Top Issue 1-2024

30 September 2011

Resize: A A A Print

Dhiúltaigh siad don ghátar atá dhá imirt orainne go fóill

Gátar nó Fás: léiríonn an Íoslainn go bhfuil slí eile ann

LE MAIRTÍN Mac EOIN

NÍ LÉIR CATHAIN a loicfidh nó a mhainneóidh an Ghréig ar a chuid fiacha, ach tá’s ag saol Fódla go loicfidh lá éicínt. Tá na fiacha ró-mhor is an t-ualach ar eacnamaíocht na Gréige ró-throm.
Is léir freisin go bhfuil forsaí airgeadais is polaitíochta na hEorpa ag troid go géar faoin scéal seo mar go dtuigeann siad ní hamháin go dtitfeadh an coras Euro as a chéile má loiceann an Ghréig - agus ina diaidh b’fhéidir Éirinn féin, an Phortaingéil is tíortha eile nach iad; ach go dtitfeadh an córas bancaerachta féin, agus tionchar aige sin ar an domhan ar fad.
Is beag an praghas don aicme airgid san Eoraip má tá beartas dian gátair le himirt orainne in Éirinn nó ar mhuintir na Gréige, nó go deimhin ar mhuintir na hEorpa.
Agus sin é i ndáiríre an argóint ata taobh thiar den chaint faoi Eora-dhíbhintiúir.  Iarracht atá ann fiacha poiblí a dhéanamh de fhiacha na mbainc agus an lucht airgeadais, agus mura féidir linne nó leis na Gréigigh an t-ualach a iompar caithfidh é a roinnt idir aicme oibre na hEorpa ar fad.
Go polaitiúil ar ndóigh táthar i gcónaí ag iarraidh an milleán a chur ar na tíortha bochta ar imeall na hEorpa: agus is dócha go gcreideann móramh sa nGearmáin go bhfuiltear ag iarraidh orthusan airgead a thabhairt do Ghréigigh leisciúla nó do Éireannach gan srian.
Ní thuigeann siad gurb iad a gcóras bancaerachta féin a bhí taobh thiar den ghéarchéim is atá in ainm an ghátair anois maidir leis na fiacha a thuill siad as saint.
In Éirinn tá muid i ndiaidh na mílte milliún de Euróchaí a chuir isteach sna bainc ionas nach loicfeadh an córas se’aghainne agus córas na hEorpa inár ndiaidh. Is air sin atá saibhreas na tíre dhá chaitheamh, agus dian-bheartais gátair againn sa mbaile nuair a bhíonn gach iarracht ar siúl féachaint chuige go dtiocfadh lucht na ndíbhintiúr slán as an ngéarchéim.
Ach tuigeann an rachmas idirnáisiúnta nach féidir lucht na ndíbhintiúr a chosaint ar fad, agus go ndófaí iad má – nó nuair a – loicfidh an Ghréig agus tíortha eile.
Sin a bhí taobh thiar den chuairt a thug Timothy Geithner ar an Eoraip i lár Mhean Fhómhair. Teastaíonn uaidh go mbeidh cleas eile ann le cailliúntí a cheilt agus leanacht ar aghaidh leis an Euro.
Ach más féidir na cailliúintí a cheilt ar pholaiteóirí ní féidir iad a cheile ar shaoránaigh ata ag fulaingt mar gheall ar an ngéarchéim, agus ní féidir fírinne an scéil a cheilt ar lucht an airgeadais ach an oiread.
Mar sin is ceist ama sula dtitfidh an rud ar fad as a chéile.
Cá bhfágann an fhírinne sin muintir na tíre seo?
Nuair a cháineann Sinn Féin agus páirtithe eile den eite chlé beartas an ghátair, deireann leithéidí Phat Rabbitte ó Pháirtí an Lucht Oibre a) nach dtuigeann muid eacnamaíocht an scéil, is b) nach bhfuil aon phlean réalaíoch againn.
Ach a mhalairt ar fad atá fíor mar a léiríonn scéal na hÍoslainne.
Bhí mainniú na mbanc sa tír seo i bhfad níos measa ná aon mhainniú atá againne anseo. Mar an gcéanna dúradh le muintir na hÍoslainne nárbh fhéidir lucht na ndíbhintiúr a dhó nó go ndiultóidis iasachtaí don tír sa todhchaí go deo.
Mar an gcéanna linne, dúradh le muintir na hÍoslainne go mbeadh lá na tubaiste ann dá bhfágfadh an tír líon cosanta na hEorpa - faoi mar a deirtear linne go bhfuil muid ag brath ar airgead ón Eoraip agus ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta le íoc as ár gcuid seirbhísí is riachtainis stáit.
Bhuel dhiúltaigh muintir na hÍoslainne glacadh leis sin. Bhí dhá reifreann acu faoi plean an rialtas go n-íocfaí fiacha lucht na ndíbhintiúr idirnáisiúnta, agus bhótail an pobal ina choinne faoi dhó.
Tá ceacht dúinne sa méad sin, mar i gcás Chonradh Nice agus Conradh Liospóin dhiúltaigh muid an chéad uair ach ghéill muid an dara huair agus féach anois an praiseach atá ann mar thoradh.
Cá seasann an Íosláinn anois? Cinnte, chaill Íoslainnigh airgead a bhí idtaisce acu thar lear, ach tháinig an eacnamaíocht slán as an ngéarchéim agus tá fás 3% acu anois toisc gur dhiúltaigh siad don ghátar atá dhá imirt orainne go fóill.
Agus maidir leis na margaí idirnáisiúnta airgeadais, is féidir díbhintiúr na hÍoslainne a dhíol ar 5% nuair a íocann muide 14%, is go n-íócann an Iodáil agus an Spáinn níos mó ná sé faoin gcéad.
Cé acu a bhí an ceart mar sin? Muide a ghéill don Eoraip is don IMF, nó an Íoslainn a thug droim láimhe dhóibh?
Ag deire thiar ní réiteach amháin i gceist ach dhá reiteach: ceann a chuireanns an t-ualach ar ghnáthmhuintir na tíre, nó ceann a chuireanns an t-ualach ar lucht an airgid.
Agus le filleadh ar Phat Rabbitte agus ar Pháirtí an Lucht Oibre, ní hé nach dtuigeann siad eacnamaíocht an scéil, ach nach bhfuil aon chnámh droma acu le labhairt amach ar son an phlean réalaí mar a chuireann Sinn Féin ar aghaidh é.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland