Top Issue 1-2024

1 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cleas na dToitíní

Perhaps we've all lost the point in the debate over the smoking ban - the health system in Ireland is in a terrible state, writes AN DRAOI RUA.

Caithfimid a admháil gur éirigh go hiontach le cleas Mhícheál Uí Mháirtín agus a dhlí úr le cosc a chur ar tobac in áiteanna oibre ar fud na 26 chontae. Tá comhghairdeas ag gabháil dó ó cheannairí Fhianna Fáil (nach bhfuil poblachtánach a thuilleadh, teideal a chaill siad ar na mallaibh, dar leo). D'éirigh leis an t-Uasal Ó Máirtín muintir na tíre a chur ag caint is ag argóint fá na buntáistí is na mí-bhuntáistí a bhaineann leis an chosc. Cén fáth a deirim seo? Bhuel, a fhad is atá daoine gnóthach ar dhá thaobh na díospóireachta ag caint faoin chosc, ní bheidh siad ag tabhairt mórán airde ar fhadhbanna an chóras sláinte.

Sular toghadh an rialtas seo roinnt blianta ó shin, bhí neart gealltanais le cloisteáil ag spalpadh ó na polaiteoirí chéanna. I measc na rudaí a dúradh linn, bhí sé le tuiscint go mbeadh forbairt ollmhór ar na seirbhísí sláinte. Dála le gealltanais eile, ní raibh ann ach focail le gaoth.

Tá liostaí feithimh do chúraimí éagsúla go holc is a bhí riamh, rud a fhágann daoine i gcruachás agus i bpian ar feadh i bhfad sula mbíonn deis acu teiripeoir nó eile a fheiceáil fiú. Is é an freagra is coitianta a chleachtann polaiteoirí áitiúla ná glao gutháin a chur ar an teiripeoir áirithe agus iarr orthu duine ar leith a fheiceáil go luath ar an liosta toisc gur cara mór dá gcuid atá i mo dhuine. Ar ndóigh, b'fhéidir go n-éiríonn leis na polaiteoirí seo cúpla vóta a fháil as a leithéid de chleachtadh ach ní reitíonn siad fadhbanna na liostaí feithimh.

Tá otharlanna agus seirbhísí éagsúla i mbaol dúnadh, rud a fhágfaidh muintir iargúlta na tíre go háirithe i ndrochdhóigh agus turais móra rompu i gcásanna práinneacha. Bhí le feiceáil i gCo. Muineacháin gur chaill bean a leanbh agus turas breise curtha uirthi gabháil go oispidéal an Chabháin. Anois, ní féidir a bheith cinnte an mbeadh an leanbh beo inniu dá mbeadh otharlann Mhuineacháin ábalta an bhean a ghlacadh isteach, ach is dócha go mbeadh seans i bhfad níos fearr aige.

Tuigimid go mbíonn daoine fágtha ar thrálaithe sna hallaí in otharlanna ar fud na tíre mar a bheadh píosa feola iontu i siopaí búistéirí. Feictear fosta, nach bhfuil go leor airgid curtha ar fáil leis an trealaimh nua-aimseartha atá ag teastáil go géar ag othair na tíre. Ní amháin sin, ach is cosúil gur fearr le bainisteoirí altraí is eile a choinneáil ar chonraithe sealadacha agus mar a tharlaíonn sé tá cosc iomlán ar postanna nua ar bith a chruthú faoi Bhord Sláinte an Iarthair. Ní nach ionadh nach bhfuil mórán forbartha déanta ar sheirbhísí sláinte na tíre.

Cé nach n-aontaíonn gach duine leis an chosc ar thobac, is cinnte go mbeidh fonn ar neart daoine éirí as an drochnós is go mbeidh sláinte an phobail níos fearr as dá bharr. B'fhéidir nach mbeidh an oiread sin daoine ag fulaingt as ailse scamhóga ach an mbeidh forbairt déanta ar an chóras sláinte le freastal ar na galair éagsúla eile?

Gluais

comhghairdeas congratulations

díospóireacht debate

liostaí feithimh waiting lists

teiripeoir therapist

cleachtadh practice

iargúlta rural

trealaimh nua-aimseartha modern equipment

conraithe sealadacha temporary contracts

ailse scamhóga lung cancer

Seanfhocal na Seachtaine

'Caithfidh gach éinne deachú na sláinte a dhíol.'

Gan amhras, táimid uilig freagrach as aire a thabhairt dúinn féin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland