Top Issue 1-2024

4 November 2004 Edition

Resize: A A A Print

Smachtbhannaí ar Airm

"Having seen the cost in human suffering by conflicts wrought on innocent men, women and children, in Africa and around the world, I believe that it is time the world had an international framework on arms control."

Desmond Tutu

Tá bliain caite anois ó thosaigh Amnesty International, Oxfam agus IANSA feachtas idirnáisiúnta le smacht a chur ar an mhéad airm a dhíoltar ar fud na cruinne.

Cé go bhfuil an feachtas seo ag dul i bhfeidhm ar roinnt tíortha ar fud an domhain, tá sé feicthe go bhfuil méadú i gcaiteachas ar airm sa domhain. Sa bhliain 2003 caitheadh 18% breise ar airm. Fá láthair, creidtear go bhfuil 639 milliún airm beaga sa domhain, is é sin arm amháin do gach deichniúr. Déantar 8 milliún airm beaga nua gach bliain. Inniu i SAM tá 16 billiún urchair airm ar fáil, is é sin dhá urchar le haghaidh gach duine beo sa domhain. Cinnte, ní bheidh siad uilig beo má bhaintear úsáid as na hurchair. Tá níos mó ná míle comhlachtaí éagsúla as beagnach céad tír ag soláthair na hairm beaga seo.

Le fírinne, tá sé deacair a shamhlú an oiread airm atá le fáil ar fud na cruinne. Níl siad uilig riachtanach. San am céanna, is deacair smaointiú ar dhomhain nach bhfuil airm ar bith ann, ach bhí tráth.

Níl amhras ar bith ann ach go gcruthaíonn na comhlachtaí airm fáthanna lena thuilleadh airm beaga is móra a chruthú. Ar ndóigh, tuigtear go raibh na comhlachtaí céanna ag tacú le George W. i gcónaí. Ní cheannaíonn an Pentagon ach airm a raibh in úsáid i fíorshuíomh cogaíochta agus a bhfuair teastas cailíochta dá bharr. Má éiríonn leis na comhlachtaí airm a chruthú go bhfuil na hairm úrnua ollchumhachta seo iontach éifeachtach i bhfeachtas cogaíochta, beidh conradh tugtha dóibh arbh fhiú idir $50 agus $60 billiún gach bliain. Le linn an fheachtas buamála ar an Iaráic anuraidh, úsáideadh neart airm úrnua agus chualathas a lán ráiméis fán dóigh a raibh na buamaí iontach 'cruinn', 'beacht' agus 'glan'.

Is ins sa chúlra seo a bhfuil feacohtas ar siúl le breis agus bliain anois le smacht a chur ar airm sa domhain. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an fheachtas go nglacfar le conradh ar thrádáil airm go hidirnáisiúnta ag an chéad comhdháil airm eile de chuid na Náisiúin Aontaithe i 2006. Is ceist práinneach í seo agus ní chóir go mbeadh rialtais na cruinne ag breathnú thart orthu ar an léirscrios ar fud an domhain.

Dá mbeadh conradh airm i bhfeidhm, bheadh dualgas ar gach rialtas cloí le rialacha agus le caighdeán idirnáisiúnta. Creidtear go gcuirfeadh dlíthe idirnáisiúnta smacht de chineál éigin ar chúrsaí agus nach mbeadh na hairm le fáil go forleathan ag dúnmharfóirí gan trócaire.

Go dtí seo, thacaigh breis agus 200,000 duine leis an fheachtas agus tá tacaíocht léirithe ag na tíortha seo a leanas: An Bhrasaíl, an Chambóid, Mailí, an Mhacadóin, Cósta Ríce, an Fhionlainn, an Ísiltír agus an Bhreatain fiú. Iorónta an rud é go dtacaíonn rialtas Tony Blair le conradh airm agus iad ar an dara dream is mó a chuireann airm thar tír amach. Rinneadh iarracht brú a chur ar Dháil Éireann, agus iad i gceannas ar Uachtarántacht na hEorpa, tacú leis an fheachtas seo fosta ach dhiúltaigh siad. Leanfar leis an brú.

Tá sé iontach furasta a bheith ciniciúil i dtaobh an fheachtais seo. Dírítear ar na hairm beaga agus glactar leis go mbeidh cúrsaí níos fearr agus an domhain idirnáisiúnta i gceannas ar chúrsaí. Maise, cé atá ag dul smacht a choinneáil ar an domhain idirnáisiúnta?

Níorbh é go ndéanfar dearmad ar fad fá na hairm ollchumhachta is fá na lochtanna móra atá ag ceannairí domhanda ach caithfidh toiseacht ag phointe ar leith agus creidtear go bhfuil sprioc insroichthe anseo. B'fhéidir go mbeidh domhain gan airm againn am éigin sa todhchaí!

AN DRAOI RUA

• A thuilleadh eolais ar fáil ag www.controlarms.com

Gluais

feachtas idirnáisiúnta international campaign

caiteachas ar airm spending on arms

urchair airm rounds of ammunition

riachtanach necessary

teastas cailíochta certificate of quality

comhdháil conference

dúnmharfóirí gan trócaire murderers without mercy

Úachtarántacht na hEorpa Presidency of Europe

sprioc inshroichthe attainable goal

Seanfhocal na Seachtaine

'Tagann duine saor ó chogadh na bpiléar.'

Creidtear go mbíonn duine amháin ar a laghad fágtha ag deireadh gach cogadh leis an scéal a inse ach ní thig liom a bheith céad faoin chéad cinnte.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland