Top Issue 1-2024

15 July 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cultúr na n-Oráisteach

An Orange marcher in Ardoyne sports the UDA death squad's Quis Separabit slogan

An Orange marcher in Ardoyne sports the UDA death squad's Quis Separabit slogan

There is nothing in 'Orange Culture' that makes any sense to AN DRAOI RUA. What has culture got to do with bigotry?

Cén cineál cultúr atá bunaithe ar fhuath, ar bhiogóideacht, ar an lámh in uachtar agus ar gach duine eile a choinneáil faoi smacht?

Ó rugadh mé níor thuig mé riamh cad is brí le 'cultúr na n-Oraisteach'. Glactar leis go forleathan sna meáin go bhfuil sé de cheart ag an Ord Oraisteach 'féile a cheiliúradh' gach aon bliain thart ar an 12 Iúil; is é sin i rith an tsamhraidh ar fad. Tugadh an cead sin dóibh toisc go bhfeiceann muintir na 26 chontae gur mionlach iad a bhfuil spás de dhíth orthu ach is dream iad atá ar an mhórchuid san 6 chontae agus é i gceist acu cách a choinneáil faoi chos go deo na ndeor. Cinnte, tugann na 'seirbhísí slándála' gach cosaint dóibh le linn tréimhse na mórshiúlta.

Níl a fhios agam ach tá cluas tugtha le héisteacht agam d'argóintí an Oird ach ní fheicim aon ciall, reasún ná bunus ar bith leo. Ar ndóigh, is maith leo cúrsaí staire a lua:

Tuigtear go bunaíodh an Ord Oraisteach i 1795. Mar a tharlaíonn sé, bhí na hÉireannaigh Aontaithe i mbun feachtais bríomhar ag an an ama. Cuireadh 'Éireannaigh Aontaithe' orthu toisc go raibh idir Phrotastúnaigh agus Caitlicigh ag comhoibriú le chéile ar mhaithe lena cuspóirí poblachtánacha a bhaint amach.

Nach iorónta an rud é gur bunaíodh an Ord sa tréimhse úd. Bhí níos mó ná céad bliain caite ó Chath na Bóinne is ó Chath Eachdroime.

Déantar rud mór de Chath na Bóinne ach tuigimid ó fhoinsí staire nár tharla sé ar 12ú Iúil 1690 ach ar an chéad lá den mhí. Ní amháin sin, ach deir na saineolaithe linn go raibh tacaíocht an Phápa ag Rí Liam.

Ar aon nós, is mór an trua go raibh baint ar bith ag na Gaeil sna cathanna seo ar chor ar bith, nach raibh iontu ach cathanna idir dhá rí ghallda i ndáiríre?

Níl amhras ar bith ann ná go raibh dream dílis cothaithe ag na Sasanaigh in Éirinn i dtólamh. Le plandú na tíre, rinneadh cinnte de go mbeadh na plandaithe scartha ó na Gaeil i gcónaí is nach mbeadh siad ag meascadh leo choíche. Scriosadh an cultúr dúchasach beagnach. Rinneadh slad ar an Ghaeilge, ar ár litríocht, ar ár gceol, agus ar shaibhreas na tíre ar fad. Níor líonadh an bearna riamh i gceart ó shin.

Tá fadhb ag an Ord Oraisteach óir ní sheasann a chuid argóintí ar chor ar bith. Cén fáth ar chóir dúinn glacadh leis go bhfuil sé de cheart acu tintí ollmhóra a lasadh oíche 11ú Iúil, an pápa, brat na hÉireann, Gearóid Mac Adhaimh, Alex Maskey is Bairbre de Brún a dhó?

Deirtear linn gur rud traidisiúnta é, go bhfuil sé mar chuid d'oidhreacht an Oird a bheith go cathréimeach is go fíochmhar go bliantúil. Faraor, ba cheart don Ord rud éigin eile seachas fuath is biogóideacht a fhoghlaim ar scoil.

Gluais

biogóideacht bigotry

go forleathan widespread

seirbhísí slándála security forces

comhoibriú cooperate

saineolaithe experts

meascadh mixing

cathréimeach triumphalist

Seanfhocal na Seachtaine

'Teaspach gan dúchas, is deacair é a iompar.'

Ní bhíonn ach teas le mothú ón Ord Oraisteach agus is deacair a fheiceáil go bhfuil dúchas ar bith ann.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland