10 July 2003 Edition

Resize: A A A Print

Saoránaigh agus Dualgasaí

This week, AN DRAOI RUA discusses the merits of a citizen as opposed to the attitude of a consumer and the roles that people take within society. This piece was inspired by Scott Ritter, an American arms inspector for the UN, who spoke in Galway recently



Bhí Scott Ritter, an t-iarchigire airm ó na Stáit Aontaithe, ag caint ag cruinniú póiblí i nGaillimh 3 Iúil. Bhí sé ina bhall den Pháirtí Phoblachtánach agus chaith sé tréimhse sna 'Marines' chomh maith. D'ainneoin a chúlra choiméadach, thug sé oráid suimiúil ar cheiliúradh SAM 4 Iúil, 'Lá an Neamhspléachais' agus cad is brí lena leithéid dó féin go pearsanta.

Mar chúlra na hocáide, ba mhaith liom a léíriú go raibh an t-Uasal Ritter in Éirinn ar mhaithe le fianaise a thabhairt i gcás cúirte Mary Kelly a bhí cúisithe as damáiste 1.5 milliún euro a dhéanamh d'eitleán Mheiriceánach. Ag caint ar an ábhar seo, chuir Ritter eachtra Mary Kelly i gcompáraid le Gearmánach ag déanamh ionsaí ar traen lán de Ghiúdaigh ar a bhealach chuig sluachampa lena marú le linn an dara chogadh domhanda.

Cuireadh an dlí ar Mary Kelly i gCill Rois, i gContae an Chláir seachtain ó shin ach níor éirigh leis an giúiré a bheith aontaithe ar a cás. Mothaíonn sí go bhfuil faoiseamh éigin tugtha di óir tugadh treoir don ghiúiré breithiúnas ciontach a thabhairt. Níl sí go hiomlán slán go fóill óir tá seans ann go mbeidh atriail ann san fhómhair.

Ar aon nós, léirigh Scott Ritter go raibh sé den tuairim go raibh Mary Kelly ag gníomhú mar saoránach nuair a theip ar an chóras daonlathach. Lean sé leis an fhealsúnacht seo a phlé.

Is dócha nach bhfuil córas fíor-daonlathach sa domhan, is maith le neart rialtais a rá go bhfuil siad ag feidhmniú go daonlathach ach is cur i gcéill iad uilig i ndáiríre. D'inis rialtas Theach Laighin a lán bréaga dúinn fá aerphort na Sionna agus eile agus réitigh siad cead a thabhairt d'eitleáin cogaíochta úsáid a bhaint as aerspás agus as áiseanna na Sionna gan cead a fháil ó mhuintir na tíre. Theip ar an chóras daonlathach, mar sin de, ní mór an t-ionadh go raibh frustrachas ar Mary Kelly agus gur thóg sí casúr le damáiste a dhéanamh don inneall dúnmharfach úd.

San iarthar, is maith le comhlachtaí agus le rialtais 'caiteoirí' a chur ar dhaoine. Le fírinne, tá difríocht mór idir 'saoránach' agus 'caiteoir'. Ní bhíonn caiteoir gníomhach i gcúrsaí pobail ná i gcúrsaí stáit, tugann sé aire dó féin amháin agus is géillsineach mí-éifeachtach é i ndáiríre. Maidir leis an saoránach, déanann sé iarracht inchur de shaghas éigin a bheith aige i riarú an stáit agus creideann sé go bhfuil sé de dhualgas air sin a dhéanamh. Creideann saoránach i saoirse.

Faraor, bhí an t-Uasal Ritter den tuairim go bhfuil níos mó daoine den bharúil gur 'caiteoirí' iad chan 'saoránaigh', go bhfuil daoine iontach tugtha fána gcúramaí féin agus nach mothaíonn siad freagrach as pholasaithe an rialtais.

B'fhéidir gur cheart ceist a chur ar gach duine a chónaíonn san iarthar, an caiteoirí nó saoránaigh iad? Más saoránaigh iad, an bhfuil siad sásta gníomhnú ar son saoirse?



Seanfhocal na Seachtaine


'Is maith é an capall a tharraingíonn a charr féin.'

Ar ndóigh, tá dualgas orainn ar fad ár gcuid oibre féin a dhéanamh agus ár ndualgasaí féin a chomhlíonadh.


Gluais

saoránach    citizen

iarchigire airm    ex-arms inspector

cúlra coimeádach    conservative background

neamhspléachas    independence

giúiré    jury

faoiseamh    relief

atriail    retrial

áiseanna    facilities

frustrachas    frustration

inneall dúnmharfach    murderous machine

caiteoir    consumer

gníomhach    active

géillsineach    subject

inchur    input

freagrach    responsible

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland