Top Issue 1-2024

30 September 2011

Resize: A A A Print

Comhdháil i nGaillimh 7 Meán Fómhair

Seo chugainn Poblacht Nua

TÁ 2016 ag teannadh linn go tapaidh agus tá sé níos tráthúla ná ariamh go mbeadh muid mar náisiún ag féachaint siar ar an áit as a dtáinig muid agus ag féachaint chun cinn chomh maith ar an áit ar mhaith linn a bheith mar thír nuair a bheidh comóradh céad bliain an Éirí Amach dhá chomóradh againn.
Is chun díriú ar na ceisteanna seo atá Sinn Féin ag eagrú comdháil speisialta i nGaillimh ar an 7 Meán Fomhair ar an téama ‘I dTreo Poblacht Nua’. Le linn na comhdhála beidh muid ag féachaint ar acmhainní nádúrtha na hÉireann ar an mbealach is leithne. Gan dabht beidh muid ag caint ar an ola agus an gás atá amach ó chósta na tíre agus cén chaoi is fearr dúinn mar phobal an leas is fearr a bhaint astu sin ar mhaithe le muintir na hÉireann ar fad. Beidh urlabhraí ón Iorua againn leis an díospóireacht seo a spreagadh, sin é Stein Bredal a bhí mar ionadaí ag lucht na gceardchumainn ar feadh roinnt mhaith blianta ar bhord Statoil.
Beidh an tOllamh le heacnamaíocht in Ollscoil na hÉíreann, Gaillimh, Terrence McDonagh linn chomh maith lena léargas féin ar eacnamaíocht na tíre agus na cinntí polasaí is ceart dúinn a ghlacadh chun ár bhflaitheas a ghlacadh ar ais ón AE/IMF. Beidh cainteoirí eile ann chomh maith ón earnáil oideachais, saol an spóirt agus beidh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams mar aoíchainteoir chomh maith. Toiréasa Ferris a bheidh sa chathaoir agus seans go mbeidh cúpla focal le rá agam féin freisin!
Tá an chomhdháil seo mar chuid de shraith imeachtaí den chineál céanna a eagraíodh i Meiriceá Thuaidh, sna Sé chontae, i  mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá béim mhór ar pháirtíocht ón urlár ag na hócáidí le hinchur gearr ó na haíonna agus ansin seisiún ceisteanna agus plé leis an lucht féachana. Tá na comhdhálacha dírithe ar phobal leathan agus muid ag iarraidh plé a dhéanamh ar na hábhair éagsúla i gcomthéacs uile Éireann.
Tá ócáid na Gaillimhe ag léiriú teacht chun aibíochta Sinn Féin san Iarthar. Is mór ócáid é a léiríonn go bhfuil muid ar chomhchéim leis na páirtithe polaitíochta eile sa chathair. Is mór an t-athrú é seo i gcathair na dtrí n-uisce. Is deis iontach é chun plé a dhéanamh ar na luachanna poblachtach, sóisialach atá againn mar pháirtí agus muid ag súil go mbeidh glacadh níos forleithne leo agus fás ar ár dtacaíocht dá réir.
Tá sé seo ag tarlú agus muid i lár toghchán na hUachtaránachta. Toghchán iontach stairiúil dúinne é seo  agus Martin McGuinness mar iarrthóir againn. Cuireann sé seo Sinn Féin i lár an stáitse go náisiúnta. Tá sé suntasach go bhfuil claontacht na meáin le sonrú go láidir cheana féin agus iad ag tarraingt aníos an chuid is conspódaí de chúlra Máirtín gan é a chuir i gcomhthéacs na linne. Ach sin ráite ardaíonn seo cuid mhaith ceisteanna maidir leis an bproiséas síochána agus ról dearfach Martin & Sinn Féin ansin. Tugann sé seans freisin ceannródaíocht an Leas Chéad Aire sa Chomthionóil a léiriú agus a chumas mar Státaire agus mar urlabhraí idirnáisiúnta ar son poblachtaithe agus Éireannaigh ar fud na cruinne.
Tá ainmniúchán McGuinness tar éis teachtaireacht soiléir a thabhairt chomh maith go bhfuil Sinn Féin ag láidriú mar pháirtí uile Éireann le h-ionadaithe i ngach fóram tofa ar an oileán maraon leis Aontas Eorpach. Tá ionadaíocht méadaithe againn i dTithe an Oireachtais agus muid ag imirt tionchar freasúrachta iontach gníomhach agus muid ag tógáil gach deis chun polasaithe Shinn Féin a chur chun cinn agus dúshlán an Rialtais a thógáil nuair nach bhfuil siad ag rith reachtaíocht a thugann cothrom na féinne do shaoránaithe na tíre ar fad.
Tá ról an-tábhachtach againn chun fís nua, uilíoch a chuir chun cinn d’Éirinn. Tá easpa misnigh dhá léiriú ag na páirtithe eile maidir le seasamh níos láidre a ghlacadh ar an gceist náisiúnta agus féiniúlacht na hÉireann i gcomthéacs na hEorpa. Ní léir go bhfuil siad ábalta aon smaointeoireacht nua ná radacach a dhéanamh a thabharfadh fuascailt dúinn ar dheacrachtaí eacanamíochta na tíre. Tá na polasaithe atá dhá chur chun cinn chomh maith ag déanamh go leor dochar do shochaí sóisialta agus cultúrtha na tíre agus tá sé riachtanach go mbeadh Sinn Féin dhá throid seo agus ag múscailt an phobail chun seasamh linn.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland