Top Issue 1-2024

2 September 2004 Edition

Resize: A A A Print

Súil Siar ar na Cluichí Oilimpeacha

Gold medalist Cian O'Connor

Gold medalist Cian O'Connor

A DRAOI RUA looks back at some of the stories of the Athens Olympic Games and ponders what we might have to look forward to.

Is dócha gurb é an scéal is mó ó na Cluichí a bheas le cuimhniú ag Éireannaigh ná gur éirigh le Cian Ó Conchúir bonn ór a bhua. Le fírinne, ní thuigim cad chuige nár bhronnadh an bonn ar an chapall, Waterford Crystal. Nárbh é an capall a rinne an obair ba mhó agus fear á iompar aige agus é ag léim thar na claíocha?

Thosaigh na nuachluichí Oilimpeacha san Aithin i 1896. Ní raibh ach naoi gcineál spóirt agus 241 lúthchleasaí ann an uair sin. Le déanaí san Aithin, bhí breis is deich míle go leath lúthchleasaí as níos mó ná dhá chéad tír páirteach i 28 spórt éagsúla.

Dúradh gur chuir Éire an foireann is lú uaithi chuig na Cluichí. Bhuel, creidim féin go raibh foireann i bhfad níos lú againn i 1896. Rinneadh go leor gearáin nach raibh ag éirí go maith leis na Éireannaigh ar chor ar bith. Ba cheart a admháil, áfach, gur éacht ann féin páirt a ghlacadh ina leithéid.

San am céanna, níl an cosúlacht orainn go bhfuileamar ró-aclaí sa tír seo a thuilleadh. Faraor, bhí ár leithéidí i bhfad níos ábalta ag éachtaí móra le linn aimsir Chúchulainn, Fionn Mac Cumhaill is na Fianna fadó, fadó...

Dar le taighde a rinne Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh, ní ghlacann dhá thrian de dhéagóirí páirt in aclaíocht ar bith ach go gcaitheann siad a gcuid ama ag breathnú ar an teilifís, ag súgradh le cluichí ríomhairí nó ag caint ar a ngutháin soghluaiste.

Is dócha go mbíonn an trian eile de dhéagóirí páirteach leis an Cumann Lúthchleas Gael óir níl cuma ar an scéal go bhfuil mórán áiseanna spóirt ar fáil againn. Is iontach an rud é go bhfuil lúthchleasaí ar bith ag an tír seo sna Cluichí Oilimpeacha.

B'fhéidir nach bhfuil cultúr ró-spórtúil orainn anois. Ní nach ionadh nuair nach bhfuil hallaí spóirt ag dhá thrian de bhunscoileanna in Éirinn. Dúirt Austin Corcoran, Uachtarán INTO, gurb é an príomhfháth nach raibh Éire ag déanamh go maith ag na Cluichí Oilimpeacha ná go raibh easpa ollmhór áiseanna spóirt ar fáil i scoileanna na tíre.

Cuireann sé isteach orm an leas pholaitiúil a bhaineann a leithéid de George W. Bush as na cluichí Oilimpeacha mar a rinne sé i bhfeachtas fógraíochta agus é ag ullmhú don toghacháin Uachtarántachta. Deirtear nach bhfuil polaitíocht ar bith leis an spórt ach ní féidir é a sheachaint i ndáiríre. B'fhearr liom féin tacú le lúthchleasaí ar bith atá i gcomórtas le SAM nó leis an Bhreatain nó leis...

Ar ndóigh, ná déanaimid dearmad fá éachtaí Fr. Horan a d'ionsaigh an fear ón Bhrasáil a bhí chun tosaigh sa maratón. Bhí filleadh beag á chaitheamh ag an tsagart agus é ag fógairt go raibh 'an dara theacht' le teacht. Ar aon nós, d'éirigh leis an t-Uasal de Lima ón Bhrasaíl bonn cré-umha a bhuachaint agus bronnadh bonn speisialta air chomh maith.

Go traidisiúnta, ní bhíonn na Cluichí Oilimpeacha ar siúl le linn tréimhse chogaíochta. Fiú fadó, fadó sa Ghréig bhíodh sos cogaíochta i réim do thréimhse na gcluichí. Ar an drochuair, níor chuireadh an comhrac ar ceal san Iaráic ar feadh coicíse.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil roinnt rudaí a thuilleann droch-chlú ar na cluichí; scéaltaí scanallacha drugaí, cúrsaí polaitíochta agus feachtais margaíochta a bhíonn ag na comhlachtaí ilnáisiúnta ollmchumhachta lofa. Deirtear go raibh breis agus $ 4.5 billiún de ioncam ag na cluichí san Aithin le déanaí agus brabús ollmhór le teacht go fóill dá bharr.

Níl a fhios agam an bhfuil sé inár gcumas pilleadh ar bunchúiseanna an spóirt mar onóir, féinmhuinín, aitheantas is gradam. Creidim go bhfuil sé mar dúshlán iontach romhainn iarracht a dhéanamh meon spórtúil a chothú is a spreagadh in Éirinn. Tá sé de cheart ag an chéad ghlún eile áiseanna spóirt a bheith ar fáil acu. Muna dtig linn sin a dhéanamh, b'fhéidir gur cheart dúinn laochra ár sinsir a thochailt ón fhód is athbheochán a thabhairt dóibh.

Gluais

claíocha fences

lúthchleasaí athlete

éacht achievement

taighde study

aclaíocht exercise

easpa ollmhór áiseanna a great lack of facilities

'an dara theacht' the second coming

comhrac conflict

comhlachtaí ilnáisiúnta ollchumhachta lofa very powerful rotten multinational companies

bunchúiseanna basic principles

dúshlán challenge

Seanfhocal na Seachtaine

'Is mór an spórt na prátaí nua.'

Cé nár éirigh chomh hiontach sin linn ag na cluichí oilimpeacha, b'fhéidir gur cheart dúinn ár n-aird a dhíriú ar an fhomhair atá le baint againn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland