Top Issue 1-2024

13 May 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cimí i nGéibheann

There is a lot more suffering than the cameras pick up in the prisons in Iraq. An DRAOI RUA agrees with Aengus Ó Snodaigh TD that this country should speak out against such abuses and not condone this unjust war with the facilitation of Shannon airport.

Ar an drochuair, is féidir linn a rá nach bhfuil a dhath ar bith as an ghnáth ag tarlú leis na príosúnaigh san Iaráic. Is é an rud a chuireann iontas orainn ná gur lig do rialtais SAM agus na Breataine na griangraif úd a bheith foilsithe ar chor ar bith. B'fhéidir, áfach, go bhfuil rún eile i gceist ag na húdarais céanna. Seans go bhfuil siad ag iarraidh muintir na hIaráice a chasadh leis na admhálacha seo agus cogadh fádthéarmach a chothú ann.

Cuimhnítear gur tharla na gníomhartha céanna ag tús na seachtóidí i mBéal Feirste agus eile. Tá rudaí áirithe nach féidir leis na griangraif a léiriú. De réir mar a thuigimid, déantar ionsaithe ar na cúig chéadfaí le linn dhiancheistiú is an chéasadh ar fad. Ar dtús, ní bhíonn rud ar bith le feiceáil acu agus iad sa dorchadas i rith an ama agus cochaill ar a gcloigne. Ar ndóigh, cuireann na cochaill cosc ar an srón a dhath a bholadh fosta. Ní thig leo aon rud a bhlaiseadh óir níor thugtar mórán le hithe do na cimí agus má thugtar a dhath dóibh ní bhíonn acu ach rud éigin lom, mar arán is uisce, b'fhéidir. Go minic ní bhíonn le cloisteáil ag na cimí ach torann 'ard bán' mar a deirtear. Cinnte, faigheann siad sos ón torann uafásach seo le dul faoi dhiancheistiú is deis a thabhairt do na coimhéadaithe spochadh a bhaint astu arís. Ní bhíonn seans acu a dhath a mhothú ach an fhuacht, an pian is an bualadh trom.

Le fírinne, tá sé dothuigthe d'achan duine cé mhéad atá le fulaingt ag na príosúnaigh seo. Ní thuigfeadh éinne go deo ach iad siúd a d'fhulaing an rud céanna. Lena chois sin, tá sé beagnach dochreidte go dtiocfadh le duine a bheith chomh cruálach le duine eile. Ní amháin go mbíonn na cimí gortaithe go fisiciúil, iad sciosta tuirseach, ocrach, tart orthu is nimhneach. Fágtar iad nach dtuigeann siad an lá nó oíche atá ann, an beo nó marbh iad, nó an fíor nó tromluí atá ag tarlú dóibh. Seans go mbeidh cuid den fhulaingt le feiceáil ar a gcorp ach ní fheictear an fulaingt sa chloigeann is an damáiste síceolaíochta atá déanta dá bharr.

Anois, agus muid ag éisteacht le béalchráifeacht ceannairí Shasana agus SAM, cuimhnítear ar an mhéid atá déanta do mhuintir na hIaráice le breis agus bliain. Maraíodh na mílte saoránaigh, scriosadh seirbhísí uisce, leictreachais, córais sláinte is séarachais. Rinneadh ionsaí ar fhoinsí chultúrtha, agus taiscí luachmhara millte sna iarsmalainn. Fágadh an tír gan gréasán sóisialta ar bith. Rinne na meáin diabhalta de phobal na hIaráice ina iomlán. Ba é an t-aon rud a d'éirigh le saighdiúirí a chosaint ná na toibreacha ola.

Cé atá freagrach as na hionsaithe seo ar fad? Duine ar bith a thacaigh leis an chogadh ar a bheag nó a mhór. Bhí an cheart iomlán ag Aonghus Ó Snodaigh a dúirt gur scanallach is gur deistíneach an méid a d'fhulaing na hIaráicigh i ngéibheann. Mar a dúirt sé sa Dáil 5 Bealtaine, ba chóir go mbeadh rialacha Geneva comhlíonta i gcás na bpríosúnach agus ceannairí na tíre seo ag labhairt amach ar a son. Má tá Dáil Éireann i gcoinne na hionsaithe seo, i ndáiríre, ní bheadh siad sásta aerphort na Sionna a chur ar fáil ar mhaithe le fórsaí mhíleata SAM. Bhí bodhar Uí Laoire ar airí rialtais is níor chualathas aon freagra uathu.

Admhaítear gur maraíodh 25 cimí i ngéibheann agus tá méid áirithe le feiceáil sna griangraif. Níl ann ach cuid den fhírinne. Cad fán mhéid nach bhfaca muid, i mBá Guantanamo mar shampla agus fá dhaoine eile a céasadh is a maraíodh ach nach bhfuil luaite?

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fearr eolas an oilc ná

an t-olc gan eolas.'

Tá eolas ag madaidh na sráide cé atá freagrach as an olc ach an bhfuil sé de mhuinín ag éinne seasamh in aghaidh an oilc?

Gluais

foilsithe published

admhálacha admissions

diancheistiú intensive questioning

cochaill hoods

coimhéadaithe wardens

damáiste síceolaíochta phychological damage

béalchráifeacht hypocrisy

deistíneach disgusting


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland