Top Issue 1-2024

3 November 2011

Resize: A A A Print

Feall eile ó Pháirtí an Lucht Oibre

Ní leór plean Keane don Chothromas Diúltach

LE MÁIRTÍN Mac EOIN

Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Eamon Gilmore

» LE MÁIRTÍN
Mac EOIN

BÍONN A LÁN cainte ann na laethanta seo faoi chothromas diúltach, ach is beag plean atá ann le tabhairt faoina fadbanna sóisialta a leanann é.
Tá díomá fairsing ann faoin Tuarascáil Keane a foilsíodh an mhí seo caite, mar cé léirigh sé cé chómh trom-chúiseach is atá an fhadhb – pointe, ar ndóigh, ar leag iar-uachtarán Mheiriocá Bill Clinton béim air i gcaitheamh na míosa freisin – ní dheachaigh na moltaí réitigh sách fada.
Go bunúsach faoi téarmaí Keane, choinneódh daoine a gcuid tithe ach d’íocfaidis cíos le húdarás áitiúil nó le comhlacht speisialta tithíochta éicínt. Ach bheadh na fiacha fós ar dhaoine – fiacha atá ann mar gheall ar bhoilsciú phraghas maoine le linn an Tíogair Cheiltigh.
Tá na brábúis ag na bainc, nó ag na díbhintiúirí taobh thiar dena bainc atá le cosaint ar aon chostas agus is cuma an dochar a dhéantar don ghnáth-shaoránach nó don choras eacnamúil.
Sa mhéad is nach gcuirfí daoine as a gcuid tithe is maith an scéal é, ach ní réiteach ar an bhfadb é mar sin fhéin.
Deireann an rialtas go bhfuil sé i gceist acu na rialacha a bhaineann le féimheacht (duine a bheith baincbhriste) a leasú. Faoi láthair, fiú i gcás duine a bhfuil fiacha tithíochta air ní féidir fáil réidh leis an bhféimheacht go cionn dhá bhliain déag.
Agus tá an scéal seo ceangailte le scéal na riaráistí morgáiste sa gcaoi nach féidir le daoine – fiú faoi mholtaí Keane – ealó ó fhiachais.
Is léir go bhfuil sláinte na mbainc níos tabhachtaí don rialtas ná sláinte ghnáth-shaoránaigh.
Agus amhdaíonn an rialtas nach feidir leo na fiacha seo a fhágáil leis na bainc mar gurb é an stáitchiste – na saoránaigh – a líonfaidh aon pholl a bhéas ann sna cuntais.
Ach, mar a déarfadh an Ciarraíoch, ní thosódh sé anseo dá mbeadh sé ag iarraidh taisteal ansin. Ní feidir linn daoine a shábhailte toisc go bhfuil muid ag sabháint na mbainc.
Arís, mar a mhol Sinn Féin ag an am, nach mbeadh sé níos ciallmhmaire ón tús airgead an stáit a infheistiú i mbanc úrnua de chuid an stáit agus ligint do shealbhóirí na ndíbhíntiúir dul tí diabhail.
Tá dhá chineál daoine i gceist leis an bhfadhb seo: ar dtúis an mionlach a chuir airgead infheistíochta i dtithe is árasáin; agus an móramh a cheannaigh áit chónaithe.
Faoi rialacha an rachmais, is cóir ligint don chéad dream seasamh lena bpriacail fein agus a gcuid caillteanais fein a sheasamh. Ach is cóir cúnamh fírinneach a thabhairt don dara dream – go háirithe do dhaoine a chaill a gcuid postannaí agus ata i bhfiacha mar gheall ar an tubaist a bhuail an eacnamaíocht, tubaist a tharala mar thoradh ar shaint lucht an airgid.
Fillimid ar na ceisteannaí bunúsacha arís. Tá Pairtí an Lucht Oibre ag tabhairt cluas bhodhar do oidhreacht Shéamuis Ui Chonghaíle is ag cloí go dílis le beartas déine na hEorpa a chuireanns an t-ualach ar an ngáthdhuine is a thuganns an bhuntáiste don duine saibhir.
Agus sin é an fáth go bhfuil fíor-réiteach do fhadhb an chothromais dhiúltaigh dhá chur ar an méir fhada, agus sin é an fath go gcaithfí an chéim tarrthála a theorannú ar fhaitíos go gcuirfeadh sé isteach ar lucht an airgid.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland