Top Issue 1-2024

26 February 2004 Edition

Resize: A A A Print

Mallacht na nGutháin Pócaí

Great and all as they are, writes AN DRAOI RUA, haven't we Irish gone a bit overboard with our mobile phones?

Níl aon guthán póca agam. Ar cheart dom mo leithscéal a ghabháil as a leithéid a rá? In Éirinn an lae inniú tá gutháin pócaí ag timpeall 80% de dhaoine fásta. Níl amhras ar bith ann go bhfuil mo leithéide sa mhionlach.

Anois, níl mé ag rá go bhfuil mé go hiomlán ina gcoinne ach creidim gur chóir srian de chineál éigin a chur orthu i sochaí na tíre. Ní 'Luddite' mé ach ba cheart dúinn a admháil go bhfuil cúrsaí ag dul thar fóir leis an ghuthán phóca.

Chuir m'iníon ceist orm ag deireadh na seachtaine an mbeadh cead aici guthán póca a bheith aici? D'fhreagair mé ceist s'aicise ar nós na Connachtaigh; le ceist eile. Cén fáth a mbeadh guthán póca de dhíth ag girseach cúig bhliain d'aois? 'Thiocfadh liom labhairt le mo chairde' a dúirt sí.

Anois, cé chomh tábhachtach is atá sé do chailín beag bídeach a bheith ábalta comhrá a dhéanamh lena cairde de shíor? Cé chomh tábhachtach is atá sé do dhéagóirí agus do dhaoine fásta?

Is cuimhin liom nuair a thosaigh ré an ghuthán phóca. Bhíodh an gléas nua-aimseartha ag na daoine uaisle amháin. Cinnte, bhí sé riamh práinneach go mbeadh teacht ar dhochtúir i gcás éigeandála, mar shampla. Ansin, rinneadh rud faiseanta as, agus níorbh fhada go raibh daoine le feiceáil ag coirneáil sráide, ag siopadóireacht, ina ngluaisteáin agus eile agus iad i mbun comhráití móra tábhachtacha. Bhí na gléasanna chomh faiseanta sin go bhfuil aithne agam ar dhaoine a lig orthu go raibh gutháin pócaí acu le cuma ardnósach a chur orthu féin.

I láthair na huaire, is deacair daoine a sheachaint lena ngléasanna pócaí seo. San ollmhargadh, chuala mé bean ag cur glaoch gutháin ar a fhear, ag fiosrú cén cineál cáise, ime... agus araile a bhí ag teastáil uaidh. Cad chuige nár scríobh sí liosta siopadóireachta. Ar an bhus, bíonn le cloisteáil, 'seá tá mé ag siúl ar an bhus anois, tá mé ag dul suí síos ar chúl agus deir fear na dtícéid go mbeidh an bus i Muileann Cearr ag 4.45 i.n.' I mbialanna nó i dtithe, feictear daoine i mbun comhrá lena gcairde ar gutháin pócaí. San am céanna is beag cainte a dhéanann siad lena gcuideachta. Ní amháin sin, ach bíonn daoine eile le feiceáil lena ngutháin pócaí faoina ordóga acu ag cur téacsanna tábhachtacha eile i dteanga giorraithe. Leoga, bíonn siad chomh gnóthach sin lena dtéacsanna nach féidir leo 'comhrá beo' a leanstan.

Creidim gur sin an pointe is tábhachtaí dúinn uilig. Cé go gcuidíonn an gléas nua-aimseartha seo linn teagmháil a dhéanamh le daoine, is dócha gur lú cumarsáid a dhéantar le daoine i ndáiríre. Mar shampla, tá teanga ar leith ann do théacsanna anois agus is fíor go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar an teanga scríofa. Is cosúil go ndéanann neart daoine dearmad, fosta, gur féidir leo an gléas a mhúchadh anois is arís agus comhrá a dhéanamh le duine os a gcomhair.

Mar aon leis sin, de réir mar a thuigim, tá na Meiriceánaigh ag rá anois go bhfuil seirbhísí níos fearr anois do gutháin pócaí san Iaráic. B'fhéidir nach bhfuil uisce reatha, córas leictreachais, seirbhísí sláinte, córas oideachais ar bith acu ach dóibh siúd a bhfuil gutháin pócaí acu is féidir leo na fadhbanna seo a phlé lena gcairde.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is gnách an rud is giorra don chroí gurb é is giorra don bhéal.'

Creidim go mbíonn i bhfad níos mó rudaí le rá ag daoine ná a bheith ag trácht ar chúrsaí a gcroíthe.

Gluais

mionlach minority

nua-aimseartha modern

práinneach urgent

cás éigeandála emergency case

ardnósach pompous

seachaint avoid

teanga giorraithe abbreviated language

Fáilte roimh Choimisinéir Teanga nua

Chuir Aengus Ó Snodaigh TD, úrlabhraí Sinn Féin ar Gaeilge agus Gaeltachta, fáilte roimh cheapadh an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag an Uachtárán Máire Mhic Giolla Íosa in Áras an Uachtaráin ar an Luain.

"Is céim tábhachtach chun tosaigh é do phobal na Gaeilge. Ba chóir anois Oifig an Choimisinéara Teanga a chur ag obair gan moill agus é a mhaoiniú i gceart. Bhi moill fada ar obair an Choimisiúin um Chearta Daonna mar níor tugadh an foireann dóibh," a dúirt an Teachta Ó Snodaigh.

"Tá sé deimhnithe ag an Rialtas nach raibh sé i gceist riamh go bhfostófaí daoine nua in Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá súil agam go mbeidh a dhóthain stát-seirbhisigh ag an Coimisinéir nua chun dul ar aghaidh leis an obair."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland