Top Issue 1-2024

12 February 2004 Edition

Resize: A A A Print

Daonlathas leictronach

This new electronic voting system is to be introduced this year, but there are a few questions about it that haven't quite been clarified, says AN DRAOI RUA.

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mé go hiomlán ar mo shuaimhneas maidir leis an chóras úr vótála atá le teacht i bhfeidhm ar fud na sé chontae is fiche i mbliana. Ní dóigh liom go bhfuil mé i m'aonar ach oiread.

I ndiaidh 'Stupid White Men', leabhar Michael Moore, a léamh, tuigimid uilig gur féidir torthaí toghacháin a lúbadh ar son taobh amháin. Le fírinne, is deacair muinín ar bith a bheith ag an phobal i gcóras atá lofa.

Dá bhrí sin, an féidir linn a bheith céad faoin céad cinnte nach féidir mí-úsáid a bhaint as an chóras leictreonach úrnua seo? Faraor, níl muintir na hÉireann ar aon intinn faoi seo in aon chor.

Maith go leor, agus muid anois beo i mílaois na ncnaipí, tá an dream óg breá cleachtaithe le cnaipí a bhrú agus gutháin póca, ríomhairí agus an 'poll sa bhalla' in úsáid go laethúil. Ní cheapaim go mbeidh mórán faidhbe ag daoine óga le córas leictreonach.

San am chéanna, tá mé den bharúil go gcuireann ríomhairí eagla ar seanfhondúirí agus ní bheidh mórán acu siúd ró-thugtha don chóras úrnua teicniúil seo.

Sin an cheist is mó, áfach, ná : 'An bhfuil an córas sábháilte?'

Níl amhras ar bith ann ach tá cruthúnas de dhíth ag an phobal le cur in iúl go n-oibríonn an córas seo gan locht. Tá sé molta cheana féin gur cheart don ríomhaire admháil éigin a thabhairt don té atá i ndiaidh vóta a chaitheamh. Bhí moladh eile ann gur cheart cóip crua a dhéanamh do gach uile vóta. Ansin, dá mbeadh ceist ar bith ann, thiocfadh pilleadh ar na vótaí crua agus cuntas láimhe a dhéanamh orthu siúd.

Tá costas mór ag baint leis an chóras chomh maith. Deirtear go gcaithfear 40 milliún euro leis an chóras a bhunadh. Tá an rialtas den tuairim go n-íocfar an córas as an chostas seo i ndiaidh cúig toghacháin as siocair nach mbeidh daoine fostaithe leis an chomhaireamh a dhéanamh. Níl stóras an córais san aireamh ag an rialtas leis an figiúr thuasluaite. De réir mar a thuigimid, chosnaigh sé 20 míle euro an córas a choinneáil sábháilte i ndáilcheantar amháin. Cén costas a bheadh i gceist le haghaidh na hinnill ar fad ar fud na tíre?

Molann daoine atá ar son an córais úir seo go mbeidh sé iontach furasta dóibh siúd atá ar bheagán scríbhneoireachta. Cuimhnítear nach bhfuil le déanamh ach 'x' nó '1', '2', '3' ... a chur taobh le ainm an duine sa chóras a bhí againn riamh.

Creidtear go bhfuil suas le 40% den daonra nach mbacann le vótaí a chaitheamh i dtoghacháin ar bith. Ní dóigh liom go spreagfaidh an córas leictreonach seo daoine ciniciúla dóchas úrnua a bheith acu i bpolaiteoirí na tíre. A mhalairt atá fíor, go cinnte.

San Astráil, tuigim go bhfuil dualgas ar dhaoine vóta a chaitheamh i ngach toghachán. Maise, ba cheart go mbeadh gach saoránach tuillteanach an méid seo a dhéanamh. Cuirtear píonós orthu siúd nach gcaitheann vótaí. Leoga, caitheann formhór an phobail a vótaí ach scriostar cuid mhaith de na vótaí sin. Is ionann sin agus a rá nach bhfuil dóchas ar bith acu sna polaiteoirí os a gcomhair. Má tharlaíonn sé riamh go bhfuil níos mó vótaí scriosta ná mar atá ag iarrthóirí, cuirtear an toghachán ar ceal agus tosaítear arís.

Ar an drochuair, áfach, níl an rogha ag daoine vótaí a scrios sa chóras leictreonach. Is mór an trua óir is minic a scrios mé féin vóta.

Ní thuigim cén fáth a bhfuil deifir ar an rialtas an córas leictreonach seo a thabhairt i bhfeidhm chomh sciobtha sin i mbliana. Is léir go bhfuil neart ceisteanna ag daoine ina thaobh. B'fhearr i bhfad na ceisteanna ar fad a fhreagairt agus córas a bhunadh ina bhfuil cothrom na féinne tugtha do chách agus ina bhfuil misneach ag daoine go gcuirfear fíor-daonlathas i bhfeidhm.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fada cuimhne sean-leanbh.'

Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil cuimhne maith againn uilig agus nach féidir dallamullóg a chur orainn ar fad.

Gluais

suaimhneas at peace

toghachán election

córas leictreonach electronic system

seanfhondúirí old-timers

cruthúnas proof

admháil receipt

cuntas láimhe hand count

comhaireamh calculation

cothrom na féinne fair play


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland