Top Issue 1-2024

18 September 2003 Edition

Resize: A A A Print

Fág an Gluaisteán

BY AN DRAOI RUA

As 'Car Free Day' takes place on 22 September, AN DRAOI RUA thought it might be appropriate to discuss our overdependence on the motor.

Níl a fhios agam ar chuala éinne agaibh ach iarrfar ar dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile Dé Luain 22 Meán Fómhair. Anois, an mbeidh muid ábalta a leithéid a dhéanamh?

Is cuimhin liom an chéad uair a chaith mé tamaillín i nGaeltacht Thír Chonaill agus mé ag freastal ar chúrsa samhraidh. Tháinig mo mhuintir ar cuairt chugam agus iad ar saoire. Bhí neart ceisteanna ag mo dheartháir i dtaobh an cheantair agus cad é a bhí ar siúl agam ann. D'fhiafraigh sé díom an bhfaca mé seo agus siúd eile ar an teilifís. Rinne mé iarracht a mhíniú dó nach raibh aon suim agam breathnú ar an teilifís toisc go raibh an oiread sin rudaí eile le déanamh agam. Léirigh mé dó nach raibh cead féachaint ar an teilifís cibé ach níor chuir sé isteach ná amach orm.

Baineadh geit as mo dheartháir nuair a chuala sé an méid seo agus d'iarr sé orm:

'Cad é mar is féidir leat a bheith beo gan teilifís?'

Bhuel, is dócha go dtiocfadh an focal 'gluaisteán' a mhalartú le 'teilifís' fosta óir is cosúil go bhfuil muintir na hÉireann ag brath i bhfad barraíocht ar an dhá ghléas seo. Faraor, dar le tuairisc 'Transport Investment and Economic Development', is í Éire an sochaí is mó a bhíonn ag brath ar ghuaisteáin. Le fírinne, bhí sé deacair dom an méid seo a chreidbheáil ar dtús ach i ndiaidh a bheith ag machnamh ar an ábhar, thuig mé go bhfuil muid uilig ag brath an iomarca ar ghluaisteáin.

Anois, is cuimhin liom m'athair féin ag inse dom go raibh air siúl ar scoil cosnochta agus fódanna móna faoina ascaill aige. I gcomhthéasc stairiúil, níl sé sin chomh fada siar ó shin. Tá athraithe móra tagtha ar sochaí na hÉireann ó shin agus níl mé ag moladh gur chóir dúinn pilleadh ar na laethanta sin agus toiseacht ag siúl ar obair cosnochta. Is é an rud atá mé ag iarraidh a shoiléiriú ná gur féidir le athraithe ollmhóra teacht i bhfeidhm i sochaí na tíre seo taobh istigh d'achar gairid go leor.

B'fhéidir go bhfuil muid uilig ag iarraidh iontach falsa; muid ag tiomáint na páistí ar scoil, ag tiomáint chuig an tsiopa agus ag tiomáint gach uair a bhfuil turas beag le déanamh againn.

Ní amháin nach bhfuil muid chomh sláintiúil agus a bhí ár sinsear ach is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil i bhfad barraíocht ola dóite de bharr an oiread sin gluaisteáin ar na bóithre.

Níl amhras ar bith ann, nach bhfuil córas iompair poiblí na tíre seo sásúil go leor, rud a chuidíonn go mór leis na comhlachtaí gluaisteáin agus ola. Mar shampla, dá mbeadh córas traenach ag rith ar fud na tíre mar a bhí againn blianta ó shin, ní dóigh liom go mbeadh Éire ar an tír is mó a bhrathann ar gluaisteáin. San am céanna, cá mhéid againn a thugann síob dár gcomharsana in ionad dhá nó trí ghluaisteáin a thiomáint.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní thuigtear fiúntas an tobair go dtráitear an t-uisce.'

Tuigimid go bhfuil neart toibreacha ola ar fud na cruinne, agus tuigeann muid an truailliú a dhéantar dá bharr. An bhfuil muid ag dul leanstan le scriosadh na timpeallachta go dtí go bhfuil an ola uilig tráite?

Gluais

ceantar district

léirigh make clear

baineadh geit as he was startled

tuairisc report

sochaí society

ag machnamh thinking

iomarca too much

cosnochta barefoot

fódanna móna sods of turf

córas iompair poiblí public transport system

síob lift (in transport)


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland