Top Issue 1-2024

7 October 2004 Edition

Resize: A A A Print

Bua Pheil na mBan

Women's football still does not seem to get the recognition it deserves, even though it is the fastest growing sport in Ireland, writes AN DRAOI RUA.

Tá fás is forbairt ar fheabhas i ndiaidh teacht ar pheil na mban in Éirinn le déanaí. Cé nach bhfuil craobh uile Éireann ar siúl ach le haghaidh triocha bliain anois, is mór an comórtas atá idir na contaetha éagsúla.

Tuigim go bhfuil Corn Brendan Martin buaite ag Ciarraí 11 uair. Ar ndóigh, bheadh muid ag dúil go mbeadh siadsan chun tosaigh. Ach, níl craobh uile Éireann buaite ag mná na ríochta le breis agus deich mbliain anois, rud a thugann spreagadh ar leith do mhná eile ar fud na tíre. Is cosúil go bhfuil peil na mban ag éirí coitianta go leor is feictear go bhfuil foirne contaetha iontach cumasach sa chomórtas anois. Go dtí seo, tá Corn Brendan Martin buaite ag a leithéid de Phort Láirge, Múineacháin, Maigh Eo...

Anois, tá sampla maith tugtha ag buaiteoirí na bliana, foireann na Gaillimhe óir is é seo an chéad uair a d'éirigh leo craobh uile Éireann i ngrád na sinsear a bhaint amach agus a bhua. Bhuaigh siad sa chomórtas uile Éireann i ngrád na sóisear dhá bhliain ó shin. Léiríonn sé sin an oiread dul chun cinn arbh fhéidir a dhéanamh má tá an obair is an t-ullmhúchán cuí curtha i gcrích i gceart.

Shílfeá agus an oiread sin feabhas tagtha ar fhoireann na Gaillimhe go mbeadh tacaíocht den scoth taobh thiar dóibh. Ar an drochuair, ba chosúil nach raibh i gcumas údarás CLG i gcontae na Gaillimhe mórán de thacaíocht a léiriú. Cé gurbh é seo an chéad uair riamh a bhí banpheileadóirí na Gaillimhe i gCluiche ceannais Sinsir na hÉireann, d'eagraíodh cluiche ceannais peile contae i bPáirc an Phiarsaigh ar an lá céanna. (Déarfainn nach mbeadh an Piarsach féin ar aon intinn leo.) Ba é an leithscéal a bhí ag oifigigh na Gaillimhe ná go mbeadh curaidh na Gaillimhe le bheith in aghaidh curaidh Shligigh 17 Deireadh Fómhair agus go raibh coicís de dhíth orthu ar eagla go mbeadh athimirt ann. Chuala mé, áfach, gur dhiúltaigh cuid mhór de thacadóirí na bhfoirne dul chuig an cluiche i bPáirc an Phiarsaigh toisc gurbh fhearr leo tacú le mná an chontae.

Rinneadh an feall céanna ar fhoireann na mban as Cill Dara a bhí i gcomórtas le Sligeach i ngrád na sóisear. Seá, d'eagraíodh cluiche ceannais peile contae i gCill Dara nuair a bhí mná an chontae i bPáirc an Chrócaigh. Dála an scéal, d'éirigh le muintir Shligigh cluiche ceannais peile contae a chur siar seachtain as siocair go raibh a bhfoireann sóisir ag imirt i bpeil na mban ar an lá céanna. Ní fios cad chuige nach raibh oifigigh CLG na Gaillimhe is Cill Dara in ann an rud céanna a dhéanamh. D'ainneoin oifigigh CLG na contaetha, d'éirigh le Gaillimh agus Cill Dara sna cluichí ceannais.

Caithfidh a rá go raibh sár-thaispeántais spóirtiúla sna dá chluichí an Domhnach seo caite. Ní fhaca mé oiread agus cárta buí amháin léirithe d'imreoir ar bith. Le fírinne, ba chóir a admháil go raibh cluiche ceannais na mban níos fearr ná cluiche ceannais na fir. Bhí coimhlint den scoth idir Bhaile Átha Cliath is na Gaillimhe.

Tuigtear anois gurb iad Gaillimh an chéad chontae le bua a fháil sna ceithre chomórtás i gCraobh na hÉireann; Peil, Iomáint, Camógaíocht agus Peil na mBan. Anois, sin dúshlán do gach contae eile in Éirinn.

Gluais

fás is forbairt growth and development

spreagadh encouragement

coitianta popular

cumasach powerful

ullmhúchán preparation

tacadóirí supporters

d'ainneoin in spite of

sár-thaispeántas a superb exhibition

dúshlán challenge

Seanfhocal na Seachtaine

'Sláinte na bhfear is go maire na mná go deo!'

Is iomaí dóigh atá againn le 'sláinte' a rá is muid ag ól. B'fhéidir gurb é seo ar cheann de na cinn is fearr linn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland