Top Issue 1-2024

3 July 2003 Edition

Resize: A A A Print

Feachtas Lios na n-Óg

This week, AN DRAOI RUA discusses a Gaelscoil's campaign to allow one of their pupils, Bolu Onasanwu, stay in Ireland. The appeal rests with Minister McDowell.




Tá feachtas tosaithe ag tuismitheoirí, daltaí agus ag múinteoirí Ghaelscoil Lios na n-Óg tacú le girseach seacht mbliain d'aois fanacht in Éirinn. Is ón Nigéir Bolu Onasanwu ach tá baol ann anois go ruaigfidh amach as Éirinn í.

Tháinig Bolu go hÉirinn thart fá trí bhliain go leath ó shin agus d'fhreastal sí ar Ghaelscoil Lios na n-Óg le dá bhliain. Cuireann a leithéid go mór le híomhá ilcultúrtha ilchreidmheach a chothú i suíomh na scoile.

Tuigtear go gcothaítear tuiscint ag gach páiste ar a chéile agus iad ábalta na difríochtaí idir dhaoine éagsúla a cheiliúradh. Ní amháin go bhfuil meas ag daltaí Ghaelscoil Lios na n-Óg ar a nósanna, traidisiúin, reiligiúin is feiltí a gcultúr féin ach is féidir leo cultúir eile a cheiliúradh. Ós rud é gur roghnaigh Bolu Onasanwu freastal ar Ghaelscoil Lios na n-Óg, cuireann sí go mór leis an scoil na haidhmeanna seo a chur i gcrích. Léiritear gur féidir le páistí de gach cultúir teacht le chéile agus foghlaim óna chéile i dtimpeallacht nadúrtha.

Ag an phointe seo, tá Gaeilge líofa ag Bolu, is damhsóir gaelach iontach í agus seinneann sí an fheadóg stáin chomh maith le cailín rua as Conamara ar chomh-aois léi.

Deir Tríona Ní Mhuirheartaigh, múinteoir Bolu, gur cailín cliste, cairdiúil í agus go bhfuil an-ghnaoi ag na daltaí eile uirthi. Glactar léi mar a glactar le girseach ar bith sa tseomra ranga. Is droch-chomhartha é do na daltaí eile anois go bhfuil teachtaireacht faighte acu go gcuirfear an ruaig ar Bholu toisc go bhfuil sí 'difriúil'.

Cibé rud atá foghlamtha ag na páistí fá na hídéalacha ilcultúrtha agus ilchreidmheacha, tá contúirt ann go scriosfar ar fad iad.

Theip ar teaghlach Onasanwu cead a fháil fanacht in Éirinn agus anois tá siad ag iarraidh ar an Aire Michael McDowell athbhreithniú a dhéanamh ar a gcás. Tá sé ar intinn ag na tuismitheoirí is ag na daltaí eile agus ag múinteoirí na scoile tacú leo. Tá ainmneacha a bhailiú acu i láthair na huaire agus tá a lán litreacha seolta acu chuig an Aire McDowell cheana féin. Tá siad dóchasach go ndéanfaidh sé athmhachnamh ar a cás. Is cinnte go bhfuil Bolu socraithe i sochaí na scoile agus b'fhearr i bhfad dá mbeadh cead aici fanacht ann. Ar ndóigh, tá contúirt i gcónaí ann go mbeadh timpeallghearradh le fulaingt aici dá ruaigfí ar ais chuig an Nigéir í.

Tá súil agam go mbeidh an rialtas ábalta foghlaim as dea-shampla Ghaelscoil Lios na n-Óg. Is léir go bhfuil cuspóirí agus fealsúnacht dearfach cruthaithe ag an scoil agus go dtuigeann siad an fíor-bhrí le 'céad míle fáilte'.


Seanfhocal na Seachtaine



'Bíonn muintir an tsaoil mar lucht an óil, muna bhfuil airgead i do phóca agat, buail an bóthar is ná bí linn.'

Ar an drochuair, is cosúil gurb é seo an cinéal teachtaireachta atá tugtha do neart teifigh sa tír seo.


Gluais

feachtas    campaign

ilchreidmheach    multi-denominational

aidhmeanna    objectives

an-ghnaoi    very fond of

droch-chomhartha    bad sign

ídéalacha ilcultúrtha    multicultural ideals

athbhreithniú    review

athmhachnamh    think again

timpeallghearradh    circumcision

fealsúnacht    philosophy

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland