Top Issue 1-2024

16 October 2003 Edition

Resize: A A A Print

Spioraid Uisce

BY AN DRAOI RUA

Ós rud é go bhfuil an oiread sin truailliú uisce ar fud na tíre, shíl mé gur chóir dom rabhadh ar leith a thabhairt do dhaoine ar eagla go gcuirfidh siad isteach ar spioraid éagsúla uisce. Deirtear nach bhfuil síoga aibhneacha is toibreacha chomh contúirteach ná chomh fíochmhar is atá na cinn locha is farraige ach ba cheart a bheith iontach cúramach taobh l'uisce ar bith.

Conaíonn síog aonarach in aice le toibreacha. Deirtear gur féidir síoga na dtoibreacha a fheiceáil i gcruthanna loscáin nó éisc. Mothaíonn sé uaigneach uaireanta agus déanann sé iarracht cuideachta daonna a mhealladh chuige agus a bhá agus a choinneáil leis.

Conaíonn 'bean ní' ag toibreacha áirithe chomh maith. Níonn sí éadaí na ndaoine sula maraíonn sí iad san uisce céanna. Tuigtear go dtagann muintir an mharbháin ar na héadaí ar ball ach nach bhfaigheann siad an corp choíche.

Bíonn 'eacha uisce' le fáil in aibhneacha, i locha agus san fharraige fiú. Tagann an t-each uisce amach as an t-uisce agus siúlann sé go dtí go dtagann sé ar thaistealaí thuirseach. Ligeann sé don taistealaí sos a ghlacadh agus suí ar a dhroim. Chomh luath agus a dtagann sé a fhad leis an uisce, ritheann sé chuige le mo dhuine ar a dhroim. Déanann an t-each uisce gach iarracht an duine a bhá, a stróiceadh as a chéile agus a ithe.

Tá neart tagairtí ann don mhaighdean mhara ach níl an oiread sin trácht ar na fir mara. Bhuel, deirtear go bhfuil a leithéid ann ach is fíor annamh a fheictear iad. Creidtear go bhfuil na fir mara fíor gránna ar fad. De thairbhe go bhfuil na fir mara chomh gránna sin, is é sin an fáth nó an leithscéal a bhíonn maighdeana mhara ag dul sa tóir ar fhir daonna.

Deirtear, áfach, go bhfuil sé i gcumas na fir mara stoirmeacha a thógáil agus báid a chur faoi. B'fhéidir go ndéanann siad a leithéid toisc éad de shaghas éigin a bheith orthu agus iad ag iarraidh díoltas a bhaint amach. Ar aon nós, creidtear go gcónaíonn na muintir mara i dTír fo Thoinn. Nuair atá siad ag snámh san fharraige caitheann siad cáipín dearg draíochta nó craiceann róin. In Alban cuirtear 'silkies' orthu.

Le teacht i dtír, caithfidh siad an cáipín nó an craiceann a chur i bhfolach in áit éigin ach bíonn sé de dhíth orthu le pilleadh ar an fharraige. Ní amháin go mbíonn siad le feiceáil mar dhaoine daonna ach thig leo cruth eallaigh a chur orthu chomh maith agus iad ar thalamh thirim.

Is iomaí fear a thit i ngrá le maighdean mara agus a ghoid a cáipín/craiceann. Cé go mbíodh saol sona sásta agus iad pósta le chéile tagann sí ar a cáipín/craiceann agus pilleann sí ar an fharraige láithreach, ag fágáil a fhear chéile agus a páistí ina diaidh. Uaireanta, tagann muintir mara ar ais agus iad ag iarraidh na páistí a thabhairt leo go Tír fo Thoinn.

Ní amháin go dtig le maighdean mara teacht i dtír agus pilleadh ar an fharraige ach creidtear gur féidir le daoine daonna gabháil go Tír fo Thoinn agus pilleadh ar thalamh. Nuair a philleann duine ar a áit dúchais, áfach, ní thig leis gabháil ar ais arís go Tír fo Thoinn.

Lena chois sin, tá nós ag maighdeana mhara anamacha daonna a ghoid agus a choinneáil i bpótaí gliomaigh. Uaireanta, tagann siad i gcruth rónta ag iarraidh anam a sciobadh leo. Má caithtear barraíocht ama ag stánadh ar shúile róin, seans go mbeidh anam an té goidte i bpóta gliomaigh go Tír fo Thoinn.

Ba ghnáth rudaí éagsúla a fhágáil ag toibreacha ag iarraidh leigheas éigin a fháil. Bhíodh bláthanna, craobhacha, éadaí agus níthe eile fágtha ag tobar. Creideadh gur fhágadh rudaí ar mhaithe leis an bandia, an spiorad nó an síog a shásamh. Cinnte, ba cheart dúinn uilig meas agus ómós a thabhairt do spioraid uisce agus gan a bheith ciontach as truailliú ar bith.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ritheann uisce domhan ciúin.'

Má tá an uisce domhan ciúin, bíonn tormán ón uisce éadrom.

Gluais

toibreacha      wells
contúirteach      dangerous
fíochmhar      furious
aonarach/uaigneach      lonesome
marbhán      corpse
taistealaí      traveller
maighdeán mara      mermaid
díoltas      revenge
pótaí gliomaigh      lobster pots
cruth rónta      shape of seals
ciontach      guilty

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland