3 June 2004 Edition

Resize: A A A Print

Timpeallacht na Cruinne

World Environment Day takes place on Saturday 5 June. Are the leaders of the world really serious about doing something positive for the environment, or is it just a big publicity stunt, asks AN DRAOI RUA?

Tá 'Lá Timpeallachta an Domhain' eagraithe arís i mbliana don 5 Meitheamh. Is lá comórtha é seo a eagraíonn Clár Thimpeallachta na Náisiún Aontaithe (CTNA) go bliantúil ar mhaithe le aird domhanda a dhíriú ar fhadhb timpeallachta ar leith. I mbliana, roghnaigh siad 'An Fharraige Mhór' mar príomhthéama.

I measc na himeachtaí a bheas ar siúl beidh: mórshiúlta, slógaidh rothair, ceolchoirmeacha, comórtais scoile, crainn curtha, feachtais glantúcháin agus a lán eile. Cé go bhfuil an t-uafás rudaí á reachtáil níl imeachtaí ar bith luaite ar siúl sna 26 chontae maidir le suíomh idirghréasáin CTNA. B'fhéidir go gcreideann Dáil Éireann nach bhfuil baol ar bith ann do thimpeallacht na tíre seo.

Tá feachtas ar siúl ag díriú ar an phobal i gcoitinne gealltanas a ghlacadh rud amháin dearfach a dhéanamh ar son na timpeallachta. I measc na rudaí a mholtar tá:

1. Ábhair éagsúla a athchúrsáil.

2. Buidéil, málaí is eile a athúsáid.

3. Níos lú uisce a úsáid sa bhaile.

4. Gan a bheith ag brath ar an ghluaisteán i gcónaí.

5. Crainn agus eile a chur ar mhaithe leis an dúlra.

Cinnte, dá mbeadh gach duine in ann rud éigin a dhéanamh ní bheadh an oiread sin ábhair caite i láithreáin dramhaíola ná ní bheadh an méid sin truailliú ar thalamh, san aer ná san uisce againn. Brathann sin uilig ar thoil na ndaoine. Tá sé mar aidhm ag CTNA 1% de dhaonra na tíortha atá páirteach glacadh leis an ghealltanas. Is cinnte go gcuidíonn beagán.

San am céanna, cé go bhfuil an gnáthdhuine ag déanamh a dhícheall rud éigin dearfach a dhéanamh ar son na timpeallachta, is deacair gan a bheith ciniciúil fá chúrsaí.

Cinnte, cad atá ceannairí na cruinne agus na comhlachtaí ilnáisiúnta ag déanamh? Nach bhfuil an cumhacht acu rudaí ollmhóra a dhéanamh le cúrsaí a leigheas mar is ceart? Cad fá Chonradh Kyoto? An bhfuil dearmad ar fad déanta ar na moltaí a leagadh síos sa chonradh sin? Is maith le comhlachtaí móra comhartha athchúrsála a chur ar phacáiste toisc go gcuireann sé go mór le margaíocht. Ní dhéanann siad iarracht seirbhísí athchúrsála a sholáthar ná ábhair a úsáid arís.

Tá aird CTNA dírithe ar an fharraige mhór i mbliana. Tuigtear go bhfuil dhá thrian den domhan clúdaithe ag farraigí na cruinne ach is cosúil nach dtugtar aire mar ba chóir don uisce céanna. Leantar le séarachas a scaoileadh isteach inti. Tá an iomarca iascaireachta déanta ag longa ollmhóra, tá cóstaí athraithe, tá bruscar de gach saghas caite san fharraige, fiú ábhair núicleacha. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil i bhfad barraíocht truailliú ag tarlú, go bhfuil cinéalacha éisc is eile imithe in éag go hiomlán agus go bhfuil dochar dothuigthe déanta.

Cé go mbeidh mé féin ag tacú le 'Lá Timpeallachta an Domhain', beidh mé ag ceistiú cad chuige nach bhfuil na ceannairí ag athrú a bport ar son an dúlra. I ndeireadh an lae, ba cheart go n-íocfadh an dramhailteoir as an damáiste atá déanta in ionad an dualgas ar fad a bhrú ar an ghnáthdhuine.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is mairg a bhaineann sólás as dólás duine eile.'

Uaireanta, mothaím go mbíonn gnátdhaoine ag déanamh a ndícheall ar son na timpeallachta nuair a leanann lucht an rachmais le truailliú agus le brabús a dhéanamh.

Gluais

Clár Thimpeallachta na Náisiúin Aontaithe United Nations Enviromental Programme

slógaidh rothair bicycle rallies

láithreán dramhaíola landfill sites

comhlachtaí ilnáisiúnta multinational companies

comhartha athchúrsála recycling logo

séarachas sewage

imithe in éag extinct

dramhailteoir waster/polluter


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland