Top Issue 1-2024

18 August 2011

Resize: A A A Print

Gaelú Sinn Féin

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

TÁ DRÉACHT pholasaí Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige Sinn Féin a dheimhniú mar an páirtí polaitíochta is mó atá ag tacú agus ag cur chun cinn na Gaeilge, le cur os comhair na hArd Fheise i mbliana. Cuid den obair is tábhachtaí agus is dúshlánaí atá beartaithe mar chuid den pholasaí ná Gaelú an pháirtí féin.
Tugann an dréacht pholasaí le cheile moltaí éagsúla atá déanta le roinnt blianta anuas maidir leis an Ghaeilge agus na Gaeltachta. Bhí buion beag gníomhach, faoi stiúir Gearóid Ó hEadhra, i mbun proiséas comhairliúcháin le baill an pháirtí agus tá doiciméad cuimsitheach, spreagúil curtha i dtoll a chéile mar thoradh ar a saothar.
Pléitear cur chun cinn na Gaeilge ann mar chuid de Phlean 2030, an Ghaeilge sna córais oideachais agus dlí, caomhnú agus forbairt na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeilge. Beidh plé le déanamh ar an bpolasaí ag an Ard Fheis i mBéal Feirste agus muid ag súil le díospóireacht bhríomhar, dearfach ina leith.
Maidir le gaelú Sinn Féin féin tá moltaí ann maidir le rol na n-ionadaithe poiblí, normálú na Gaeilge i ngach gné d’obair na heagraíochta agus imeasc na baill, an Ghaeilge a bheith san áireamh agus muid ag roghnú iarrthóirí do na toghcháin agus i gcúrsaí earcaíochta. Tá sé molta go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí i bhfoilseacháin, postaeir, físeáinan pháirtí is araile agus go mbeadh urlabhraithe le Gaeilge ag labhairt sna fóraim poiblí agus polaitiúla ar fad.
Tá sé beartaithe go gcuirfí leis an líon cumainn Ghaelacha sa bpáirtí agus go mbeadh oifigigh Gaeilge sna cumainn eile, ag leibhéal cúige agus mar sin de. Beidh spreagadh dhá thabhairt freisin chun tacú leo siúd nach bhfuil líofa a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus misneach a thabhairt dóibh chuige sin. Tá sé i gceist go mbeadh an Ghaeilge lárnach i ngnóthaí uile an pháirtí agus go bhfuil Gaelú uile an pháirtí beartaithe taobh istigh ‘d’achar réasúnta ama’.
Beidh impleachtaí móra aige seo ar an bpáirtí ó thaobh acmhainní agus íomhá de gan dabht, má ghlactar leis an bpolasaí. Beidh gníomhaíocht dhearfach de dhíth, chomh maith leis an deá-mhéin atá ann cheana féin. Beidh gá le h-athrú cleachtais, forbairt scileanna agus athrú meon ar leibhéal pearsanta agus eagraíochta má tá na spriocanna atá ann le cur i gcrích mar is ceart. Ach, is féidir linn agus is ceart sin a dhéanamh is dócha má tá muid muid chun an ceannaródaíocht atá tugtha go dti seo a leanúint agus cothrom na féinne a thabhairt dár dteanga dúchais ar gach leibhéal.
Beidh muid ag súil le bhur smaointe agus tuairimí le linn na díospóireachta le go mbeidh an Ghaeilge níos lárnaí in imeachtaí na hArd Fheise trí chéile agus obair an pháirtí ar fad.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland