Top Issue 1-2024

10 June 2004 Edition

Resize: A A A Print

Bainisí an Mheithimh

Marriage may be a solemn ceremony but there are so many superstitions and history behind it all. AN DRAOI this week touches on some of them.

Deirtear go bhfuil ádh bainte le bainis a tharlaíonn le linn Mí an Mheithimh go háirithe. Creidtear go dtagann an tuiscint seo ó na Rómhánaigh i ndáiríre. Ba í Juno, banríon na ndéithe a phós Juniper, Rí na ndéithe. Chreid na Rómhánaigh go raibh Juno mar phátrún ar an phósadh agus mar chosantóir do mhná.

Bhí tuairim láidir ag ár sinsear fadó go raibh teagmháil le déanamh le cumhachtaí osnádúrtha chomh maith ar mhaithe le pósadh ceart a shocrú. Ba cheart go mbeadh na síoga sásta fán chleamhnas. De réir mar a thuigimid bhí iarracht déanta sna deasghnátha pósadh a chothú i gcomhar leis an dúlra.

Cinnte, tá seaníomhá againn den bhabhdóir ina leithéid de 'The Quiet Man' agus é ag dul i dteagmháil le teaghlach ar mhaithe le spré a réiteach don fhear. Is dócha go dtéann gníomhartha mar seo siar go dtí tréimhse ina raibh an gaol idir theaghlaigh níos tábhachtaí ná an cleamhnas féin. Dá bhrí sin, rinneadh cuid mhaith den mhargadh in áiteanna póiblí, ag aonaigh nó ag sochraidí fiú.

Agus a gcleamhnas déanta ag an lánúin, ba ghnáth dóibh dul faoi dheasghnátha torthúlachta. Deirtear go raibh sé iontach coitianta don lánúin cuairt a thabhairt ar dholmain, nó leapa Dhiarmuid agus Ghráinne. Creideadh go an oiread sin grá idir an bheirt seo gur bhronnadh bua na torthúlachta ar lanúin ar bith a luigh ar a leapa aon áit in Éirinn. Bhí cuid de na deasghnátha torthúlachta le comhlíonadh ag sochraidí freisin. Dúradh go mbíodh spioraid na marbh i gcónaí ag iarraidh leithscéal pilleadh ar an domhan seo ar feadh tréimhse eile.

Tá pisreoga éagsúla bainte le lá na bainise féin. Má músclaíonn an bean le ceol na n-éan, deirtear nach mbeidh argóintí móra ag an lánúin. Ma tharlaíonn sé go bhfuil damhan alla le fáil ar a gúna, ní bheidh fadhbanna airgid acu ach oiread. Chreid daoine fosta gur cheart don bhean bia a fhágáil don chat sular fhág sí an teach ar mhaithe le rath a bheannú ar an phósadh. Ní chóir di caoineadh ar an bhealach chuig an searmanas agus sochraidí a sheachaint. Lena chois sin, deirtear gur cheart don bhean súil isteach teach an phobail lena chos dheas ar dtús.

Creidtear go fóill nár cheart don fhear a bhean a fheiceáil go dtí go mbaileann sé leí ag an altóir. Ní chóir dó tiontú thart fiú. Má dhéanann sé dearmad ar rud ar bith, tá sé mar dhualgas ar dhuine eile é a fháil ar a shon. Má thugann an bhean cuidiú don fhear an fháinne a chur uirthi, is ise a bheas i gceannas i gcúram an tí.

Bhíodh rásaí capaill idir na teaghlaigh agus iad ag déanamh a mbealach ar ais go dteach na mná. Bhíodh an chéad braoinín tugtha don lánúin sula mbíodh deoiríní tugtha do gach aon duine i láthair. Ansin, bheadh sé de dhualgas ar an bhean an buidéal a bhriseadh sula mbeadh sé folamh.

Cinnte, bhíodh mí na meala le caitheamh ag an lánúin le chéile agus iad ag ól meá go formhór, ar mhaithe le torthúlacht ar ndóigh. Bhíodh 'jus primae noctis' mar phribhléid a chleacht cuid de na tiarnaí talaimh is measa in Éirinn fosta. Níor tugadh an deis dóibh i dtólamh, áfach.

Seanfhocal na Seachtaine

'Níl aon seanstóca nach bhfaigheann seanbhróg.'

Níl amhras ar bith ann ach go raibh bua na rómansaíochta ag ár sinsear mar a léiríonn an seanfhocal thuasluaite.

Gluais

cumhachtaí ósnádúrtha - supernatural powers

deasghnátha - rites

babhdóir - match-maker

sochraidí - funerals

torthúlacht - fertility

damhan alla - spider

searmanas - ceremony


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland