Top Issue 1-2024

9 September 2011

Resize: A A A Print

An cóir córas amháin craolacháin Ghaeilge a chruthú?

» LE MAIRTÍN
Mac EOIN

TÁ MÍSHÁSTACHT ann go forleathan le staid na Gaeilge sa gcóras oifigiúil craolacháin.  Tá iachall dlí ar RTÉ cláracha Ghaeilge agus seirbhís Ghaeilge de chineál éicínt a chur ar fáil, ach anois níos mó na riamh bíonn bainistíocht RTÉ ag iarradh cláracha Ghaeilge a choinneáil ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.  Is fíor-annamh a bhíonn aon rud i nGaeilge le clos nó le feiceail ar Theilifís a hAon nó ar Raidió a hAon.
Déanann an bhainistíocht an éagóir seo a chlúdach tré bheith ag caint faoi RTÉ mar “mháthair-chomhlacht” - ag tabhairt le fios gurb é RTÉ a spreag is a chothaigh na seirbhísí ar RnaG is ar TG4.
Bréag glan atá sa maíomh seo ar ndóigh.  Mar is de bharr troid a rinneadh ach go háirithe i gConamata sna seascaidí is insna seachtóidí a thainig RnaG ar an saol. Agus chuir RTÉ go láidir in aghaidh an chinneadh mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis.  Ach bhrúigh rialtas Fhianna Fáil na linne an scéal ar aghaidh toisc go raibh fás ag tíocht ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a scanraigh iad.
Mar an gcéanna le TG4. Agóideachaí áitiúla a chuir an scéal ar an mbord, cé go gcaithfear a aithint gur ghlac Máire Geoghegan Quinn (Fianna Fáil) go fonnmhar leis an deis is gur chuir Michael D Higgins(Lucht Oibre) snas ar a cuid oibre.
Ach ó bunaíodh iad tá RTÉ ag iarraidh fail réidh lena gcuid dualgaisí féin i leith na Gaeilge, ag diúltú cothrom na Féinne a thabhairt mar shampla do Raidió na Gaeltachta. Faigheann an stáisiún níos lú airgead ar uair chraolta ná mar a fhaigheann Radio One, agus íoctar clár-reachtairí RnaG idir 10% agus 20% níos lú na mar a íoctar le foireann Radio One ar an obair chéanna.
I bhfianaise an idirdhealú is na héagóra seo tá sé éasca a thuiscint cén fáth go gcuirfí failte roimh an moladh go ndéanfaí cómhnascadh idir TG4 agus RnaG, agus comhlacht craolacháin nua Ghaeilge a bhunú.
Ach tá an scéal níos casta ná sin.  Aithníonn Raidió na Gaeltachta go soiléir go bhfuil an Ghaeltacht i gcroílár athbheochain na Gaeilge agus gurb é treisiú na Gaeltachta an beart is tabhachtaí inniu maidir leis an athbheochain.
Agus tá fadhb eile ann, maidir le háiseanna is pearsanra.  Tá baol láidir ann go mbeadh TG4 i gceannas ar an Raidió.  Ba chuma sin, ach is tré Bhéarla a riarann príomh-bhainisteóir nuacht TG4 a chuid oibre; is tré Bhéarla a oibríonn cuid mhaith dena leiritheóirí cláracha freisin.
Bíonn Raidió na Gaeltachta 100% Gaelach. Sí an Ghaeilge gnáth-theanga agus go deimhin an t-aon teanga riaracháin, léiriú is láithriú.
Bheadh barántas cinnte ag teastáil go mbeadh an Ghaeilge in uachtar in aon chómhnascadh, nó chaillfí an dlú a chothaigh RnaG ón tús.
Ó thaobh RTÉ dhe, níl aon scéal acusan ach airgead a shábhailt - le caitheamh ar ndóigh ar chláracha Bhéarla.
Ach má tá na páirtithe Dála dáiríre faoin Straitéis Fiche Bliain ar ghlac siad go léir leis, ní feidir todhchaí na Gaeilge is todhchaí na Gaeltachta a chur i mbaol.
Dá mbeadh RnaG i gceannas ar TG4, agus meon na Gaeltachta dhá cur chun cinn ansin, bheadh go maith, ach ní shin atá beartaithe ag RTÉ nó ag an Roinn Cumarsáide.
Ní mór duinn a bheith ar an airdeall maidir leis seo.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland