New side advert

25 September 2003 Edition

Resize: A A A Print

Acht teanga ó dheas: An é an chéad chéim eile, Bille Gaeilge do thuaisceart na hÉireann?

Glacann Séagh Mac Siúrdáin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go fonnmhar le cuireadh ó POBAL, Béal Feirste, le bheith mar aoichainteoir ag an gCruinniú Poiblí atá á reachtáil acu i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Tosóidh an plé ag 2.30in ar an Satharn, 27 Meán Fómhair.

Is é seo a chéad cúirt oifigiúil ar Bhéal Feirste ó toghadh ina Uachtarán é ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Mí Aibreán seo. Deir sé go bhfuil sé cinnte go gcuirfidh an díospóireacht seo tús mhaith leis an bplé faoi na féidearthachtaí atá ann le reachtaíocht teanga a fhorbairt sa Tuaisceart. Déanfaidh sé cur síos ar an bhFeachtas Teanga a thosaigh Conradh na Gaeilge 27 mbliain ó shin agus ar na bealaí a ndeachaigh gníomhairí teanga ó dheas i bhfeidhm ar pholaiteoirí na hÉireann.

Beidh Proinsias Ó Maolchalain, abhcóide ó Bhaile Átha Cliath, ag labhairt thar ceann Conradh na Gaeilge, chomh maith. Tá spéis ar leith ag Proinsias i gcúrsaí teangan, aistriúcháin agus an dlí. Beidh Pádraig Ó Ceithearnaigh, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ann mar chathaoirleach ar an gcruinniú agus lena a chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl.

Is í Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, a bheidh ag labhairt thar ceann na heagraíochta sin. Tá sí ag fáiltiú go mór roimh chomhoibriú na heagraíochtaí ó dheas a bhfuil taithí mhaith acu ar reachtaíocht teanga. "Tá muid ag dúil le hidirphlé bríomhar mar is é seo an chéad uair a raibh a leithéid seo de dhíospóireacht ann i mBéal Feirste ó cuireadh an Dréachtbhille Teanga roimh an Dáil."

Cuirfidh POBAL fáilte roimh éinne go bhfuil spéis acu an t-ábhar seo a phlé, ach go háirithe ionadaithe óna heagraíochtaí Gaeilge.

Tuilleadh Eolais: Janet Muller, POBAL: 04890 438132 nó +4477 13 630325

nó: Deirdre Ní Mhuirí, Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2: 01 475 7401/[email protected]

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland