Top Issue 1-2024

3 November 2011

Resize: A A A Print

Na meáin agus páirtithe Rialtais easnamhach

McGuinness Abú!

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

AGUS MÉ dhá scríobh seo níl vóta ar bith caite i dtoghchán na hUachtaránachta, ach tá bua mórálta faighte ag Martin McGuinness agus Sinn Féin cheana féin sílim. Leathnaigh ainmniúchán an Leas Chéad Aire an díospóireacht maidir le ról agus roghnú Uachtarán na hÉireann, ach chomh maith leis sin d’ardaigh sé ceisteanna maidir le seasamh na bpáirtithe agus na hiarrthóirí ar cheisteanna maidir le Éíre Aontaithe, an chríochdheighilt, oidhreacht na dTrioblóidí agus an phroiséas síochána. Rud a d’fhág na meáin agus ag páirtithe an Rialtais easnamhach ina gcuid freagraí ach go háirithe.
Bhí fhios againn go mbeadh toghchán na hUachtaránachta salach, ach measaim nach raibh súil ag aon duine againn le cuid den suarachas a bhain leis an tráchtaireacht agus an dioscúrsa poiblí ó na polaiteoirí - ní amháin i leith Martin McGuinness ach maidir le gach iarrthóir nár bhain le páirtithe an Rialtais dar liom. Seans go ndéarfaidh daoine go bhfuil mise claonta, agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu, ach ní mheasaim gur chuir na tráchtairí an oiread brú ar Gay Mitchell agus Michael D Higgins agus a cuireadh ar na h-iarrthóirí eile ar fad.
Ach, an aiseolas a fuair mise ar an gcineál tráchtaireachta sin, ná dá déine is a bhí na ceisteanna agus dá mba mhó an claontacht a bhain leo, is ea is mó gur thaobhaigh an gnáthdhuine le Martin McGuinness, mar shampla. In áit daoine a iompú ina aghaidh is ea is mó a bhrú an tráchtaireacht seo daoine i dtreo fhear Dhoire. Bhí an rud céanna le feiceáil freisin i lár an fheachtais leis an ardú a tháinig ar thacaíocht do Seán Gallagher sna pobalbhreitheanna nuair a bhí sé faoi bhrú maidir lena ghaol le Fianna Fáil. Tabhair faoi deara nár tháinig aon méadú suntasach ar thacaíocht iarrthóirí Fhine Gael agus an Lucht Oibre le linn an fheachtais, in ainneoin –– nó b’fhéidir mar thoradh air, na meáin a bheith ag dul go bog orthu.
Le fírinne, is é an rud is mó a ndearna mé féin suntas dó maidir leis an toghchán seo ná go bhfuil páirtithe an Rialtais sna fiche sé chontae thart ar cúig bhliana déag ar gcúl ar mheon an phobail maidir le proiséas na síochána. Bhí na hargóintí a bhíodar ag cur chun cinn sna meáin agus i dTithe an Oireachtais, aineolach agus míthuisceanach ar chomh fada agus tá muid tagtha chun cinn ó thaobh cothrom na féinne do shaoránaithe na sé chontae agus ról lárnach Sinn Féin sa phroiséas ar fad.
Caithfidh chuile dhuine a n-intinn féin a dhéanamh suas ar cleasaíocht polaitiúil atá anseo nó an é go bhfuil siad fós lonnaithe thiar sa stair ó thaobh dearcadh agus cur chuige de. Níl aon dabht faoi ach gur bhain na pobalbhreitheanna agus an tacaíocht láidir do Mhartin McGuinness stangadh aisteach ó na páirtithe seanbhunaithe sa Stát seo. Níl aon dabht ach oiread ach go ndearna Sinn Féin an cinneadh ceart iarrthóir a chur chun cinn agus go raibh Martin McGuinness mar sár-iarrthóir don phost. Tá an-aiféal léirithe ag ionadaithe poiblí i Fianna Fáil go príobháídeach liom nár sheas siadsan iarrthóir mar shampla agus gur botún a bhí ansin, ach níl aon dabht ná go bhfuil siad ag glacadh go fonnmhar le Seán Gallagher mar fhear ón ‘gene pool’ - go príobháideach muna bhfuil siad dhá rá go poiblí.
Tá ardmholadh ag dul do gach duine a bhí páirteach ar fhoireann McGuinness chomh maith as feabhas na h-ócáidí poiblí a eagraíodh le linn an fheachtais seo. Bhí sluaite móra ann agus go leor daoine ag cloisteáil scéala Mhairtín den chéad uair agus iad ag fáil tuiscint faoi leith ar chéard a spreag é chun dul i mbun feachtais chun cearta sibhialta a bhaint amach dá phobal. Bhí suas le seacht gcéad duine ag an gcomhdháil ag d’eagraigh muid i nGaillimh mar shampla agus shínigh cuid mhaith acu sin suas linn chun tacú le Máirtín agus chun a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí Sinn Féin i gcoitinne.
Chaith mé roinnt ama ar an mbóthar le Martin agus an fhoireann toghchánaíochta freisin, mar bhí muid ag ullmhú don díospóireacht ar TG4. In ainneoin na dúshláin éagsúla atá tagtha roimh McGuinness ina shaol – an strachailt, bagairtí báis, proiséas na síochána, comhrialtais le hAontachtóirí agus araile – sílim go raibh níos mó drogall aige roimh sliocht a dhéanamh i nGaeilge ar an teilifís ná go leor eile acu seo! In ainneoin sin, thug Martin faoin dúshlán seo ar an mbealach is dual dó – le fócas agus le díogras. D’oibrigh sé go dian chun an sliocht Ghaeilge a fháil i gceart mar gur thuig sé an tábhacht a bhain leis.
Cuma cén toradh a bheidh ar an toghchán seo, níl aon dabht ormsa gurb é Martin McGuinness an duine ab fhearr sa rása agus tréaslaím leis as ucht an fheachtas a rith sé agus an mhisneach atá aige féin agus ag gach duine a thacaigh leis ar aon bhealach. McGuinness abú!

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland