25 March 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cáineann Sinn Féin eisiamh na Gaeilge ó ghréasán oifigiúl an AE

Bairbre de Brún

Bairbre de Brún

Athéilíonn Bairbre de Brún, iarrthóir AE Shinn Féin sa toghcheantar Thuaidh agus Thiar, go mbronnfar stádas iomlán san Aontas Eorpach ar an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre. Tagann an t-éileamh seo 16ú Márta díreach tar éis d'Uachtarán an Choimisiúin, Romano Prodi, agus do na deich gCoimisiúin ainmnithe, gréasán oifigiúil an AE a sheoladh i dteangacha na mballstát úra.

"Fáiltíonn Sinn Féin roimh na stáit úra a bheidh ag teacht isteach san Aontas 1ú Bealtaine 2004," arsa de Brún. "Is céim ar aghaidh í go bhféadfar teacht ar ghréasán oifigiúil an AE, EUROPA, ag achan stát ina theanga féin.

"Ach, arís, cuireadh ar leataobh teanga na Gaeilge ag an AE agus ag Uachtarántacht Éireannach an Aontais, mar theanga oifigiúil oibre an AE. Éilíonn Sinn Féin arís ar Rialtas na hÉireann, tré mheán Uachtarántacht an AE, cothrom na Féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus cothroime a bheith aici le teangacha eile na hEorpa.

"Leanfaidh Sinn Féin leo tacaíocht a thabhairt don fheachtas Stádas an t-aitheantas sin a bhaint amach. Leanfar leis an bhrú ar Rialtas an Stáit seo stádas iomlán cultúrtha a bheith ag an Ghaeile laistigh den AE."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland