Top Issue 1-2024

22 January 2004 Edition

Resize: A A A Print

An Draoi Rua

Ar son na hEorpa Nua

Anois agus Dáil Éireann i gceannas ar Uachtarántacht na hEorpa ar feadh roinnt míosa, tá feachtais éagsúla ar siúl ag léirsitheoirí. Ina measc siúd tá an scáth-ghrúpa 'Ar son na hEorpa Nua'. Tá sé i gceist acu díriú ar trí spriocanna áirithe: (1) frithchogaíochta, (2)frith-chiníocha agus (3)frith-phríobháidiú seirbhísí póiblí.

Léiritear i 'Clár Uachtarántacht na hÉireann don Aontas Eorpach' go bhfuil sé i gceist ag an Aontas Eorpach agus SAM comhoibriú le chéile maidir leis an proiséas síochánta sa Mheán-Oirthear, polasaithe san Iaráic agus sa troid domhanda i gcoinne na scéimhlitheoireachta.

Tá sé de chuspóir ag an Aontas Eorpach a bheith ag leathnú a bhallraíocht i Mí Bealtaine seo chugainn ach is cosúil go bhfuil 'Dún na hEorpa' á chruthú le blianta beaga anuas. Tá polasaithe ciníocha curtha i bhfeidhm, rud a fhágann saol níos crua ag teifigh agus ag imircigh.

Léirigh ceardchumannaithe go bhfuil siad buartha maidir leis na haidhmeanna atá ag rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach agus iad ag príobháidiú seirbhísí poiblí. Tá cúrsaí níos deacra ag an ghnáthduine dá bharr, costasaí ardaithe, seirbhísí laghdaithe agus postanna caillte. Tá impléachtaí slándúla, sláintiúla agus timpeallachta má leanfar ar aghaidh le seirbhísí ar leith a phríobháidiú mar córaisí uisce agus iompair go háirithe.

Dúirt urlabhraí ón ghrúpa go gcuireann siad i gcoinne mhíleatachas na hEorpa ach go dtacaíonn siad le riachtanais na ndaoine agus le timpeallacht na cruinne.

Fíbín agus Fáilte

Seoladh compántas drámaíochta úrnua breis agus seachtain ó shin. 'Fíbín' a cuirtear ar an dream seo. Gan amhras, oireann an t-ainm go mór leo. Léirigh siad seó do pháistí darbh ainm 'An Gabha is an Ghasúir' agus anois tá sé i gceist acu a bheith ag taisteal na tíre leis.

Tugann 'Fíbín' beocht draíochta do síscéalta na hÉireann. Éiríonn go hiontach leis na púipéid beatha ar leith dá gcuid féin a thabhairt leo ar an staitse. Tuigim go bhfuair cuid den fhoireann oiliúint ón chomhlacht Henson, dream a chruthaigh Sesame Street, The Muppet Show agus a lán eile. Seans go n-aithneofar guthanna ó 'The Hoobs' ar TG4. Cinnte, is aisteoirí gairmiúla iad ar fad a ghlacann páirt sa seó.

Tugann sé dóchas dom nach bhfuil na seanscéalta imithe i léig agus is cinnte go bhfuil ardchaighdeán draíochtúil léirithe ag 'Fíbín'.

Guím gach rath ar an chomhlacht seo a gheallann siamsaíocht taitneamhach a chur ar fáil dá lucht féachána i gcónaí. Tá éileamh ollmhór dá leithéid agus tá súil agam go n-éireoidh leo réimse ollmhór leathan de síscéalta na hÉireann, scéalta laochais, miotaseolaíocht na Fiannaíochta agus éachtraí Rúraíochta a léiriú ar ardáin ar fud na tíre sna blianta amach rompu.

Má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais ina dtaobh, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Mícheál Óg McGee ag 091 505926.

Seanfhocal na Seachtaine

'D'imigh sé le fíbín feirge.'

Cé go bhfuil súgradh agus spraoi bainte leis an fhíbíneacht, is beag fonn gáire a bhí ar mo dhuine thuasluaite.

Gluais

uachtarántacht - presidency

léirsitheoirí - demonstrators

frithchogaíochta - anti-war

frith-chiníoch - anti-racist

scéimhlitheoireacht - terrorism

laghdaithe - weakened

míleatachas - militarisation

fíbín - gadding/messing about

éileamh - demand


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland