Top Issue 1-2024

20 November 2003 Edition

Resize: A A A Print

Gaelscoileanna Abú!

BY AN DRAOI RUA

Gaelscoileanna, the organisation that promotes all Irish medium education, is 30 years old and just had its annual conference at the weekend. It certainly looks as if it is set to grow even more in the future, says AN DRAOI RUA (For further information, see www.gaelscoileanna.ie).

Tá an eagraíocht Gaelscoileanna tríocha bliain ar an fhód anois agus ag fás i rith an ama. Nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1973, ní raibh ach 13 bunscoil agus 5 iarbhunscoil faoina cúram. Inniú, tá 149 agus 33 iarbhunscoil in Éirinn.

Caithfidh a rá go dtugann sé ábhar dóchais dúinn uilig go bhfuil an forbairt seo ag dul ar aghaidh ó bhliain go bliain. Cinnte, tá oifigeach forbartha le gabháil i mbun dualgasaí oibre gan mhoill le díriú ar fhorbairt ar líon na scoileanna lán-Gaeilge ar an dá leibhéal a mhéadú sna blianta atá romhainn. Guím gach rath air/uirthi san obair agus mé lán-dóchasach go n-éireoidh leis/léi.

Bhí breis agus dhá chéad ionadaí ag Comhdháil Ghaelscoileanna in Áth Luain ag deireadh na seachtaine seo chaite. Tháinig na daoine seo ó beagnach gach aon contae in Éirinn le freastal ar an ócáid.

Ní amháin go raibh siad ag ceiliúradh tríocha bliain ag fás ach bhí ceardlanna ag díriú ar ghnéithe éagsúla den oideachas lán-gaelach. Bhí ceardlanna oideachais eagraithe go speisialta do mhúinteoirí ina raibh réimse leathan ábhair pléite le cuidiú le forbairt an oideachais sna bunscoileanna agus sna iarbhunscoileanna. Mar aon leis sin, bhí séisiúin áirithe dírithe ar na Boird Bainistíochta agus ar thuismitheoirí chomh maith.

Tuigeann do Ghaelscoileanna gur gá dóibh níos mó béime a chur ar scoileanna dara-leibhéal. Fá láthair, níl ach timpeall 40% daltaí bunscoile ag leanstan ar aghaidh le oideachas lán-Gaeilge sna iarbhunscoileanna. Is dócha go bhfuil seo ar cheann de na dúshláin is mó roimh an eagraíocht le cinntiú go bhfuil an leanúnachas forbartha sa dóigh is go bhfuil go leor daltaí sa chóras dara-leibhéal. Ar ndóigh, cinnteoidh a leithéid éileamh don oideachas lán-gaelach don tríú leibhéal fosta.

Mar a tharlaíonn sé, bhí ionadaithe ó Choimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag trácht ar na fadhbanna atá ag scoileanna go ginearálta ach ar deacrachtaí iarscoileanna lán-Ghaeilge go háirithe. Beidh moltaí fógraithe ón choimisiún seo Dé Luain seo chugainn. Thug urlabhra le fios, áfach, gur chóir seacht mbliain a chaitheamh i mbun pleanáil le iarbhunscoil a bhunadh, gur cheart 30 dalta a bheith sa chéad bhliain agus 40 dalta gach bliain ina dhiaidh. Mhol sé 'aonad' nó 'sruth' a bhunadh taobh istigh de 'mháthair scoile' ach go mbeadh ar a laghad 15 dalta de dhíth san 'aonad' sa chéad bhlian agus 90 ann taobh istigh de sheacht mbliain.

Bhí tuairim iontach spéisiúil nochtaithe ag Cathal Ó Donnghaile ó Comhairle na Gaelscolaíochta ar an ábhar seo. Léirigh sé i gcanúint soiléir Ultach, gur eagraíocht náisiúnta í Gaelscoileanna agus go raibh dul chun cinn ag dul ar aghaidh in ainneoin na constaicí a chuirtear os comhair na scoileanna lán-gaelach. Mhínigh sé go raibh cúrsaí ag athrú sa lá inniú agus gur gach seans nach mbeidh teorann aitheanta roimh i bhfad, gan fiú trácht ar Choimisiún ar Chóiríocht scoileanna. Spreag sé an pobal ag inse gur féidir iarbhunscoil a bhunadh taobh istigh de sheacht seachtaine, mar a tharla i gCill Dara, gan trácht ar blianta, má tá an toil agus an éileamh ann ó dhaoine.

Faraor, bhí an ceart ag an Ultach gan ligint don oideachas lán-gaelach a bheith fágtha in áit na leathphingne. Ní príbhléid í oideachas lán-gaelach a bheith ag saoránaithe na tíre seo ach ba chóir go mbeadh sé ar fáil do gach dalta mar ceart.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní do gach duine a tugann Dia intleacht.'

B'fhéidir go bhfuil an méid thuasluaite fíor ach is cinnte go bhfuil buntáistí níos fearr ag daltaí gaelscoileanna.

Gluais

eagraíocht organisation

dualgasaí duties

ceardlanna workshops

níos mó béime more emphasis

dúshlán challenge

cóiríocht accommodation

éileamh demand


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland