Top Issue 1-2024

27 November 2003 Edition

Resize: A A A Print

Anamacha Eiteogacha

BY AN DRAOI RUA

This week, AN DRAOI RUA deals with the folklore beliefs of how some of us may come back as birds. Of course, some of us may already be 'away with the birds'.

Bhí sean Mící san otharlann i gceantar s'agamsa agus caithfidh mé a rá go raibh an-dúil aige in éanacha. Bhíodh sé i gcónaí amuigh ag tabhairt bia dóibh, ag cur uisce i bpláta dóibh agus faraor, tagadh na héanacha chuige le giota aráin a ithe óna bhos. Ba ghnách do na altraí agus do na hothar eile a bheith ag spochadh as agus dúirt siad go dtiocfadh sean Mící ar ais mar éinín i ndiaidh a bháis. Mar a tharlaíonn sé, fuair sean Mící bás thart fá mí ó shin. Seachtain i ndiaidh a bháis, thosaigh spideog ag teacht ar cuairt chuig a bharda agus tagann sé isteach gach lá. Anois, tá altraí agus othair den bharúil nach spideog atá ann ar chor ar bith ach sean Mící.

Ar ndóigh, níl rud ar bith as an ghnáth go bhfuil an tuairim seo ag daoine. Creideann iascairí ar fud na cruinne go dtagann a chairde ar ais mar faoileán, mar ghainéid nó mar saidhbhéara. Deirtear go dtagann na páistí ar ais mar saidhbhéara ar fáth éigin agus creideann cuid iascairí nach dtagann na mná ar ais ar chor ar bith toisc go mbíonn an iomarca fulaingthe acu i rith a saolta daonna nach gá dóibh streachailt a thuilleadh.

Creideann iascairí fosta nuair a fheiceann siad peadairín na stoirme ag eitilt os a gcloigne gur scípéir crua a bhí ann tráth agus é ag guí ar lucht daonna paidreacha a rá ar a son. Cinnte, bíonn an t-anam damnaithe go dtí go ndeirtear go leor paidreacha dó. Tá creideamh Moslamach ag tacú leis an nós seo fosta.

In Éirinn, is iomaí duine againn a chuala trácht ar 'Clann Lir' agus fán dóigh ar chuireadh na páistí faoi gheasa naoi gcéad bliain a chaitheamh mar ealaí. Ní amháin sin ach creideann neart daoine go fóill gur maighdeana daonna a bhí i ngach uile eala tráth agus gur ceart meas a bheith orthu ar fad dá bharr.

Tá tuairim ag roinnt daoine gur aingil atá ins sna éanacha beaga agus iad ag coinneáil súile orainn i rith an ama. Tá barúil eile ann gur anamacha bochta nár baistíodh riamh atá iontu. Cinnte, tagann na creidimh áirithe seo go mór faoi thionchar na Críostaíochta. Tá ceann eile a mhothaigh mé a bhí suimiúil ná go gcreideann roinnt daoine go dtaistealaíonn na hIúdaigh a ghlac páirt i gcéasadh Chríost i gcruthanna pilibíní go fóill.

Ós rud é gur spioraid daonna a bhí sna éanacha tráth, ní amháin go gcreideann siad go gcuidíonn siad le daoine daonna le reamhfhaisnéis na haimsire a thabhairt ach creidtear go dtagann cuid acu ar cuairt chuig daoine l'iad a chur ar an eolas go bhfuil duine muinteartha leo ar tí bás a fháil. Ní bheadh a fhios agat ach seans go bhfuil siad sa tóir ar chuideachta eiteogach eile.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is iomaí cor ag an bhás le baint as an duine.'

Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag duine ar bith againn cad é atá i ndán dúinn i ndiaidh ár mbáis.

Gluais

altraí nurses

éinín little bird

barda ward

saidhbhéara kittiwakes

peadairín na stoirme storm petrel

maighdeana virgins

pilibíní lapwings

réamhfhaisnéis forecast

muinteartha related

Seolfar

Saol an Mhadaidh Bháin

leis An Draoi Rua

Ag na hócáidí seo a leanas:

• Seolfaidh Séamas Mac Annaidh an leabhar sa Chultúrlann, Béal Feirste, Satharn 6 Nollaig ag 1.00 i.n.

• Beidh Ré Ó Laighléis lena sheoladh i gClub Arás na nGael, Gaillimh, Déardaoin 11 Nollaig ag 8.30 i.n.

• Seolfar arís é ag Tomás Mac Lochlainn i Maggie Mays, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, Aoine 12 Nollaig ag 8.30 i.n.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland