Top Issue 1-2024

15 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

Feachtas Theach an Phiarsaigh

A promise to build an interpretaive and commemorative centre at Pearse's Cottage in Ros Muc in County Galway has been shelved. A pressure group is now strongly campaigning for the centre as promised. AN DRAOI RUA reports.

Is cosúil nach bhfuil Dáil Éireann tuillteanach an t-aitheantas ceart a thabhairt don Phiarsach go fóill. Bhí agóid ar siúl ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, Conamara, Co. na Gaillimhe Luan Cásca seo chaite.

Mar a tharlaíonn sé, thug an t-Aire Éamonn Ó Cuív gealltanas breis agus dhá bhliain ó shin go dtógfar Ionad Comórtha in ónóir do Phádraig Mac Piarais agus ar Éirí Amach na Cásca 1916 ag an suíomh. Le déanaí, áfach, d'fhógair an rialtas nach féidir leo an gealltanas seo a chomhlíonadh.

Creideann lucht an rialtais nach mbeadh Ionad Comórtha i Ros Muc ábalta go leor brabús a dhéanamh ag an láithreán iargúlta i gConamara. Deir siad nach bhfaigheann Teach an Phiarsaigh ach timpeall 6,000 cuairteoirí sa bhliain. Ag an am céanna, caithfidh a admháil nach mbíonn an teach ar oscailt ach le linn míonna an tsamhraidh.

Fá láthair, is beag poiblíocht atá déanta i dtaobh Theach an Phiarsaigh i gContae na Gaillimhe féin. Cinnte, tá neart daoine a bhí ar cuairt ar Chonamara agus nach raibh ábalta teacht ar suíomh an Phiarsaigh sa cheantar iargúlta seo. Ar ndóigh, tá a lán eile a chuaigh ar oilithreacht chuig an teach ach nach raibh in ann dul isteach ann toisc é a bheith druidte.

Tuigtear gur thóg an Piarsach an teach seo i 1908 i ndiaidh dó cuireadh a fháil ó chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge dul ar cuairt ann. Tuigtear gur chaith sé neart ama i mbun pinn agus é ann.

Ba é Seosamh Ó Cuaig, comhairleoir neamhspléach de chuid Údarás na Gaeltachta, a d'eagraigh an agóid Luan Cásca agus atá i mbun an fheachtais l'aitheantas ceart a fháil don Phiarsach. Ní amháin go mbeadh an t-Ionad nua seo mar comóradh ar an Phiarsach agus ar 1916 ach is cinnte go spreagfadh a leithéid fuinneamh úrnua sa cheantar.

Bhí breis agus 150 duine ag Teach an Phiarsaigh lena míshástacht a léiriú fán chinneadh a ghlac an rialtas i dtaobh an ionaid a chur ar leataobh. Ar ndóigh, bhí neart daoine áitiúla i láthair ach caithfidh a rá go raibh poblachtánaithe de gach sórt ag freastal ar an agóid idir Sinn Féin, RSF, agus roinnt comhlairlí áitiúla de chuid Fhianna Fáil nach raibh sásta lena gceannairí. Tugadh fá deara fosta, go raibh máthair Mháiréad Farrell i láthair chomh maith agus 83 slánaithe aici anois. Lena chois sin, bhí lucht aitheanta ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag léirsiú chomh maith.

Léigh an t-Uasal Ó Cuaig foclaíocht an gealltanais a thug an t-Aire Ó Cuív dhá bhliain ó shin agus é ag léiriú go raibh an rialtas ag dul siar ar an 'Plean Forbartha Náisiúnta'. Mar aon leis sin, léigh sé sliocht as an leabhar, 'Ros Muc agus Cogadh na Saoirse' a scríobh Prionsias Mac Aonghusa. (Scaipeadh luaithre Phroinsias sa chomharsanacht ar an lá céanna).

Cé nach raibh ach 150 duine ag Teach an Phiarsaigh Luan Cásca seo chaite, tá an feachtas ag neartú l'aitheantas ceart a fháil don Phiarsach agus don Ionad Comórtha a thógáil. Luaigh Seosamh Ó Cuaig go raibh tacaíocht faighte acu ó dhreamanna éagsúla ar fud na tíre agus deir sé go gcuirfidh sé fáilte ó éinne ar son na cúise seo. Tá daoine de gach dearcadh polaitiúil, gníomhaithe teanga, lucht liteartha agus eile taobh thiar den fheachtas. Ní anseo ach tús leis an fheachtas agus feictear go bhfuil náire ar roinnt polaiteoirí fán ábhar cheana féin: FF ag cur an locht ar na PDs agus PDs ag lochtú FF.

Cé go raibh an t-Ionad Comórtha le bheith tógtha agus oscailte i 2004, is cosúil go mbeidh tréimhse le fanacht go fóill. De réir mar an feachtas ag neartú, b'fhéidir nach mbeidh muid ag fanacht ró-fhada.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní dhéantar teach gan teanga.'

Is beag teach nach mbíonn achrann beag nó mór ann ach seans go mbeidh conspóid ar fud na cruinne i dtaobh Theach an Phiarsaigh.

Gluais

Ionad Comórtha Commemorative Centre

comhlíonadh fulfill

iargúlta rural

neamhspléach independent

cinneadh decision

Plean Forbartha Náisiúnta National Development Plan

luaithre ashes

tacaíocht support


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland