Top Issue 1-2024

6 November 2003 Edition

Resize: A A A Print

Cluain Mhic Nóis

BY AN DRAOI RUA

Efforts are being made to put Clonmacnoise on the list of World Heritage Sites. This gives AN DRAOI RUA the excuse to discuss some of its folklore.

Tuigim go bhfuil iarracht a dhéanamh an suíomh ag Cluain Mhic Nóis a chur ar liosta oidreachta domhanda. Fá láthair níl ach trí shuíomh in Éirinn ar an liosta áirithe seo; Clochán an Fhathaigh, Brú na Bóinne agus Sceilig Mhícheál.

Tuigtear go raibh Cluain Mhic Nóis i measc na suíomha oidreachta is mó i mbaol ag tús na nochaidí ach is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin.

Níl amhras ar bith ann ach gur suíomh iontach tábhachtach a bhí i gCluain Mhic Nóis fadó. Deirtear gurb é Naomh Ciarán a lonnaigh an mainistir ann don chéad uair ag tús an 6ú aois.

Tá Cluain Mhic Nóis suite i gcroílár na tíre ag 'crosbhóthar na hÉireann'. Ar ndóigh, bhí Ciarán glic go leor agus thuig sé go mbeadh neart daoine ag taisteal fríd; iad ag teacht ar an tslí mhór nó ag teacht i mbád ar an tSionnainn.

Deirtear gur thug Diarmuid Mac Cearrbheoil cuidiú do Chiarán leis an mhainistir a thógáil. Le linn an obair tógála, gheall Ciarán do Dhiarmuid go mbeadh sé mar Ardrí na tíre as ucht an cúnamh a thug sé dó. Tháinig an tuar faoin tairngreacht ar ball beag.

Bhí neart míorúiltí éagsúla bainte le Naomh Ciarán. Deirtear go raibh bó donn aige a sholáthar an oiread sin bainne go raibh a sháith ag an mhainistir i gcónaí. Ní amháin go raibh go leor bainne curtha ar fáil aici ach is cosúil go raibh go leor ime agus cáise ar fáil acu chomh maith. Cinnte, thiocfadh leo uachtarlann dá gcuid féin a bhunadh le bainne ón bhó chéanna.

Tuigtear nach raibh Ciarán ach tríocha a trí bhliain d'aois nuair a d'éag sé. Dar le roinnt scoláirí, fuair sé bás ag an aois seo agus é ar chomh-aois le Críost. Tá tuairim eile ann go raibh éad ollmhór ag na naoimh eile in Éirinn ag an am gur ghuigh siad ar Dhia a anam a thabhairt leis agus é óg.

Ollscoil na hÉireann a bhí i gCluain Mhic Nóis fadó. Cinnte, bhí neart taighde, staidéar agus scríbhneoireachta déanta ag na manaigh ar fud na tíre ach tá clú ar leith ag Cluain Mhic Nóis mar shuíomh léinn. Is anseo ar scríobhadh síos an chéad leagan de 'Táin Bó Chuailnge'.

Ós rud é gur mainistir mór le rá a bhí ann, bhí neart cuairteoirí eile ann leis an áit a leagadh agus cibé saibhreas a bhí ann a thabhairt leo. Scrios na Lochlannaigh, na Normannaigh agus na Sasanaigh an mainistir arís is arís eile. Tuigtear, áfach, gurb iad na Gaeil iad féin a rinne i bhfad níos mó ionsaithe ná dream ar bith eile.

Cé nach bhfuil an suíomh ag feidhmniú mar mhainistir a thuilleadh, deirtear go bhfuil taibhse Naomh Ciarán ag siúl thart ag déanamh cinnte nach bhfuil cuairteoirí ann anois le damáiste a dhéanamh. Níor éirigh go maith leis na cianta ó shin, a deir tú.

Tá tuairim ag cuid de mhuintir na háite, ná má fhaigheann duine ar bith bás ar láithreán na mainistreach go dtéann sé/sí díreach chun na Fláitheas. B'fhéidir gur chum siad an scéal seo ar mhaithe le cuairteoirí a mhealladh agus le stadas oidhreachta a bhaint amach le bheith ar liosta domhanda.

It is a little known fact that ours is the only official national language that is not also an official EU language. Here, Daithí Mac an Bhaird outlines an upcoming campaign which offers huge opportunity to further Sinn Féin's objectives on the Irish Language and increase the rights of those with some or plenty of Gaeilge throughout the island.

Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach?

Tús curtha le feachtas ar mhaithe le Comhionannas don Ghaeilge in Institiúidí na hEorpa

Seoladh feachtas úr Chonradh na Gaeilge ar mhaithe le Stádas Oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach Dé Sathairn seo caite. Ag seimineár a d'eagraigh an Conradh ag Oireachtas na Gaeilge i dTrá Lí, chuala an slua a bhí i láthair na hargóintí láidre atá ag spreagadh Gaeilgeoirí ar fud an oileáin le comhionannas cultúir a éileamh dóibh féin.

Faoi láthair níl ach Stádas Conartha ag an Ghaeilge san Aontas. Is ionann sin agus go ndéantar conarthaí ar nós Nice, Masstricht agus Amsterdam a aistriú go Gaeilge. Chomh maith leis an bheagán sin, is féidir comhfhreagras a fháil ó institiúidí ach go mbíonn aon reachtaíocht nó dlí a chuirtear chugat i mBéarla nó i dteanga oifigiúil ar bith eile. B'ionann Stádas Oifigiúil a fháil agus go ndéanfaí aon reachtaíocht a rithfí san Aontas a aistriú go Gaeilge.

Tá roinnt rudaí reatha taobh thiar den fheachtas úr (Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge feachtas ar bun roinnt blianta ó shin ar an ábhar chéanna) ar mhaithe le Stádas Oifigiúil don Ghaeilge. Taobh istigh de sé mhí tiocfaidh deich stát nua isteach san Aontas Eorpach agus méadófar ar líon na dteangacha oifigiúla ó aon cheann déag go fiche ceann. Faoin am go mbíonn na stáit nua linn, is í an Ghaeilge an t-aon teanga náisiúnta nach mbeidh aitheantas oifigiúil aici san Aontas Eorpach. Is é an dara spreagadh atá ann ná go mbeidh Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach ag Rialtas na 26 Chontae ar feadh sé mhí ó Lá Caille ar aghaidh.

Tá dóchas mór ag ceannairí an fheachtais gur féidir an cath seo a bhaint.

Dar leis an Abhcóide Daithí Mac Carthaigh agus an tOllamh Pádraig Ó Laighin (OÉ, BÁC), níl ag teastáil ach go mbeadh an rialtas sásta rún a chur ós comhair Comhairle na nAirí agus an Taoiseach mar chathaoirleach uirthi teacht na hAthbhliana. Ní mór go nglacfaí d'aonghuth leis an rún, ach dar le Mac Cárthaigh, nach mbaintear úsáid as an veto go minic agus nach mbainfí úsáid asti i gcás teanga. Tá réasún láidir ag baint leis seo ó tharla go nglacfar le naoi dteanga eile ar an 1ú Bealtaine le leathnú soir an Aontais.

Cheana féin tá cáiníocadóirí an oileáin seo ag íoc €2 an duine in aghaidh na bliana ar bhuiséad aistriúcháin an Aontais. Méadóidh sé sin go €2.65 le teacht na mballstát nua. Ainneoin an caiteachas sin, ní bhainfidh Gaeilgeoirí ná muintir na hÉireann leas as an íocaíocht sin ó tharla nach mbeidh an teanga náisiúnta mar theanga oifigiúil.

B'fhada fairsing na himpleachtaí a bheadh leis an Stádas Oifigiúl don Ghaeilge, ar ndóigh. Thiocfadh deireadh leis an leatrom a dhéantar ar an Ghaeilge i gcúrsaí fostaíochta san AE, chothófaí 110 post d'aistritheoirí agus 40 post d'ateangairí, spreagfaí daoine in Éirinn leis an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim, agus mhéadófaí ar líon na gcúrsaí san aistriúchán a bheadh ag teastáil.

Céim mhór chun cinn a bheidh ann má ritear rún agus an Uachtaránacht ag Rialtas na 26 Chontae an bhliain seo chugainn. Níl ag teastáil ach an toil pholaitiúil leis an cheist a ardú.

Seanfhocal na Seachtaine

'Sáraíonn críonnacht

gach saibhreas.'

Ní amháin go raibh saibhreas mór ar fáil i gCluain Mhic Nóis fadó ach bhí neart léinn ann fosta.

Gluais

oidreacht heritage

dul chun cinn progress

mainistir monastary

croílár heart's centre

tairngreacht prophesy

míorúiltí miracles

uachtarlann creamery

tuairim opinion

láithreán site


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland