Top Issue 1-2024

27 May 2004 Edition

Resize: A A A Print

Reifreann Ciníoch

With all the misinformation and propaganda of polls, be sure and vótáil 'Níl' to the racist referendum on June 11, writes AN DRAOI RUA

Tá feachtas bolscair-eachta ar siúl leis an reifreann ciníoch a bhrú ar phobal na hÉireann 11 Meitheamh. Cé nach bhfuil guth ach ag 26 contae sa reifreann, is cinnte go mbeidh impleachtaí aige ar an tír ar fad.

Thosaigh an t-Aire Mac Dúghaill a fheachtas chiníoch le staitisticí cumtha. Dúirt sé i Mí an Mhárta go raibh méid ollmhór máithreacha coimhthíocha ag teacht go hÉireann ar mhaithe le páistí a bheith acu sna otharlanna. Dar le na dochtúirí, áfach, ní raibh na figiúirí i gceart aige ar chor ar bith.

Ina dhiaidh sin, thosaigh airí stáit is eile ag trácht ar an bhearna a bhí sa dlí maidir le saorántacht na tíre, gur cheart an bunreacht a athrú le bheith cosúil le tíortha eile. Cé go ndúirt siad an méid seo, tá dlíthe na tíre mar atá siad fá láthair díreach cosúil le dlíthe i mbreis agus daichead tír. I measc na tíortha seo tá: Ceanada, SAM, Nua-Shéalainn, an India, an Phacastáin agus a lán tíortha i ndeisceart Mheiriceá.

Ansin, bhí torthaí pobalbhreitheanna le léamh san Irish Times Dé Luain seo chaite. Le fírinne, ní féidir mórán muiníne a chur ina leithéid. Cuimhnímid go raibh pobalbhreitheanna ag rá go raibh pobal na 26 chontae ag dul glacadh le Conradh Nice an chéad uair ach caitheadh amach é. Ar an drochuair, neartaigh lucht an rachmais a bhfeachtas agus bhrúigh siad Conradh Nice orainn an dara uair.

Tuigtear go bhfuil tionchar síceolaíochta ag na meáin ar dhaoine agus sin go díreach an cuspóir ata ar siúl sna pobalbhreithiúna seo. Go hiondúil, creidtear go mbíonn daoine bheith ag tacú leis an mhórchuid. Agus staidéar déanta ar na staitisticí san Irish Times, thiocfadh a rá go bhfuil ceadúnas cruthaitheachta in úsáid acu. Dar leo, tá 54% de dhaonra na 26 ar son reifreann Mhic Dúghaill, 54% den Lucht Oibre agus den Comhaontas Glas ar a shon. Ní amháin sin ach deir an Irish Times go bhfuil 56% de thacadóirí Shinn Féin ag tacú le Mac Dúghaill sa reifreann seo.

Dála an scéil, ghlaoigh mé ar roinnt geallglacadóirí ar an Luan céanna agus a raibh na torthaí seo foilsithe sa nuachtán thuasluaite agus ní raibh duine ar bith acu in ann praghas a thabhairt dom. Léiríonn a leithéid nach bhfuil cinnteacht ar bith i dtaobh an reifrinn.

Tá deifir mhór ar Theach Laighin an reifreann seo a chur os comhair mhuintir na 26 chontae. San am céanna, níl siad tuillteanach na fírící ar fad a léiriú. Tá dallamullóg curtha ar dhaoine acu leis na figiúirí agus bladar dlíthiúil ar fad. Fiú agus an t-ábhar a phlé ag daoine, seachnaíonn Mac Dúghaill an díospóireacht go hiomlán agus caitheann sé an t-argóint uaidh.

Cinnte, ba chóir go mbeadh Dáil Éireann ag breathnú ar na deacrachtaí atá ag na seirbhísí sláinte in ionad a bheith ag ionsaí an dream is laige sa tír. Tá diabhalta déanta de na himircigh ar fad leis an reifreann seo a reachtáil. Téann an reifreann seo i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cearta sibhialta na tíre.

Is dócha gur chóir dúinn a admháil gur imircigh sinn ar fad. Leoga nach raibh tráth ann nach raibh duine ar bith ina chónaí in Éirinn. Ar ndóigh, tá fadbh ar leith ag an t-Aire Mac Dúghaill mar níl sloinne dúchasach aige féin (Mac Dubh Ghaill).

Níl cead vótála ag muintir Thír Eoghain sa reifreann seo agus creidtear go bhfuil siad iontach buartha ansin. Le tamall anuas, tá sé tugtha fá deara nach bhfuil ionad máithreachais ar fáil in otharlann ar bith sa chontae úd, rud a fhágann nach mbeidh glúnta fíor-Thír Eoghanach sna blianta amach romhainn. (De réir mar a thuigim, tá contaetha eile in Éirinn mar a chéanna.) Ní nach ionadh go raibh an oiread sin áthais ar mhuintir Thír Eoghain Corn Mhig Uidhir a thabhairt abhaile 2003.

Ná déanaigí dearmad, Vótáil Níl i gcoinne Reifreann Mhic Dúghaill.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is lom gualainn gan deartháir.'

Má táimid ag iarraidh Éire ilchultúrtha a chruthú a thugann cothrom na Féinne do chách, beimid ag brath go mór ar ár ndeartháracha idirnáisiúnta mar a bhí ár sinsear romhainn agus iad scaipithe ar fud na cruinne.

Gluais

Mac Dubh Ghaill Son of the black haired

foreigner McDowell

feachtas bolscaireachta propaganda campaign

otharlanna hospitals

saorántacht citizenship

bunreacht constitution

pobalbhreitheanna polls

tionchar síceolaíochta phychological influence

ceadúnas cruthaitheachta creative licence

geallglacadóirí bookmakers

imircigh immigrants

ionad máithreachais maternity unit


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland