Top Issue 1-2024

25 March 2004 Edition

Resize: A A A Print

Séasúr na Sailí

BY AN DRAOI RUA

De réir sheanfheilire na gCeilteach, táimid anois i lár na bliana agus mí na sailí díreach i ndiaidh toiseacht. Da bhrí sin, is dócha nach ndéanfadh sé aon dochar tamall a chaitheamh le nósanna an chrainn a phlé.

Is cosúil go bhfuil íomhá brónach go leor ag an chrann i gcultúir éagsúla agus is cinnte go bhfuil cruth gruama ar an saileach silte taobh le uisce go háirithe. Caithfidh a rá nár chreid na Gaeil go raibh a dhath ar bith brónach ina taobh.

Creidtear go bhfuil torthúlacht agus beatha ar leith bainte leis an saileach as siocair go bhfuil sí le feiceáil go minic ag fás taobh le uisce. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil sí go hiontach ag fás. Níl le déanamh ach slaitín a chur agus i ndiaidh tamaillín, tá crann fásta ann. Faraor, dúradh go raibh leigheas iontach ag an saileach a chuidíonn le gruaig a chur ag fás arís ar ainmhíthe. Chuimil daoine slaitín dóite ar an craiceann lom agus d'fhás an gruaig ar ais arís. Anois, tá súil agam nach mbeidh fir maola ag dó sailigh; ... ainmhíthe a bhí i gceist ag na seandaoine.

Is iontach an úsáid a bhain ár sinsear as an saileach. Bhíodh ciseáin de gach saghas curtha le chéile leis na slaitíní sailí ar fud na hEorpa. Bhí daoine áirithe den tuairim nach dtiocfadh leo craobhacha na sailí a bhaint agus an gealach ag laghdú ar eagla go mbrisfeadh na slaitíní agus iad tirim. Ar an drochuair, níl an oiread sin daoine fágtha atá ina gcumas don cheird uasal anois. San am céanna, tuigtear go bhfuil athbheochán ar súil in áiteanna áirithe agus daoine ag déanamh a ndícheall na seancheirdeanna seo a chaomhnú.

Caithfimid a admháil, áfach, go raibh i bhfad níos mó ná ciseáin déanta as sailigh. Tuigimid go bhfuil cláirseach Bhrian Bórumha déanta as saileach. Glactar leis gur ghnách lenár sinsear neart cláirsigh a dhéanamh as sailigh. Ní amháin sin ach deirtear linn sa bhéaloideas gurb as saileach a rinneadh an cláirseach a scaoil le rún Labhraidh Loingseach; is é sin, go raibh cluasa capaill aige.

Bhí pisreoga éagsúla bainte leis an saileach fosta. Deirtear gur ghnách le taistealaithe slat sailí a iompar agus iad den bharúil go mbíodh ádh mór orthu ar a mbealach. Chuidigh an saileach go mór le bainne a fháil agus le im a dhéanamh chomh maith. Cuireadh slaitín sailí thart ar an chuinneog, rud a chosain an t-im. Mar a tharlaíonn sé, creidtear go raibh saileach draíochta i nGleann Dhá Locha le linn aimsir Naomh Caomhán; d'fhás torthaí lán de bhainne ar an chrann áirithe seo.

Tá ádh ar leith leis an saileach a bhíonn ag fás congárach do dhoras tí óir creidtear go gcuireann a leithéid an ruaig ar chailigh. Lena chois sin, bhí an saileach ar cheann de na plandaithe ar cheart a thabhairt isteach Lá Bealtaine, rud a bheannaíonn an teach don bhliain ar fad.

Tá draíocht iontach ag an saileach óir deirtear gurb í an t-aon crann amháin atá ábalta siúl. Is é an rud a dhéanann sí ná leanann sí taistealaithe i rith na hoíche agus filleann sí ar a fód dúchais roimh mhaidin. Mar aon leis sin, lúbann an saileach an oiread sin go gcreidtear go dtig leis an saileach daoine a chur faoi gheasa agus fonn damhsa a chur orthu.

Caithfidh a bheith cúramach, áfach, gan páiste ná aimhí a bhualadh le slaitín sailí toisc nach bhfásfadh siad i gceart ina diaidh.

Seanfhocal na Seachtaine

'An té a chuireann san earrach bainfidh sé san fhómhar.'

Creidim go dtiocfadh le duine ar bith saileach a chur ach bheinn go mór in amhras an mbeadh éinne ag iarraidh a torthaí a ithe.

Gluais

  • íomhá image
  • torthúlacht fertility
  • ciseáin baskets
  • slaitíní sailí sally rods
  • cláirseach harp
  • cuinneog churn

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland