15 January 2004 Edition

Resize: A A A Print

Support for Irish as official EU language at Forum on Europe

Bairbre de Brun

Bairbre de Brun

Bhí an tUasal Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael i measc na daoine a thug tacaíocht don bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach ag seisiún den Fhóram Náisiúnta um an Eoraip ar maidin. Bhí an tUasal Kenny ag labhairt le hionadaithe an brú-ghrúpa STÁDAS sular chuir an Dr. Pádraig Ó Laighin aighneacht thar ceann an ghrúpa faoi bhráid an Fhóram.

Bhí garda onóra curtha ar fáil do theachtaí go dtí an bhFóram Náisiúnta ag píceadóirí Loch Garman ag príomhgheata Chaisleán Bhaile Átha Cliath chun tacú leis an éileamh go ndéanfar teanga oifigiúil den Gaeilge san AE.

Agus ag labhairt leis an bhFóram, dúirt an tSeanadóir Joe Higgins: "Tá Fine Gael lán taobh thiar den rún seo. An t-am ceart chun an beart a dhéanamh ná i rith na hUachtaránacht seo."

Ag tacú leis an bhfeachtas bhí an Teachta Dála, Michael D Higgins (Páirtí an Lucht Oibre). Mhol sé aighneacht Uí Laighin agus dúirt sé: "Tá seans againn anois agus b'fhéidir nach dtiocfaidh an seans go ceann roinnt blianta eile. Molaim glacadh leis an aighneacht seo i bprionsabal agus iarratas a dhéanamh chun Chomhairle na hEoraip."

Dúirt ionadaí Shinn Féin chuig an Fhóram, an iar-aire Sláinte Bairbre de Brún, go raibh sí in ann an Ghaeilge a úsáid i dTionól Stormant agus mar Aire Sláinte de bharr na socruithe a deineadh le Comhaontas Aoine an Chéasta, ach de bharr teip an rialtais na socrutihe cuí a dhéanamh nuair a tháining Éire isteach sa chomhpobal, ní raibh sí in ann an Ghaeilge a úsáid sna institiúidí Eorpach. Agus d'iarr de Brún: Cá bhfuil an bac? Cé atá in aghaidh é seo?"

Dúirt an Teachta Dála Sóisialach, Joe Higgins go raibh sé scannalach nárbh fhéidir le chomhaltaí Pharlaimint na hEoraip an Ghaeilge a úsáid gan cead roimh ré.

Ag tacú leis an bhfeachtas chomh maith bhí an Chomhairleoir Deirdre de Búrca thar ceann an Chomhaontas Ghlas, Alan Dukes agus an Teachta Eorpach ó Fhianna Fáil, Séan Ó Neachtain.

Dúirt Ó Neachtain: "Tacaím go láidir leis an aighneacht seo. Tá leatrom á dhéanamh orm mar fheisire Eorpach agus tá leatrom á dhéanamh in aghaidh shaoránaigh na tíre seo."

Níos luaithe ar maidin, chuir Cathaoirleach an Fhóraim, an tSeanadóir Maurice Hayes in iúl, go raibh eisean den tuarim gur chóir stádas oifigiúil san AE a bhronnadh ar an nGaeilge. Bhí an tSeanadóir ag labhairt ar an gclár 'Adhmhaidin' ar Raidió na Gaeltachta.

Cúlra:

Le fairsingiú na Bealtaine seo chugainn, beidh 20 teanga oifigiúil ag an Aontas, mionteangacha ar nós Slóivéinise agus Mailtise (a bhfuil c.380,000 cainteoirí aici ar nós na Gaeilge) san áireamh ach níl aon rún an stádas sin a thabhairt don Ghaeilge.

Ciallaíonn sé sin:

• Nach bhfuil dlí an Aontais Eorpach, a chuirtear i bhfeidhm go díreach i gCúirteanna na hÉireann ar fáil as Gaeilge;

• Is gá eolas ar 2 theanga oifigiúil den AE ar a laghad chun post a fháil leis an Aontas ach táimid faoi mhíbhuntáiste mar ní féidir linn Gaeilge a áireamh ˆ fiú mar máthairtheanga nó dara theanga nó tríu theanga.

• In ainneoin go mbeimid ag íoc isteach i gciste aistriúcháin an AE (a chosnaíonn €2 an duine sa bhliain faoi láthair) séanfar cáipéisí riachtanacha orainn as Gaeilge agus ní bheidh oiread postanna ann do aistritheoirí Gaeilge.

• Is í Éire an t-aon Bhallstát nach ndearnadh teanga oifigiúil den AE dá theanga náisiúnta tráth a chuaigh sí isteach san Aontas. Ní gá don Rialtas ach a iarraidh go mbeadh Gaeilge ina teanga oifigiúil anois.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland