Top Issue 1-2024

22 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

Páistí Folláin

There is a campaign to ban TV ads for fast food aimed at children, but this should only be the start of a concerted campaign to make sure we have healthy Irish children, says AN DRAOI RUA.

Is dócha go mbeadh neart daoine tuillteanach tacaíocht a thabhairt don Chomhlacht Glas agus iad ag tarraingt airde ar an fhíríc go bhfuil i bhfad barraíocht páistí in Éirinn ró-throm agus ramhar dá aois.

Mar chuid lárnach den fheachtas seo, tá siad ag brú nach mbeadh cead ag comhlachtaí 'bia gasta' a bheith ag díriú fógraí teilifíse ar an aois óg. Ar ndóigh, níl ansin ach cuid den fhadhb. Bheadh i bhfad níos mó l'athrú ná fógraí teilifíse. Maise, ní bheadh páistí faoi thionchar na teilifíse muna raibh siad ag breathnú uirthi.

Tuigtear go raibh ar fhear ón chlochaois séacht n-oiread níos mó a ithe ná mar a itheann gnáthduine an lae inniu. Cinnte, bhí i bhfad níos mó le déanamh ag ár sinsear fadó fadó. Is beag duine a bhí in ann a bheith ag obair 'as baile' sa tréimhse úd ná a chaith an lá oibre faoi fhoscadh na hoifige os comhair ríomhaire.

Fiú agus lá oibre curtha i gcrích inniu, ní bhaintear úsáid as an oiread sin fuinnimh ach suí sa ghluaisteáin agus tiomáint abhaile is an oíche a chaitheamh os comhair na teilifíse.

Anois, má tá na daoine fásta leisciúil, ní nach ionadh nach mbíonn fonn ar na páistí a bheith tógtha fá ghníomhartha fisiciúla. Tuigtear nach siúlann formhór na bpáistí ar scoil, go gcaitheann siad an cuid is mó den lá ina suí ansin, go gcaitheann siad an iomarca ama os comhair teilifíse, go bhfuil na cluichí riomhairí iontach coitianta ar fad... Le fírinne, tá saol an lae inniu ag brath ar brú cnaipí. Mar dhéagóirí, bíonn na gutháin pócaí in úsáid chomh minic sin nach bhfuil cuid acu compordach ag caint go díreach le daoine. San am céanna, ní bhíonn gá le éirí ón suíomh sin ar an tolg ach is féidir glao a chur ar siopa le Kebab, pizza, béile síneach ná a rogha eile de greim gasta a fháil...

Ní amháin go bhfuil iontach bog ag cuid acu ach is cuma sa tsioc leo fá dhaoine dá leithéid atá i gcruachás. Maith go leor, feiceann siad na pictiúirí ar an scaileán rompu ach is cosúil go dtugtar níos mó trua do charachtair i sobaldhrámaí ná a muintir féin ar na sráideanna.

Creidim féin go bhfuil meon an phobail ar fad l'athrú go mbeadh saol níos sláintiúla ag an chéad ghlún eile. Níl sé ceart ná cóir go bhfuil an oiread sin páistí ag brath ar 'zapper'. Ní féidir an locht a chur ar na páistí féin óir foghlaimíonn siad na drochnósanna óna thuismitheoirí. Scriostar samhlaíocht na bpáistí maraon lena sláinte muna bhfuil na gníomhartha cuí le déanamh acu. Faraor, tá sé in am do chuid acu éalú ó na cnaipí is ón 'bhia gasta'.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is trom an t-ualach an falsacht.'

Cé nach bhfuil mórán le déanamh ag falsóir, is dócha go mbíonn a leithéid i gcónaí faoi ghruaim.

Gluais

baraíocht too much

tionchar influence

clochaois stone age

foscadh shelter

fuinneamh energy

leisciúil lazy

scaileán screen

sobaldhráma soap (drama)

samhlaíocht imagination


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland