Top Issue 1-2024

20 May 2004 Edition

Resize: A A A Print

Éisc is Iascaireacht

Fish and fishing has always been a topical subject for discussion, and AN DRAOI RUA isn't averse to having a go.

Níl amhras ar bith ann ach gur bhreá le lucht iascaireachta a bheith ag caint ar éisc, is cuma más fíor nó bréagach an scéal. Is cosúil go bhfuil lucht turasóireachta ag brath go mór ar an nós go fóill agus mealltar na mílte chun na tíre seo le tréimhsí a chaitheamh ag seilg na n-éisc.

Ar ndóigh, soláthraíonn éisc bia folláin dúinn. Is maith linn éisc agus is maith dúinn iad. Cinnte, d'éirigh le Fionn Mac Cumhaill bua ar leith a bhaint amach leis an bhradán feasa fadó. Ní amháin sin ach mhair Tuán, an seanchaí iontach ar feadh céad bliana mar bhradán fosta agus chuimhnigh sé ar an uile rud a tharla dó mar iasc.

Níl a fhios agam féin cad chuige ach dar le pisreog áirithe amháin, ba cheart toiseacht le ruball an éisc a ithe agus leanstan ar aghaidh go dtí an chloigeann. Faraor, níl argóint ar bith ann ach go gcuidíonn éisc le forbairt na hintinne sa lá atá inniu ann chomh maith.

Tá ardmheas ar an bhreac freisin, rud a léiríonn an tseanfhocail 'chomh folláin le breac'. Mar a tharla sé, bhí muintir na Mumhan den tuairim tráth gur bhraith 'cuisle an bheatha' ar bhreac a bheadh ag snámh thart ar an chorp a fhad agus a bhí duine beo. De réir tuairiscí éagsúla, d'éalaigh iasc ón chorp nuair a fuair duine bás agus tá trácht ar an dóigh a d'éirigh le breac éalú as béal duine ach go raibh cara taobh le leapa a bháis agus a bhrúigh an t-iasc isteach arís. Bhí an t-ádh dearg air óir sheas sé in airde arís agus mhair sé ar feadh na blianta ina dhiaidh. Mar aon leis sin, deirtear go mbíonn breac le feiceáil i dtobar naofa nuair a éiríonn le duine leigheas a fháil ón fhoinse uisce céanna.

Tá finscéal clúiteach as Cunga, (atá ar an teorann idir Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe) agus is breac laoch an scéil. Rug saighdiúir ar an bhreac áirithe seo agus chaith ar fhriochtán. Chomh luath agus a mhothaíodh an teas, rinneadh spéirbhean den iasc. D'inis sí a scéal don tsaighdiúir, gur chuireadh faoi gheasa í sa dóigh is go mbeadh sí ábalta fanacht lena grá geal a fuair bás go tobann. Baineadh an oiread sin geite as mo dhuine gur chaith sé an breac ar ais arís.

Ìs iomaí dóigh atá ann le greim a fháil ar iasc: líonta, slat iascaireachta idir chuileog, péisteanna is eile. Creidim féin gur fearr an spórt le cuileoga, rud a thugann deis níos cothroime don bhreac.

Bhí mé ag breathnú ar seanghléasanna iascaireachta ina raibh sleánna de gach saghas in úsáid ag ár sinsear fadó. Ba ghnách leo gruaig capaill agus cleití ealaí/géanna a úsáid mar línte. Bhí rácaí de gach sórt acu fosta; ina measc siúd bhí uirlis a bhí cosúil le cíor gruaige ollmhór agus é timpeall ar 15 troigh ar fhad. In ionad a gruaig a chíoradh, chíor ár sinsear na haibhneacha le éisc a fháil.

Thosaigh séasúr na hiascaireachta i gceart roinnt seachtaine ó shin agus beidh éisc na tíre go mór i gcontúirt ar feadh i bhfad eile. Caithfidh a admháil gur mór an baol iad na feirmeoirí is daoine eile sa bhaile do na héisc agus an méid truailliú atá déanta do lochanna is aibhneacha na tíre. Caitear an oiread sin caca ar pháirceanna taobh le uisce is níl córais séarachais ag feidhmniú mar ba chóir ag tromlach na dtithe gur uafásach an scrios atá déanta ar feadh na tíre. Tuigtear go bhfuil 70% de haibhneacha na tíre truaillithe. Ta sé thar am dúinn aire a thabhairt do uiscebhealaigh na tíre.

Tuigim go bhfuil daoine ann nach bhfuil dúil ar bith acu in éisc, nach bhfeiceann iad ach amháin i mbialann nó in ollmhargadh is a dhéanann a ndícheall iad a sheachaint i gcónaí. Ní féidir an smacht céanna a chleachtadh i mbrionglóidí, áfach. Tá an t-ádh i ndán don té a fheiceann iasc nó éisc i mbrionglóid ach droch-ádh má theipeann ar dhuine iasc a thabhairt i dtír mar iascaire.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní breac é go mbíonn sé ar an bhruach.'

Is iomaí polaiteoir a bheas ag tabhairt gealltanais dúinn sna seachtaine amach romhainn faoin mhéid atá siad ag dul a dhéanamh ar ár son.

Gluais

  • soláthraíonn provides
  • leanstan ar aghaidh to continue on
  • clúiteach famous
  • friochtán frying pan
  • seanghléasanna old implements
  • i gcontúirt in danger
  • a sheachaint to avoid

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland