Top Issue 1-2024

17 June 2004 Edition

Resize: A A A Print

Draíocht Darach

According to the celtic calender, it is now time for us to appreciate the oak tree, writes AN DRAOI RUA.

Deir na scríobhaithe Rómhánacha linn gurbh í an dair an chrann ba thábhachtaí a bhí ag na Ceiltigh fadó. Mar a thuigimid féin, áfach, tá meas againn ar na crainn ar fad ach is cinnte go bhfuil áit ar leith inár gcroíthe don dair.

Deirtear go bhfuil rian tua le fáil i ngach crann darach. Deirtear gur roghnaigh Daghda, dia na tintrí, an lorg seo a fhágáil orthu.

Is féidir le crann darach mairstean ar feadh míle bliain agus bíonn breis agus ceithre chéad nithe eile ag brath air le bheith beo. Ní mór an t-ionadh é mar sin gur chreid cuid de na taoisigh ceilteacha ar fud na hEorpa gur cheart crann darach a chur ar a uaigheanna.

Is ón dair a bhfaigheann muid an focal 'dairaoi' (duine a thugann ómós don dair) atá mar 'draoi' againn sa lá inniu. Creidtear go raibh ar an draoi a bheith taobh le craobh darach ar mhaithe le searmanas a dhéanamh. Cinnte, cuimhnítear gur cheart úsáid a bhaint as adhmad darach le tine bheannaithe Bhealtaine a lasadh agus a choinneáil beo. Ní amháin sin ach baineadh úsáid as tine darach le duine olc a dhó chomh maith.... Anois, b'fhéidir go dtiocfadh linn liosta a chur le chéile agus an nós sin a thabhairt ar ais arís.

Dar le P W Joyce, tá an focal dair in úsáid níos flúirsí ná planda ar bith eile i logainmneacha na tíre. Tá an leagan 'Doire' amháin le fáil i mbreis agus 1,300 bailte fearainn aige. Tá clú iontach ar 'Dhoire Calgaich', an t-ainm a bhí ar an cheantar sular lonnaigh Colmcille mainistir taobh leis i 546. Gaiscíoch fíochmhar an ciall atá le 'Calgach'. Creideann roinnt daoine inniu gurb ionann Calgach, Colmcille agus 'London'. Tá a lán leaganacha eile aige den 'dair'; mar atá Cill Dara, Loch Dairbheach, Ard Rálach agus Port Omna.

Cinnte, bhain ár laochra úsáid as draíocht darach minic go leor, dar le Béaloideas na tíre. Tá trácht i dTáin Bó Chuailgne ar an dóigh a scríobh Cúchulainn ogham ar chrann darach agus é i gcomhrac leis na Connachtaigh. Bhíodh Fionn Mac Cumhaill is na Fianna ag seilg i gcoillte darach go rialta. Bhí meas iontach ag Suibhne ar an dair fosta agus í luaite ina chuid filíochta.

Bhí íomhá ríoga ag an dair riamh. Ba ghnách go mbíodh láithreán ríoga taobh le coill darach. Creidtear go bhfuil cumhacht iontach sa chrann agus go bhfuil bua na torthúlachta le fáil uaithi. Le craobh darach a iompar in aice le ba, cuirfeadh sé dáir orthu. Faraor, bhí coill darach in iarthar na tíre a chuireadh muca na hÉireann ar clíth má tharla sé gur shéid an ghaoth chucu agus go bhfuair siad boladh ó na crainn.

Ba ghnách do dhaoine na dearcáin a ithe ar mhaithe le bua na torthúlachta a fháil. Tá taobha firinscneach agus baininscneach i síol agus cupán an dearcáin. Mar aon leis sin, bhí an drualus go mór in úsáid ag na draoithe. Tuigeadh gurbh fhéidir le drualus duine a threoraigh chuig an saol eile. B'fhéidir nach mór an t-ionadh é go bhfuil áit ar leith ag drualus aimsir na Nollag anois.

Bhí a lán leigheasanna éagsúla le fáil againn ón dair atá caillte againn anois. Deirtear gur féidir fáistine a dhéanamh le craobhacha darach ar mhaithe l'ór a fháil. Deirtear fosta gur bhaineadh úsáid as craobhóga leis an ruaig a chur ar olcas ar bith.

Seanfhocal na Seachtaine

'Dul idir an chraiceann is an dair.'

Tá an frasa seo ag 'Niall Ó Dónaill' agus insíonn sé dúinn gurbh ionann é is a bheith ag cur isteach ar chúrsaí teaghlaigh.

Gluais

searmanas ceremony

tine bheannaithe blessed fir

leagan version

dáir/clith reproductive heat (in animals)

firinscneach masculine

baininscneach feminine

drualus mistletoe

treoraigh guide

fáistine a dhéanamh to devine (as with sticks)


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland