Top Issue 1-2024

18 August 2011

Resize: A A A Print

Áras na nGael – 25 bliain ag fás

CÁR CHEANNAIGH Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times, a chéad cheaig Guinness? Cár chuir Hector barr feabhais ar a scileanna beáir? Cár chuir lucht scannánaíochta TG4 a chuid smaointe trína chéile thar chúpla pionta ag tús ré an stáisiúin?
Cén áit atá ag tabhairt dídean d’amhránaithe, ealaíontóirí, ceoltóirí, aisteoirí, lucht liteartha, lucht na meán, pobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus lucht foghlamtha na teanga le 25 bliain anuas?
Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, iar theach chónaí baile de Lady Gregory i gCathair na Gaillimhe freagra na ceisteanna seo ar fad agus tá comóradh mór beartaithe don Satharn 10 Meán Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú an Chlub 25 bliain ó shin.
Nuair a bhain mise Cathair na dTreabh amach i 1991, thug mé cuairt ar an chlub, chláraigh mé mar bhall agus is iomaí oíche a chaith mé ann ó shin, ag seoltaí leabhair, ag ceiliúradh imeachtaí teanga, gléasta suas mar Dhaidí na Nollag... go deimhin ceiliúradh baisteach mo mhic féin ann 13 bhlian déag ó shin agus i gcónaí bhí, agus tá atmaisféar fáiltiúil roimh mhuintir na háite agus cuairteoir araon.
Mar chuid den chomóradh (ticéid de dhíth, a chairde) beidh marquee feistithe i gclós Áras na nGael, tá an lucht eagraithe ag comhairle do dhaoine ticéid a chur in áirithe láithreach mar go bhfuil teorainn leis an líon ticéid.
Is cinnte go mbeidh an-oíche ag an gcomóradh seo. Chomh maith le deis dul siar ar bhóithrín na smaointe, beidh ard-oíche shiamsaíochta ann, le ceol ó Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh, béile te, agus neart seisiúin cheoil traidisiúnta mar chuid den cheiliúradh.
Tá comhcheangal déanta freisin ag Club Áras na nGael leis an gcarthanacht Jack and Jill agus tá súil go mbeidh síntiús breá ag dul chucu mar thoradh ar chomóradh 25 bliain an Chlub.
Is féidir ticéid, luach €20,  a cheannach ó oifig Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, 091 567824.
Ag labhairt faoin gcomóradh dúirt Eibhlín Uí Bhairéad agus Catherine Ní Ghuairm, beirt den lucht eagraithe, go raibh siad thar a bheith sásta leis an spéis a bhí léirithe go dtí seo agus an tacaíocht a bhí geallta ag seanchairde an Chlub.
An cheist amháin eile atá ar iarfhoireann an Bheár anois ná, an mbeidh taibhse an chlub - an taibhse sin a mhothaigh cuid mhaith againn thar na blianta - i láthair don ócáid. Agus cad chuige nach mbeadh, nach bhfuil (mar a deir an cuireadh Gaelach is fearr i gcónaí) fáilte roimh chách?
Tá eolas iomlán ar fáil ar  www.facebook.com/clubaras25.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland