Top Issue 1-2024

29 July 2004 Edition

Resize: A A A Print

Féilte Lugh

August has always been a great month for celebrations for the Celts, which all seem to originate as festivals in honour of Lugh, the king of the Celtic gods, writes

AN DRAOI RUA.

Ba é Lugh rí na ndéithe a bhí ag na Ceiltigh. Ní nach ionadh go dtugtar Lúnasa ar an mhí ina onóir.

Tá a lán cosúlachtaí idir an Lugh seo agus Dia mór na Críostaíochta. Creidim nach raibh sé chomh deacair sin do na Críostaithe gabháil i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann toisc go raibh an creideamh ar fud in Éirinn sular tháinig a leithéid de Naomh Pádraig i dtír. Tuigtear go roghnaítear an Domhnach deireanach de mhí Iúil le Cruach Phádraig a dhreapadh. Cuimhnítear gur 'Sliabh an Iolair' a bhí air sula raibh trácht ar bith ar Phádraig. San am céanna áfach , tá muintir na tíre seo go mór faoi thionchar na seantraidisiúin agus tá raon de thréithe Lugh go fóill i réim sa tír.

Seá , tosaíonn an Fómhar leis an chéad lá de mhí Lúnasa. Tá neart de na glasraí is na tórthaí éagsúla réidh le baint anois agus is cúis mór ceiliúrtha nuair atá fómhar iontach le baint againn.

Bíonn féilte móra á cheiliúradh sna tíortha Ceilteacha ag an tráth seo den bhliain go fóill agus tuigtear go bhfuil an ceiliúradh ar fad freamhaithe i dtraidisiún Lugh. Uaireanta, bíonn an fleá ar siúl ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil nó ar an chéad Domhnach de mhí Lúnasa sa dóigh is nach mbeadh lá oibre caillte le linn an tréimhse. Ar ndóigh, bíonn feirmeoirí iontach gnóthach agus an fómhair bharr.

Bhíodh deis ag lanúineacha óga teacht le chéile is tréimhse na féilte a chaitheamh mar a bhíodh siad pósta, is é sin 11 lá. Cuireadh 'déartharacha is deirfiúracha lammas' orthu siúd. Murar reitigh siad lena chéile, ní raibh drochchlú orthu má scair siad. I gcuid de na tíortha ceilteacha mhair an tréimhse triail-phósta ar feadh bliana. Cinnte, déantar roinnt cleamhnais le linn na féilte seo go fóill. Creideann roinnt daoine, áfach, nár chóir do éinne pósadh le linn an tréimhse seo óir beidh a chuid páistí iontach falsa. Is dócha nár chóir pósadh go dtí go dtí go mbeadh an fómhair bainte. Ní amháin sin ach creidtear go dtig le lanúin pósta iarlais a mhalartú ar mhaithe lena leanbh féin a fháil ar ais arís le linn féilte Lugh.

Bíonn neart torthaí is glasraí nua ar fáil má bhíonn an fómhair go maith go gcuirtear béilte de gach saghas ar fáil. Téann daoine go barr sléibhte le picnicí a bheith acu agus le breathnú anuas ar an talamh futhú. Creidtear go bhfuil an cumhacht is láidre ins sna toibreacha naofa ag an am seo freisin.

Níl amhras ar bith ann ach gur seo an tréimhse is mó do na féilte sna tíortha ceilteacha. Is é an t-aon fhadhb amháin ná go ndéanfar dearmad ar fad ar an obair le linn an ceiliúradh.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní féasta go rósta is ní céasta go pósta.'

Ar ndóigh brathann an seanfhocal go mór ar an lanúin pósta atá i gceist.

Gluais

cosúlachtaí comparisons

faoi thionchar influenced by

buaicphointe climax

lanúineacha óga young couples

iarlais a mhalartú to swop a changeling


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland