Top Issue 1-2024

29 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cumhachtaí Draíochta

AN DRAOI RUA discusses some of the special powers that ordinary people possess in Irish lore; cures, blessings, curses, prophecies etc.

Níl amhras ar bith ann ach go gcuirtear spéis ar leith sna cumhachtaí speisialta a chleachtann laochra béaloidis. Ní amháin go raibh na draoithe, na naoimh, na filí agus gaiscígh eile ábalta gníomhartha osnádúrtha a chur i gcrích ach is cosúil go raibh agus go bhfuil go fóill cumasaí fíor-spéisiúla ag cuid de ghnáthphobal na tíre.

Bhí ceirdeanna ar leith ina mbíodh gaiscíocht osnádúrtha á chleachtadh go minic. Bhíodh an gabha ag dul i dteagmháil leis na síoga go minic. Creideadh mar sin go raibh sé ina chumas beannachtaí is mallachtaí a chur maraon le leigheasanna a thabhairt do dhaoine chomh maith. Bhí leigheas speisialta le fáil ón uisce a bhíodh in úsáid ag teallach an ghabha.

Deirtear go raibh cumasaí iontacha ag scoláirí bochta fosta. Cinnte cuireadh iontas ar a lán daoine faoin mhéid a bhí ar eolas ag an dream seo. Bhíodh bua na filíochta acu, iad tuisceanach ar neart ábhair agus tuiscint ar a lán teangacha, Gréigis agus Laidin ina measc. Go minic, bhí tuiscint ag na scoláirí seo ar na réaltaí agus bua na tairngreachta acu freisin.

Bhí daoine eile ar imeall an tsochaí mar lucht déirce agus an lucht siúil ina dúradh fúthu go raibh buanna iontacha acu fosta. Seans afach, go raibh daoine i dtólamh airdeallach roimh stráinséirí.

Ar ndóigh, creideadh riamh go raibh ábaltachtaí iontacha ag an sagart áitiúil. Deirtear gur féidir leo ruaig a chur ar thaibhsí, mar shampla. Ós rud é go mbíodh an Laidin in úsáid acu, bhíodh daoine den bharúuil go raibh cumasaí dothuigthe acu. Tá trácht ar an dóigh ar ghnách le muintir an pharóiste scríbhinn i Laidin as soiscéal Naomh Eoin a bhreacadh síos ar ghiota phaipéir agus é a chaitheamh thart ar a muinéil. Chreid siad go raibh cosaint ann ó ghalair, ó chathú agus ó droch-ádh.

Chreid ár sinsear go raibh cumhachtaí níos láidre ag sagairt óga toisc nach mbeadh a gcuid fuinnimh spioradálta caite. Faraor, bhí sé ráite go raibh cumhachtaí níos láidre ag sagairt a choinnigh an Eaglais faoi smacht ar ábhar éigin. Dúradh fosta go raibh cumas iontach ag an tsagart mallacht a chur ar dhaoine. Cinnte, is iomaí tiarna talúin a d'fhulaing dá bharr.

Cé go raibh ómós tugtha do dhaoine a chleacht ceirdeanna ar leith, cuimhnítear fosta go bhfuil teaghlaigh áirithe atá ábalta leigheasanna éagsúla a thabhairt. ina measc siúd tá: Na Breathnaigh, Muintir Uí Chathail, Muintir Uí Dhorchaí, Muintir Mhic Eochaidh agus Na Caisidigh.

Ná déanaimid dearmad ach oiread go raibh baintreach ar bith ábalta mallacht a chur.

Leoga, bhí daoine eile ann a tháinig ar buanna iontacha go mall ina shaol. Ina measc siúd bhí Muireachtach Ó Laoi. Sciob na síoga an fear seo leo go Tír fo Thoinn, áit a tháinig se ar leabhar ina raibh leigheasanna éagsúla breactha síos ann. Dochtúir speisialta a bhí ann ina dhiaidh sin agus deirtear go bhfuil an leabhar céanna in Acadamh Ríoga na hÉireann go fóill. Lena chois sin, tháinig Brian Rua Ó Cearbháin ar bhua na tairngreachta nuair a tháinig sé ar scáthan draíochta.

Ach as gnáthphobal na tíre seo ar fad, is dócha nach mbeadh níos fearr le fáil ná Biddy Early as Contae an Chláir. Tá clú agus cáil uirthi ar fud na tíre agus eolas ag daoine ar a ghníomhartha éagsúla idir leigheasanna, beannachtaí agus mallachtaí. Faraor, bíonn muintir an Chláir ag glacadh comhairle i dtaobh a cuid tairngreachtaí go dtí an lá inniu.

Seanfhocal na Seachtaine

'Níl luibh ná leigheas ar an bhás.'

Tá a fhios againn uilig go bhfuil rudaí áirithe nach féidir a leigheas.

Gluais

beannachtaí blessings

mallachtaí curses

leigheasanna cures

tairngreachtaí prophecies

gníomhartha osnádúrtha supernatural acts

teallach an ghabha the blacksmith's forge

airdeallach to be wary of

ábaltachtaí/cumasaí abilities

fuinneamh spioradálta spiritual power


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland