Top Issue 1-2024

9 September 2011

Resize: A A A Print

Sluaite móra amuigh i gConamara

Uisce faoi Thalamh

‘Móin’ agus ‘múin’ an dá ábhar is mó atá ag tarraingt cainte i gConamara le cúpla seachtain. Tá an pobal dúisithe agus sluaite móra tar éis freastal ar chruinnithe poiblí a bhaineann leis na costais bhreise atá dhá bhagairt ar dhabhachanna séarachais agus leagan amach na ceantair nua speisialta cosanta nó na ‘SPAs’ (Special Areas of Conservation) a thugann cosaint do chineálacha faoi leith éanlaith sa gceantar.
Is aisteach an rud a chuireann cos roimh Rialtas ar bith. Bheadh tú den tuairim leis na ciorruithe i seirbhísí poiblí ar nós sláinte agus oideachas, an USC, táillí breise uisce agus tí agus mar sin de gurb iad sin na hábhair a d’iompódh an pobal i gcoinne an Rialtas. Ach, in ainneoin na geallúintí briste eile agus na costais éagcothroma atá leagtha anuas ar an bpobal is iad na SPAs agus na táillí séarachais is mó atá ag cur olc ar phobal na tuaithe thiar faoi láthair.
Bhí na céadta daoine ag cruinnithe le mí anuas i dTír an Fhia, Cill Chiaráin, an Chlochán, Ros a’Mhíl & Uachtar Ard. Sin i lár mí Lúnasa – i séasúr na seafóide agus na laethanta saoire. Bhí daoine ar buile chomh maith agus iad ag bagairt picéid, máirseálacha agus dul go príosún le cur i gcoinne na n-athruithe atá beartaithe.
Maidir leis an ceantair speisialta cosanta, tá daoine buartha mar gheall ar an srian a d’fhéadfaí cur ar chleachtais traidisiúnta feirmeoireachta agus baint mhóna ach go h-áirithe. Ciall ceannaithe atá in go leor de, mar go measann daoine gur lig siad isteach na ‘SACs’ i bhfad ró-éasca agus gur cuireadh srian i bhfad an iomarca ar ghníomhaíocht mar thoradh orthu. Tá naocha fán gcéad de Chonamara ina cheantar speisialta chaomhnaithe (SAC) agus tá an chosúlacht ann go gcuirfear cuid mhaith de sin san áireamh mar SPC chomh maith. Tá olc ar dhaoine mar gheall ar a laghad eolas a cuireadh ar fáil faoi seo go poiblí agus an neamhshuim a dhéantar do shaol na ndaoine agus an nádúr dhá chosaint. Tá daoine den tuairim láidir chomh maith go bhfuil Státsheirbísigh i mBaile Átha Cliath ag cur an rialachán Eorpach seo i bhfeidhm I bhfad níos déíne ná mar is gá.
Cuid den míshuaimhneas céanna a bhaineann leis an tslí atá tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm an Treoir Eorpach Uisce a bhaineann le aschur ó na dabhachanna séarachais. Tá ráflaí ann go mbeidh táillí bhliantiúla suas le €300 i gceist chun scrúdú a dhéanamh ar na dabhachanna agus uasghrádú le déanamh ar go leor acu.
Chaill Éireann cás sa gCúirt Eorpach maidir leis an treoir seo. Ní amháin go ndearna rialtais éagsúla ó 1975 faillí iomlán maidir le córais eisilte cuí a bhur i bhfeidhm ar fud an Stát, ach chuir siad airgead cáiníocóra amú sa Chúirt Eorpach chomh maith. Nuair a chaill muid an chás sin b’éigean dúinn ár gcuid costais féin a íoc agus trí ceathrú de chostais an Aontais Eorpaigh lena chois. Muna dtógtar céimeanna chun cloí leis an treoir cuirfear fíneáil de €40m orainn i 2015 agus €2.7m do gach lá breise gan cloí leo ina dhiaidh sin.
Ach, tá an Rialtas chun costas mhór a ghearradh ar shaoránaigh a bhfuil dabhachanna séarachais acu mar chuid den phroiséas seo. Ní tharlaíonn sin in áíteanna eile – Alban, Sasana, An Bhreatain Bheag, na Sé chontae – agus Contae an Chábhán! Tá córas I bhfeidhm ag Comhairle Chontae an Chábhán, atá sásúil don Aontas, ó 2004. Ardaíonn seo an cheist cén fáth nár cuireadh an cur chuige seo i bhfeidhm i ngach contae? Dá ndéanfaí sin seans nach dtarraingeofaí an Chúirt Eorpach orainn agus na costais bhreise seo atá dhá lua anois.
Rud eile faoi seo ná nach iad na dabhachanna séarachais is cúis le muid a bheith ag sárú an treoir i ndáiríre ach eisiltí ó fhoinsí eile tionsclaíoch agus cathrach – ach is ar na húinéirí ar na dabhachanna séarachais atá an chostas le titim. Cár chuala muid a leithéad sin cheana – nach iad na daoine is cúis leis an fhadhb atá ag íoc as peacaí daoine eile?
Is cáin bhreise éagcothrom a bheadh i gceist anseo.  Bheadh sé ag titim ar dhaoine a chloí leis na caighdeáin a leag an Comhairle Chontae síos dóibh nuair a thóg siad a gcuid tithe. Chuaigh siad sa gcostas chun córas eisilte dá gcuid féin a chuir ar fáil mar nach bhfuil an Stát ag cur an seirbhís sin ar fáil dóibh de bharr easpa infheistíochta agus pleanáil cuí. Ach, tá a gcuid comharsain atá ceangailte le córas Stáit saor ó chostas breise den chineál seo. Cá bhfuil an chothromaíocht ansin?
An phointe is tábhachtaí faoi seo ar fad dar ndóigh ná nach bhfuil daoine in acmhainn an chostas bhreise seo a íoc de bharr easpa oibre agus ioncam agus ciorruithe fíochmhara atá dhá iompar acu cheana féín. Is dóigh gurb shin an chúis is mó a bhfuil olc agus cantal ar na daoine a d’fhreastal ar na cruinnithe thiar – agus níl an míshuaimhneas ach ina thús.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland