile ní a cheannach dá stóiríní beaga le cur in iúl dóibh go bhfuil fíor-ghrá acu dóibh.

Ar a laghad, ba cheart go mbeidh faoiseamh de shaghas éigin ag daoine más maith leo 'Buy Nothing Day' a cheiliúradh 26 Samhain. Níl ach teachtaireacht simplí ag lucht eagraithe an fhéile seo ná gan siopadóireacht ar bith a dhéanamh ar an lá seo. Is dócha go bhfuil sé tugtha fá deara ag comhlachtaí ilnáisiúnta nach bhfuil i sibhialtaigh ach ceannaitheoirí. Is beag an seasamh é gan dul chuig na siopaí le haghaidh lá amháin ach creidtear go nglacann na milliúin daoine ar fud na cruinne an seasamh simplí seo gach bliain.

Mothaíonn a lán daoine faoi bhrú an t-am seo den bhliain agus iad ag déanamh a seacht ndícheall earraí éagsúla a cheannach sa dóigh is go mbeidh 'Nollaig Shona' acu. Cinnte téann neart daoine i bhfiacha bainc dá bharr.

Tá daoine ann a cheannaíonn bronntanais l'aghaidh gach duine gaolta leo is cách eile sa chomharsanacht. Cinnte, déantar dearmad fána lán daoine le linn an ama seo freisin.

Déantar dearmad ar neart daoine dífhostaithe, gan dídean agus gan na bunchearta i. bia, uisce, foscadh, cóir leighis agus bun-oideachas ar fud na cruinne.

Tuigimid gur cuma sa tsioc le lucht an rachmais fán mhéid daoine atá i gcruachás ar fud na cruinne a fhad is atá brabús is airgid le déanamh acu féin. A fhad is atá lucht an rachmais i réim, mairfdh daoine i gcruachás. Tá a lán daoine den tuairim fosta go dtugann sé leithscéal do rialtais na cruinne a dhath ar bith a dhéanamh ar son na mbocht nuair a thugaimid tacaíocht do lucht carthannachta.

San am céanna, tá iarrachtaí déanta ag lucht carthannachta in Éirinn aird an phobail a dhíriú ar na deacrachtaí seo. Ta cuid acu ag déanamh a seacht ndícheall daoine a chur ar an eolas i dtaobh míchothromais sa domhan is ag déanamh rud éigin ar an phointe chomh maith.

Tá 'Lá Troscaidh' eagraithe ag Concern 25 Samhain. Ní amháin go bhfuil daoine ag tacú le lucht an Tríú Domhain ach bíonn tuiscint níos soiléire acu ar an fhulaingt is troscadh de shaghas éigin déanta acu. Má bhíonn ocras orthu, tuigeann siad gur a rogha féin a bhí ann gan bia a ithe is nach mairfidh sé ach 24 uair a chloig.

Ní amháin sin ach tá eagraíochtaí mar Oxfam, Bóthar agus Trócaire ag cur roghanna eile ar fáil do cheannaitheoirí. Is féidir le daoine bronntanais fíor-tábhachtacha a cheannach idir shíolta, uirlisí oibre, ainmhíthe feirme de gach saghas, crainn, pumpaí uisce, gléasanna cócaireachta, gallúnach, cógas leighis agus eile.

Anois, níl an t-ádh dearg ar gach duine a bheith i mbun feachtas siopadóireachta i rith an tséasúir seo le truflais a cheannach nach bhfuil de dhíth ag éinne. Má tá airgead le cur amú ag daoine, áfach, thiocfadh rudaí níos éifeachtaí a dhéanamh leis an airgead céanna.

Gluais

caipitleach capitalist

fógraíocht advertising

comhlachtaí ilnáisiúnta multinational companies

sibhialtaigh citizens

ceannaitheoirí consumers

comharsanacht neighbourhood

míchothromais injustices

truflais trash

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní raibh a dhotháin riamh ag éinne ach an té a bhí sásta lena raibh aige.'

Is mór an trua nach raibh níos mó daoine sásta lena raibh acu. Faraor tá níos mó de lucht an rachmais ag cur lena saint i gcónaí is ag bailiú saibhreas an tsaoil leo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland