5 February 2004 Edition

Resize: A A A Print

Bruscar na Tíre

This week AN DRAOI RUA poses a simple question 'Why do so many people litter this country?

Tharla gur bhreathnaigh mé ar an chéad leathanach de 'Foinse' Dé Domhnaigh seo chaite agus chonaic mé griangraf de bhruscar caite ar leataobh ag ceann de na radharcanna is áille in Éirinn. Is dócha go bhfuil an radharc ar Inis Tuaisceart ar cheann de na radharcanna is deise a thiocfadh le duine a fháil ón tír mór i gCiarraí. Nach mór an trua nach bhfuil an meas céanna ar an áit ag cuid de mhuintir na tíre?

Le fírinne, bhí mise i gcónaí den tuairim go raibh Dún Chaoin ar cheann de na suíomhanna is áille sa tír as siocair go bhfuil sé suite ag an phointe is mó siar ar an oileán mhór. Is cuimhin liom féin dul ar cuairt ann agus ag fanacht sa dóigh is go dtiocfadh liom feiceáint ar luí na gréine. Cheap mé go raibh mé ag breathnú ar 'chlapsolas cheilteach'. Cinnte, bhí an aisling sin scriosta nuair a d'fhéach mé ar an ghriangraf úd.

Anois, tuigeann madaidh na sráide nach rud as an ghnách a leithéid de bhruscar a fheiceáil caite ar leataobh mar seo. Gach seans go bhfuil truailliú mar seo i ngach aon paróiste ar fud na tíre. B'fhéidir gur chóir dúinn a admháil go bhfuil truailliú de shaghas éigin in achan baile fearainn go fírinne?

Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil deacrachtaí agam maidir le tuiscint na faidhbe seo. Ní thuigim cad chuige a dhéanann daoine a leithéid.

B'fhéidir go bhfuil fáthanna éagsúla le bruscar a chaitheamh ar leataobh. An é nach bhfuil an t-airgead ag daoine íoc as na costasaí bruscair? Níl amhras ar bith ann ach tá truailliú na tíre ag éirí níos measa de réir mar atá táillí bruscair ag ardú. Tuigimid fosta go bhfuil daoine áirithe i bponc leis na táillí costasacha a íoc agus mar sin de, roghnaíonn cuid acu a gcuid bruscair a chaitheamh ar leataobh. Más sin an cás, ba cheart go mbeadh cúiteamh éigin ar fáil do dhaoine i gcruachás.

Ní sin tús agus deireadh an scéil, ar ndóigh. Tá roinnt daoine in Éirinn atá i bhfad ró-sprionlaithe costasaí bruscair a íoc. Mothaíonn cuid acu nach bhfuil siad ag déanamh dochar ar bith nuair a chaitheann siad truflais sa phortach. Sin an fáth a bhfuil an portach ann dar leo.

Creidim féin go bhfuil i bhfad níos mó bruscair againn sa lá atá inniu ann ná mar a bhí ag daoine tamall ó shin. D'éirigh lenár sinsear aire a thabhairt don timpeallacht ar feadh na cianta ach le gairid tá scrios ollmhór déanta ag muintir na hÉireann. Bhí meas agus ómós ag duine ar an talamh agus ar gach a bhain leis toisc gur thuig sé go raibh sé ag brath air. Faraor, tá cuid daoine in Éirinn i láthair na huaire nach dtuigeann an fhíric seo agus nach bhfuil sásta glanadh ina ndiaidh i mbialann fiú. San am céanna, b'fhearr i bhfad le Bord Fáilte dearmad a dhéanamh go bhfuil a leithéid ag tarlú in aon chor.

Seanfhocal na Seachtaine

'Beagán ar bheagán, faoi mar

a d'ith an cat an scadán.'

Tá súil agam nach leanfar leis an truailliú giota ar ghiota go dtí nach bhfuil in Éirinn ach ionad ollmhór dramhíola.

Gluais

radharcanna views

suíomhanna sites

clapsolas ceilteach celtic twilight

cúiteamh compensation

sprionlaithe tight fisted (with money)


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland