Top Issue 1-2024

18 November 2004 Edition

Resize: A A A Print

Teamhair Abú!

"It will be a monumental eyesore and permanent scar on this intact archaelogical environment." Conor Newman and Joe Fenwick, speaking on the plan to route the M3 motorway near Tara Hill

Níl amhras ar bith ann ach go nglactar le Teamhair na Ríthe mar croílár ársa na tíre. Tá spiorad iontach taobh thiar den suíomh naofa seo, rud a mhusclaíonn anam miotasach ionainn ar fad.

Tuigimid gur láithreán naofa seo ó 2000 R.C. ar aghaidh óir tá séadchomharthaí níos sine ná pirimidí na hÉigipte fiú, scaipithe ar fud na háite.

Ansin, nuair a tháinig na Ceiltigh, glacadh leis an suíomh mar croílár spioradálta na tíre agus Ardrí na tíre a roghnú acu. Tuigimid gur mhair déithe Thuatha Dé Danann ann agus cé atá ag gabháil a rá nach bhfuil siad ann ar fad?

Cibé ar bith, deirtear linn gur roghnaigh na déithe an rí nuair a ghluais an duine cuí thart ar an Lia Fáil. Scairt an cloch draíochta le gáir ó na spéartha agus tuigeadh cách ina thimpeall go raibh Árdrí tofa ag na déithe. Bhí an Ardrí curtha faoi gheasa ag bandia na tíre agus creidtear go raibh dualgas air trí ghealltanas a ghlacadh mar chúram le linn dó a bheith i réim. Dá mbeadh sé in ann cloí leis na gealltanais, bheadh rath ar an tír ach dá dteipfeadh air, bheadh cruachás is céasadh le fulaingt ag mhuintir na tíre. Faraor, áit ina raibh an Lia Fáil lonnaithe, bhí sé mar a bhí 'naofacht na naofachta' ann óir ní raibh cead ach ag an Ardrí dul isteach ann. Creidtear go ndearna sé teagmháil le spioraid osnádúrtha ar son na hÉireann.

Bhí ríogacht is naofacht na háite nasctha go héifeachtach le chéile go dtí gur tháinig Naomh Pádraig le cur isteach ar chúrsaí. Ar ball ansin, sa séú aois, chuir Naomh Ruadhán mallacht de chineál éigin ar an áit.

Ar aon nós, mhair clú is cáil Theamhair ar feadh na glúnta ina dhiaidh. Tá ceangail láidir ag Fionn Mac Cumhaill, Cormac Mac Airt, Laoghaire, muintir Uí Néill, Dónall Ó Conaill agus foireann peile na Mí agus iad uilig i mbéal phobail na tíre agus an áit ársa seo i gceist.

Anois, tá an bagairt is mó ag teacht de thairbhe an cinneadh ón Bhord Pleanála tacú le plean forbartha M3. Shocraigh siad tacú leis an fhorbairt seo 25 Lúnasa 2003.

Tá feachtas eagraithe i rith an ama ag cur i gcoinne na pleananna seo. Admhaítear go bhfuil sé riachtanch bóithre éagsúla a fheabhsú is cuarbhóithre a thógáil thart ar bhailte éagsúla ach ní ghá M3 a thógáil chomh gar sin do Theamhair ar chor ar bith. Níl éileamh cinnte cruthaithe ná níl plé iomlán ar na roghanna eile déanta ach oiread.

Cén fáth a bhfuil Dáil Éireann ag iarraidh 14 billiún euro a chaitheamh ar bhóithe, línte traenacha a ghearradh nuair atá rialtais eile san Eoraip ag déanamh a ndícheall a mhalairt a dhéanamh. Iad ag iarraidh modhanna taistil a fhorbairt nach mbeidh ag brath go hiomlán ar ola, iarrachtaí atá tuisceanach don timpeallacht.

Is cosúil gur roghnaigh dream beag daoine an rogha seo ar mhaithe le brabús mór a dhéanamh. Moltar trí féidireachtaí eile:

1.Feabhas a chur ar an N3 atá ann cheana.

2.An líne traenach idir Bhaile Átha Cliath is an Uaimh a athoscailt.

3.M3 a chur ar atreo.

De réir na pleananna atá ann anois, beidh an M3 1.5km ó Theamhair na Ríthe féin ach truaillfidh sé an ceantar máguaird agus ní fios go fóill cá mhéad séadchomharthaí a bheas scriosta. Ní sheasann argóint ar bith leanstan ar aghaidh leis an tubaiste.

Iorónta go leor go raibh na focail seo a leanas scríofa ag Dúghlas De hÍde, George Moore agus WB Yeats 27 Meitheamh 1902 sa Times i Londain:

"Tara is, because of its associations, probably the most consecrated spot in Ireland, and its destruction will leave many bitter memories behind it." British Israelites a bhí ag dul damaiste a dhéanamh an uair úd, ná ligimid do lucht an rachmais a gcuspóirí a chomhlíonadh.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ag www.taraskryne.org agus achainí ar líne a shíneadh ann.

AN DRAOI RUA

Gluais

anam miotasach mythical soul

séadchomharthaí monuments

croílár spioradálta spiritual heart

naofacht na naofachta holy of holies

spioraid osnádúrtha supernatural spirits

cuarbhóithre bypasses

Seanfhocal na Seachtaine

'Go n-éirí an bóthar leat!'

Fadó, deirtear gur tháinig cúig bóithre le chéile ag Teamhair. Anois guímid nach scriosfaidh mótarbhealach an ceantar.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland