Top Issue 1-2024

23 September 2004 Edition

Resize: A A A Print

Ionradh Eile

Zebra mussels

Zebra mussels

Ireland has suffered many invasions throughout its history. Now, it seems that the zebra mussel has invaded in force over the past decade, writes AN DRAOI RUA.

Is iomaí scéal atá againn ag cur síos ar dhreamanna éagsúla ag teacht i dtír agus fán tionchar a bhí orthu ar an phobal a bhí anseo rompu. Cuireann cuid de na scéalta seo síos ar an chéad glún a tháinig anseo, ar na Tuatha Dé Danann, ar Chlann Míl, ... suas go tréimhse na Críostaíochta, na Lochlannaigh, na Normannaigh is na Sasanaigh. Tá daoine ag teacht go hÉireann go fóill agus tá gach fáilte rompu. Is maith linn uilig cuairteoirí a fheiceáil ag teacht inár dtreo a fhad is nach bhfanann siad thar fhad na fáilte is nach ndéanann siad dochar is iad ar cuairt. Is dócha gur sin an fhadhb a bhí ag cuid mhór de na Sasanaigh, níor thuig siad an méid sin!

Tuigimid gurbh iad na Normannaigh a thug an madaidh rua, coiníní agus cearca anseo. Cé gurbh iad na Sasanaigh a scrios cuid mhór denár gcoillte dúchasacha, ghlac siad crainn gallda anseo chomh maith; an seiceamar, crann cnó capaill is eile. Tá daoine eile den bharúil gurbh iad muintir na Fraince a ghlac francaigh go hÉireann ach ní féidir a bheith cinnte óir ní raibh siad in am le haghaidh Éirí amach 1798.

Le déanaí, ní thig linn an locht a chur ar dhream ar leith ach tá le feiceáil go bhfuil a lán minceanna le fáil go flúirseach ar fud na tíre. Dúradh liom go raibh a leithéid ag feirmeoirí nuair a bhí ráchairt ar a gcraicne. Nuair nach raibh toil an phobail ag tacú leis an fhaisean seo a thuilleadh, scaoileadh saor iad is tá siad ag scaipeadh leo ó shin.

Tá ionradh eile ag tarlú le blianta beaga anuas fosta. Cé go dtagann siad ón Mhuir Chaisp ó dhúchas, tá diúilicíní séabra in Éirinn 'de thimpist' ó 1994. Deirtear 'de thimpist' ach gach seans go raibh siad greamaithe ar bhád éigin... ó Shasana b'fhéidir! Bhuel cuirfidh muid an locht orthu siúd cibé.

Is féidir leis na diúilicíní séabra seo maireachtáil as an uisce ar feadh roinnt seachtaine. Maireann siad idir dhá is trí bhliain agus bíonn suas le 30,000 de shliocht ag achan ceann acu gach samhradh. Tá le tuiscint go bhfuil na diúilicíní gallda seo le fáil i lochanna, aibhneacha agus uiscebhealaí éagsúla na tíre, 56 san iomlán. Cinnte, tá na diúilicíní dúchasacha go mór i mbaol.

Rinneadh taighde ar na himpleachtaí ar Loch Cé i gCo. Ros Comáin. Tugadh faoi deara go raibh na diúilicíní séabra ansin i 1997 ach faoi 1999, bhí suas le 6 billiún acu ann. Deirtear go bhfuil 34 billiún acu sa loch sin fá láthair ach go bhfuil na cinn dúchasacha imithe in éag ar fad. Creidtear go raibh na cinn dúchasacha anseo ón oighearaois.

Tá le tuiscint go bhfuil na diúilícíní séabra seo iontach éifeachtach ag scagadh uisce. Gach lá, téann líotar amháin trí dhiúilicín amháin. Creidtear go scagann na diúilicíní an t-uisce ar fad i loch taobh istigh de mhí gan stró.

Cé go bhfuil cuma geal ar an uisce ina bhfuil na diúilicíní gallda, ní hionann sin is go bhfuil an t-uisce glan. Fágann siad neart salachair ag bun lochanna is fásann i bhfad barraíocht fiailí leo fosta.

Tá píobaí uisce go mór i gcontúirt ó na diúilicíní séabra seo fosta. Tá an oiread sin acu sna SAM fá láthair ná go raibh $7 billiún caite ag glanadh na piobaí le déanaí. Seans nach bhfuil an fhadhb sin againn in Éirinn go fóill ach beidh deacrachtaí móra ann muna gcuirfear smacht ar an ionradh.

Tá iarrachtaí móra déanta ag Institiúid Teicneolaíochta i Sligeach le cosc a chur ar scaipeadh. Tá comhdháil ar siúl acu in Inis, Co. an Chláir i rith na seachtaine seo agus é i gceist acu díriú ar an fhadhb seo ar bhun idirnáisiúnta. Tá ionadaithe ó 32 tír le bheith i láthair. Go n-éirí leo!

Gluais

tionchar influence

coillte dúchasacha native forests

minceanna mink (pl.)

Muir Caisp Caspian Sea

diúilicíní séabra zebra mussels

impleachtaí implications

imithe in éag become extinct

oighearaois ice age

ag scagadh filtering

comhdháil conference

Seanfhocal na Seachtaine

'Fásann cogall roimh chruithneacht.'

Is cosúil go scaipeann an drochrud i bhfad níos fusa i gcónaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland