Top Issue 1-2024

28 October 2004 Edition

Resize: A A A Print

Fainic an Trom

As the Celtic year comes to an end, AN DRAOI RUA honours the elder, a tree of witchcraft and mischief.

Ba cheart a bheith iontach cúramach leis an trom. Is crann draíochta é seo agus creidtear go gcónaíonn cailleach in achan ceann acu. Ní nach ionadh go bhfuil roinnt rabhadh ann ina dtaobh:

Moltar dúinn cead a iarraidh ón 'mháthair mhór' sula ngearrtar géag ón chrann. Creidtear gur maith leis na sióga a bheith timpeall troim ach go dtréigeann siad an comharsanacht má ghortaítear é. Tugann siad aire do thithe in áiteanna ina bhfuil troim ag fás. San am céanna, áfach, creidtear nach bhfuil le fáil i gceantar mallaithe ach neantóga, traonaigh agus troim.

Deirtear nár cheart adhmad troim a dhó choíche óir beidh an bás nó an diabhal le teacht chuig cibé duine a dhéanfadh a leithéid. Dá bhrí sin, creideann neart daoine nár chóir an t-adhmad ná na bláthanna a thabhairt isteach in am ar bith.

In áiteanna éagsúla creidtear go bhfuil sé contúirteach codail faoi trom óir tá boladh támhshuanach ó na duilleoga is ó na bláthanna.

Ar ndóigh, ní chóir dúinn páistí a bhualadh in am ar bith ach ní cheart páistí a bhualadh le slat troim go háirithe. Tuigimid go laghdaíonn caitheamh tobac déagóirí ag fás ach deirtear nach bhfásfadh páistí i gceart i ndiaidh bhúille ón throm ar chor ar bith. Ní amháin sin ach deirtear, agus iad marbh, go bhfásann lámha daoine buailte le trom aníos ó na huaigheanna.

Ní chóir cliabhán a dhéanamh as trom óir gach seans go dtiocfaidh na sióga chuig an leanbh lena bhualadh gach oíche, é a thabhairt leo nó é a fhágáil tinn. Faraor, tá go leor fadhbanna ag leanaí na laetha seo gan a thuilleadh brú a chur orthu.

Tá drochchlú ar an trom ó thaobh na Críostaíochta de fosta. Deirtear go ndearna Críost iarracht foscadh a fháil faoi throm lá ach dhiúltaigh an crann dó. Ar an ábhar sin, tá sé ar an chrann dheireannach ar a dtagann duilleoga sa bhliain in Éirinn. De réir an tseanchais, chroch Iúdas é féin ó throm. Níos measa ná sin, creidtear gur céasadh Críost ar chros déanta as adhmaid troim.

Íorónta go leor, ach rinneadh crosanna beaga as adhmaid troim is crochadh iad sna scioból is i dtithe na mbeithíoch l'iad a chosaint. Tá cosaint sna duilleoga ó olcas fiú, is crochtar iad ar dhoirse oíche Bhealtaine.

Ná déanaimid dearmad gur féidir fíon iontach a dhéanamh le cuidiú ón throm. Déantar fíon bán blasta as na bláthanna agus tá fíon dearg fíor milis déanta as na caora. Ta bua ar leith ó shú troim l'aghaidh galair craicne fosta.

Agus oíche Shamhna ar an bhealach chugainn, beidh sióga le feiceáil ag daoine, má leanfar na treoracha seo a leanas: Is é an rud atá le déanamh ná sú glas ón adhmad a chur ar na caipíní súile is seasamh faoi throm in aice le lios sí oíche Shamhna. Ar ndóigh, ba cheart a bheith cúramach is sióga feicthe ag duine: seans go mbeidh an duine céanna ar shiúl leo.

Gluais

trom elder tree (not heavy, in this article)

rabhadh warning

mallaithe cursed

neantóga nettles

traonaigh corncrakes

támhshuanach narcotic

duilleoga leaves

cliabhán cradle

foscadh shelter

galair craicne skin diseases

treoracha guidelines

Seanfhocal na Seachtaine

'Dá olcas é Séamas, is measa a bheith ina éagmais.'

Seans go bhfuil a lán drochscéalta anseo i dtaobh an troim ach má tá, tá meas againn air ar fad.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland