Top Issue 1-2024

11 November 2004 Edition

Resize: A A A Print

Na Deartháireacha Uí Lochnáin

Harry and Pat Loughnane

Harry and Pat Loughnane

'They were taken in a lorry under a military escort,

From their place Shanaglish, three miles south east of Gort.

They were dragged behind the lorry for three miles along the road,

Till the blood rushed through their faces, and their bodies bruised all o'er,

They were taken to Drumharsna Castle on that still November day,

More tortures to endure, as the blood burst from their bodies,

And their roars could be heard for miles away,

As they stood before the blows, which were given by our enemies,

What they suffered God only knows.

Their bodies were brutally burned, as they lay upon the ground.

Then thrown into a pond, to prevent them from being found.'

Línte Amhráin ó Mrs Mattie Kelly

Is iomaí scéal tragóideach atá againn in Éirinn agus maireann gach uafás linn i gcónaí. Is tábhachtach an rud é comóradh a dhéanamh ar an mhéid a d'fhulaing ár sinsear romhainn. Tá neart le foghlaim ó eachtraí staire agus ceachtanna ann don lá inniu is amáraigh. Faraor, tá scéal uafásach le hinse i ngach aon ceantar in Éirinn. Agus an scéal seo ó dheisceart na Gaillimhe á léamh, is dócha go gcuimhnítear ar Bhá Guantanamó nó ar Abu Gharib ar na mallaibh.

Scríobh Brian Greaney cuntas stairiúil ar na deartháireacha Uí Lochnáin i 1955 agus cuimhne mhaith ag muintir na háite ar na sonraí ar fad a thit amach. Bhailigh sé na tuairiscí ar fad ó dhaoine áitiúla a bhí ann ag an am.

Bhí Pádraig agus Anraoi Ó Lochnáin ina mball de Shinn Féin sa cheantar, dúradh gur iománaithe den scoth a bhí iontu agus chónaigh siad lena máthair i Sean Eaglais, taobh amuigh de Ghort Inse Guaire.

Dé hAoine, 26 Samhain 1920, bhí na deartháireacha ag obair i meitheal oibre ar an fheirm nuair a tháinig na Auxilaries i lorraí. Tháinig na saighdiúirí timpeall ar na fir agus thoaigh ag scaoileadh piléir. Níor maraíodh einne ag an phointe seo. Bhí póilín ansin a dhírigh a mhéar ar na deartháireacha Uí Lochnáin. Gabhadh iad láithreach agus caitheadh ar chúl an lorraí iad. Rinneadh neamhaird de ghach duine eile agus tógadh ar shiúl na deartháireacha.

Le linn dóibh a bheith ag taisteal, ciceadh agus bualadh iad ar an lorraí. Bhain an hAuxilaries úsáid as a ngunnaí lena bualadh thart ar a gcloigne fiú. Ar a mbealach chuig na beairicí i nGort Inse Guaire, chuardaigh na hAuxilaries teach eile ag iarraidh teacht ar airm. Theip orthu teacht ar airm agus tógadh greasáil níos troime do na deartháireacha. Ansin nuair a shroicheadh na beairicí, bhí seal ag cheithre phóilín déag na deartháireacha a ghreadadh ar feadh uair a chloig.

Ina dhiaidh dóibh dath na ndaol a fhágáil ar an bheirt, thug na póilíní na deartháireacha ar ais do na hAuxilaries. Thosaigh na Sasanaigh ar a mbealach chuig a gceanncheathrú i gCaisleán Dhroim Ársa. Stad siad ag siopa ar an bhóthar agus ghlac siad rópa leo. Cuireadh brú ar na deartháreacha rith os comhair an lorraí go dtí go raibh siad ag titim i laige. Ansin, ceanglaíodh an rópa thart ar a mbrollaigh is feistíodh iad don lorraí. Tharraing na saighdiúirí na corpacha ina ndiaidh ar feadh trí mhíle ar an bhóthar. Faoi dheireadh, tugadh na deartháireacha chuig ceanncheathrú na hAuxilaries.

An oíche sin, ag 11 in, tugadh na deartháireacha go coill 'Moy O Hynes'. Bhí ceithre philéar cloiste ag an am. Deirtear, áfach, go raibh éagaoin le cloisteáil ó Anraoi an maidin dár gcionn.

Maidin Dhomhnaigh, 28 Samhain, ghlac na hAuxilaries na corpacha go 'Umbriste', níos cóngaraí do Ard Rathain. Cuireadh na corpacha trí thine. Ansin rinneadh iarracht iad a adhlacadh ach theip orthu sin a dhéanamh i gceart agus shocraigh siad corpacha na ndeartháireacha a chaitheamh i linn dorcha. Caitheadh ola sa linn fosta sa dóigh is go mbeadh sé níos deacra iad a aimsiú.

Oíche Luain, thug na Auxilaries cuairt ar an mháthair l'inse di 'gur éalaigh na deartháireacha uathu.'

Ina dhiaidh sin, thosaigh gaolta is cairde ag cuartú thart fán tuath. Luigh na corpacha sa linn salach le breis agus seachtain. Sa deireadh, bhí brionglóid ag col ceathrar dóibh, Micheal, go bhfaca sé a gcorpacha san linn salach ag 'Umbriste', agus thángthas ar na corpacha.

Bhí na corpacha do-aitheanta. Dódh iad go dona, bhí na litreacha I. V. scríofa i bhfeoil a gcorpacha na bhfear ar fháth éigin. Bhí méaracha caillte ag Anraoi is a sciathán dheis stroichthe go hiomlán as a ghualainn. Bhí lámha is cosa Phádraig briste fosta. Bhí cuma orthu gur pléascadh gránáidí ina mbéala. Bhí Pádraig 28 d'aois, Anraoi 23 d'aois.

Bhí fiosrúchán i mbeairicí Ghort Inse Guaire 8 Nollaig 1920. Thug oifigeach míleata tuairisc gur gabhadh na deartháireacha 26 Samhain is gur éalaigh siad an oíche sin. Bhailigh sé na fórsaí ansin leis na deartháireacha a fháil ach theip orthu. Thug beirt dhochtúir tuairisc eile ag rá nach raibh siad ábalta na corpacha a aithint. Níor cáineadh an méid a tharla ná níor léiríodh aon trua do ghaolta na marbh. Níor fhoilsíodh torthaí ar bith ón fhiosrúchán ach oiread.

Maireann clú agus cuimhne na ndeartháireacha seo go tréan i gcuimhne an phobail i ndeisceart na Gaillimhe. Beidh comóradh ar siúl arís i mbliana ag 2.30i.n. Domhnach 28 Samhain ag Crósbhóthar Fogarty in aice le Ard Rathain. Is é Dermott Connolly, Comhairleoir Shinn Féin i gCo. na Gaillimhe, a bhéas mar aoíchainteoir ag an ócáid. A thuilleadh eolais 087 4165616

AN DRAOI RUA

Gluais

fulaing suffer

cuntas account

meitheal oibre working party

beairicí barracks

greasáil beating

greadadh battering

dath na ndaol black and blue

ceanncheathrú headquarters

titim i laige fainting

feistíodh iad they were fastened

éagaoin moaning

adhlacadh buried

stroichthe torn

pléascadh gránáidí grenades were exploded

fiosrúchán inquiry

Seanfhocal na Seachtaine

'Beannacht Dé le hanamacha na marbh.'

Cad eile is féidir a rá?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland