Top Issue 1-2024

5 December 2011

Resize: A A A Print

Ní pobal tuaithe amháin atá i gecist

Táillí Séarachais indán do gach teach sa tír?

Phil Hogan

TÁ AN t-uafás cainte tarraingthe ar fud na tíre ag an díospóireacht maidir le cúrsaí séarachais agus b’fhéidir go gceapann lucht na mbailte nach mbaineann sé leo, ach fan go bhfeicfidh sibh!
Bhí níos mó plé ar an mBille um Sheirbhísí Uisce (Leasú) sa Seanad ná aon bhille eile ó toghadh an Seanad úr seo. Ach, má bhí féin, bhí níos mó ceisteanna ná freagraí againn nuair a bhí an chaint déanta.
Go gonta, tá an bhille seo dhá thabhairt isteach chun dul i ngleic le truailliú uisce talúna. Tá Éire ag sárú rialachán de chuid an Aontas Eorpaigh agus tá fíneálacha €27,000 sa ló ag titim orainn dhá bharr. Cuireadh an rialachán in áit 36 bliain ó shoin agus bhí neart deiseanna ag Rialtais éagsúla le treoirlínte a chuir i bhfeidhm sna Comhairlí Chontae chun mianta an Aontais a shásamh, ach níor déanadh sin, ach amháin i gContae an Chábhán.
Meastar freisin nach iad na dabhachanna séarachais is mó atá ag déanamh dochar ach an easpa infheistíochta sna córais poiblí agus grúpscéimeanna séarachais le riar mhaith blianta anuas. Ach, níor tugadh cead dúinn seo a thógáil san áireamh sa bplé ar fad.
Na deacrachtaí is mó atá ag Sinn Féin leis an mBille seo ná go raibh muid ag plé píosa reachtaíochta gan eolas ar bith a bheith tugtha faoin caighdeán glaineachta uisce a bheidh leagtha síos. Ag pointe amháin dúirt an tAire Comhsaol, Phil Hogan, gur ag tástáil an eisilt a bheifear agus gur cuma cén cineál córas atá ag duine, níos déanai dúirt sé gur ar an gcóras féin a bheifear ag déanamh an scrúdú. Ní ionann an dá rud. Tá seo tábhachtach i gcomthéacs aois an tí agus an dabhach a ghabhann leis agus an gá a bheidh ann chun uasghrádú a dhéanamh má tá na rialacháin dhá shárú.
Deir an tAire nach bhfuil an ‘caighdeán’ a leagfar síos socraithe go fóill. D’fhiafraigh muid dhe má bhí breith tugtha ag Cúirt na hEorpa agus fíneáil le gearradh orainn de bharr nach bhfuil an ‘caighdeán’ sroichte againn - agus é ráite le Comhairle Chontae an Chábhán go raibh ‘caighdeán’ iadsan sásúil, nach cinnte go bhfuil slat tomhais de chineál éigin ag an Roinn agus nár chóir sin a phlé nuair atá forálacha an bhille féin idir lámha?
De réir an bhille chomh maith caithfear chuile dhabhach séarachas sa Stát a chlárú agus níl aon fhadhb againn leis sin, ach tá fadhb againn leis an táille a théann leis. Anois, deir an tAire linn gur táille aonuaire €50 a bheidh ann, ach d’fhéadfadh sin ardú de réir an Bhille seo chuig €200 amach anseo. Cé go bhfuil páirtithe an Rialtais ag rá nach bhfuil anseo ach táille ainmniúil atá ‘beag go leor’, bhí muid ag iarraidh cur ina luí orthu go bhfuil an t-uafas daoine sa tír seo faoi láthair nach bhfuil an méid sin féin le spáráil acu. Tá daoine buailte ag costais breise cheana féin cosúil leis an USC, táillí breise oideachais agus táillí tí, uisce, brúscar, cártaí leighis agus eile ar na bacáin chomh maith. Is cáin dúbáilte atá sa táille clárúchán chomh maith. Tá an dream a bhfuil na dabhachanna seo acu ag íoc cáin isteach sa Státchiste cheana féin le bunseirbhísí a fháil agus b’fhéidir comharsain béal dorais leo atá ar chórais poiblí saor ón gcostas.
Ach an bhfuil? Tá an cur síos atá déanta ar na córais séarachais sa bhille leathan go leor, dar linne. Cé go ndeir an tAire linn nach bhfuil i gceist ach dabhachanna séarachais féinseasmhacha a chlárú, d’fhéadfadh Aire éigin eile amach anseo léamh eile a bheith acu. Is é an cur síos a dhéantar sa bhille ar ‘Domestic Waste Water System’ ná ‘all septic tanks and waste water tanks and systems receiving, storing treating or disposing of domestic waste water and all drains associated with such tanks or systems’. D’fhéadfá an chiall a bhaint as sin go bhfuil aon teach sa tír atá ceangailte le córas séarachas de chineál ar bith san áireamh. Go deimhin, luaigh roinnt de Sheanadóirí an Rialtais na táillí a bhí le baint amach ar ‘gach teach sa tír’, le linn na díospóireachta - rud a chuirfeadh leis an tuairim seo.
Tá an córas cigireachta agus na píonóis a théann leis iontach míshásúil chomh maith. Tá sé i gceist an córas cigireachta a dhéanamh faoin Údarás Uisce ach úsáidfear ‘daoine príobháideacha’ len é a chuir i bhfeidhm.  Bhí muid ag iarraidh go n-úsáidfaí foireann na gComhairlí Chontae chuige seo mar bheadh imní orainn faoi chigirí a bheadh ag smaoineamh ar chothú ioncam dóibh féin seachas caomhnú comhshaoil amháin. Tá deacracht againn, chomh maith, nach mbeidh daoine in acmhainn na píonóis a íoc muna mbeidh siad cláraithe, ná chun uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid córais sa gcás go dteipeann siad agus gur sna cúirteanna a chríochnoidh siad agus taifead coiriúil acu dá bharr.
Bhí os cionn cheithre scór leasú molta againn mar fhreasúra don bhille, ach níor tugadh cead dúinn ach an ceathrú cuid díobh a phlé mar is ceart. Bhí an tAire ag iarraidh muinín a chuir ann agus glacadh le geallúintí a thug sé le linn na díospoireachta. Ach, is beag iontaobh atá againn as baill Rialtais atá ag loic go laethúil ar gheallúintí go leor a rinne siad roimhe seo.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland