Top Issue 1-2024

21 August 2003 Edition

Resize: A A A Print

Tionchar an Cheoil

BY AN DRAOI RUA

Is mór an trua go bhfuil muintir na hÉireann go mór faoin ordóg ag scéimhlitheoirí cultúrtha ar nós Louis Walsh. Is deacair na grúpaí ceoil seo a sheachaint. Bíonn siad le feiceáil, le cloisteáil, is le léamh; ar an teilifís, ar an raidió, in irisí is sna nuachtáin.

Tuigtear nach bhfuil fíor-bhuanna ceoil ag na grúpaí seo agus gur beag ionspioráid atá taobh thiar dóibh. Roghnaítear baill na ngrúpaí de réir 'áilleachta' is 'pearsantachta' ag daoine gránna nach bhfuil pearsantacht ar bith acu. Ansin, cuirtear an ghrúpa nua trí phroiséas an mhonarcháin. Cruthaítear íomhánna nua do na baill, tugtar céachtanna 'amhránaíochta' agus 'damhsa' dóibh déantar réalta dóibh agus bolscaireacht ollmhór scaipithe sna meáin fúthu.

Níl smaointe cruthaíochta ná samhlaíocht ar bith ag baill na ngrúpaí seo. Insítear dóibh cad é go díreach ar cheart dóibh a rá, a chaitheamh is a dhéanamh i dtólamh. I ndáiríre, ní éiríonn leo ach drochchóipeanna Kar-i-oke a dhéanamh agus amhráin maithe a scrios.

Níl siad ag iarraidh a bheith réabhlóideach, ach ag tacú go hiomlán leis an stadas quo mar atá. Tá gach uile rud faoi stiúir bainisteoirí agus déanta ar mhaithe le brabús, airgead agus clú a bhaint amach. Tuigtear nach bhfuil bunús ar bith lena gcuid amhráin, nach bhfuil siad ag iarraidh rud dearfach a dhéanamh ar son an chine daonna, nach bhfuil fíor-mhothúcháin taobh thiar den cheol uathu. Níl ins sa mhéid atá curtha os ár gcomhair ach cur i gcéill amaideach agus teachtaireachtaí gan brí. Ar an drochuair, éiríonn leis an seafóid ar fad lucht leanúna a mhealladh.

A mhalairt se scéal a bhí ag ár sinsear le linn ord na nGael agus na filí is na baird i réim. Thuig na Sasanaigh tionchar an cheoil agus mharaigh siad na ceoltóirí agus chuir siad guth an phobail faoi smacht.

Lenár linn féin, is iontach an spreagadh a thug ceoltóirí áirithe do phobal na cruinne faoi chois. Cuimhnítear ar Woodie Guthrie go speisialta a chum an oiread sin ar mhaithe le cosmhuintir an domhain. Bhí an t-amhrán 'This land is our land' mar 'amhrán náisiúnta' ag an ghluaiseacht a bhí i gcoinne chogadh Vítneam. Mar aon leis sin, chanann cuid mhór ceoltóirí amhráin Guthrie go fóill.

Is léir go raibh ról lárnach ag an cheol le linn ghluaiseacht na cearta sibhialta sna seascáidí le 'We shall overcome', le linn feachtas ar son cearta daonna do na daoine gorma san Afraic Theas agus i bhfeachtas éifeachtach ar bith eile.

Scríobh Victor Jara amhráin polaitíochta agus spreag sé polal tuaithe na Síle lena chuid ceoil. Is cinnte gur thuig sé an tábhacht le pobal na tíre a ghríosadh le cur i gcoinne an éagóir a bhí á déanamh orthu. Thug sé tacaíocht do fhealsúnacht chumannach a bhí ag Salvadora Allende a d'éirigh an t-Uachtaránacht a thabhairt leis i dtús na seachtóidí. Maraíodh Allende le linn coup míleata agus gabhadh Victor Jara ag an am. Ar dtús, briseadh a lámha sa dóigh is nach mbeadh sé in ann an giotar a bhualadh agus sa deireadh maraíodh é 11 Meán Fómhair 1973.

Beidh ceolchoirm ar siúl mar chomóradh in onóir Victor Jara sa Cheoláras Náisiúnta 11 Meán Fómhair seo chugainn - 30 bliain i ndiaidh d'arm Síle é a mharú. Is beag seans go mbeidh Westlife i láthair, áfach.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ceo, ceol agus ceoltóireacht - trí chuid den draíocht.'

Tá iarrachtaí déantai gcónaí pobal na cruinne a choinneáil faoi dhraíocht chultúr MTV in ionad éisteacht le fíorcheol ó guth na ndaoine.

Gluais

scéimhlitheoirí cultúrtha cultural terrists

fíor-bhuanna ceoil true musical talent

ionspioráid inspiration

proiséas an mhonarcháin factory process

smaointe cruthaíochta creative ideas

lucht leanúna followers

fealsúnacht cumannach communist philosophy


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland