Top Issue 1-2024

29 May 2003 Edition

Resize: A A A Print

Timpeall an Tí

This week, AN DRAOI RUA discusses a few little traditions, superstitions and interesting historical observations about building and moving into a house



Tógtar na mílte tithe úra in Éirinn gach bliain ach is beag acu a chuireann isteach ar chead pleanála ó na sióga. Cinnte, is dócha go bhfuil neart daoine cráite ag iarraidh cead pleanála a fháil ó na húdaráis áitiúla agus gach seans go bhfuil dearmad ar fad déanta acu fá na nósanna a chleacht ár sinsear.

Sular thosaigh éinne le teach a thógáil, thochail sé ceithre fhód ag na cóirneáil agus d'fhág sé iad thar oíche. Má bhí na fódanna díreach mar a fágadh iad an maidin dár gcionn, bhí go maith is ní raibh go holc. Creideadh, áfach, dá mbeadh fód amháin as áit, go raibh drochspion ar na sióga agus nár cheart teach a thógáil ar an talamh nó gur chóir bogadh giota agus iarracht eile a dhéanamh.

Mar aon leis sin, bhí daoine iontach cúramach gan toiseacht ar theach a thógáil ar an Satharn ná ar an Domhnach. Ní bhíodh an obair críochnaithe go deo, dar leo.

Bhí daoine ann, ar ndóigh, nár éist le comhairle a muintir riamh agus a lean ar aghaidh le teach a thógáil ar thalamh na sí. Bhíodh a macasamhail den tuairim nach raibh sa chomhairle ach piseoga seafóideacha. Is beag maitheasa a tháinig as a leithéid de dhearcadh choíche. Tógadh tithe le déanaí fiú, ar chosáin na sí agus an lucht tógála beag beann ar an mhéid a dúradh leo. Tógadh tithe breátha agus iad ag rá nach raibh siadsan tugtha do nósanna amaideacha. Ar aon nós, níor mhair éinne sna tithe seo i bhfad ar chúis amháin nó ar chúis eile agus tá roinnt acu ag titim as a chéile fá láthair.

Tá daoine eile ann a leag crainn naofa ar mhaithe le teach, bóthar, droichead nó rud éigin eile a thógáil. Níor tháinig a dhath ar bith maith astu ach oiread. Cuimhnítear go fóill gur leag lucht tógála crann uaigneach nuair a bhí monarchan á thógáil ar mhaithe le De Lorean ar bhruach Bhéal Feirste. Níor mhair an comhlacht sin i bhfad ann.

Bhí traidisiúin eile ann a mhair go lár 19ú haois maidir le tithe a thógáil thar oíche. In áiteanna, ní bhíodh cíos le híoc ag daoine ar tithe a bhí tógtha thar oíche. Dá bhrí sin, bhíodh meitheal oibre gnóitheach ó luí na gréine go breacadh an lae sa dóigh is gurb fhéidir le tionónta teach gan cíos a bheith aige. Bhíodh cíos l'íoc as an talamh.

Sa tréimhse céanna, bhíodh cíos le híoc ag tionóntaithe as na fúinneoga a bhíodh acu, ní amháin as uimhir na fuinneog ach as a méid chomh maith. Seá, chuir na tiarnaí talúin cáin ar sholas an lae. Tharla an rud céanna in Alban chomh maith.

Ansin, bhí roinnt dualgasaí ar dhaoine sular bhog siad isteach i dteach úr. Creideadh gur chóir na doirse a fháil oscailte ar feadh tréimhse sa dóigh is go dtiocfadh le sióga na háite aithne a chur ar an teach úr is nach mbeadh bac ar bith curtha os a gcomhair. Bhí daoine eile den bharúil gur cheart an páidrín a rá agus iad ag siúl thart deisealach ar an teach faoi thrí.

Tá amhras ann go fóill fán lá is fearr le bogadh isteach. Moladh lá ar bith seachas an deireadh seachtaine. Is eisceacht Cúige Connachta don riail seo óir creidtear ann gur fearr bogadh Dé hAoine.

Maidir leis an chéad choiscéim sa teach úr, b'fhearr i bhfad ligint d'ainmhí éigin siúl isteach ar dtús. Bhuel, tuigtear gur féidir lena leithéid teagmháil níos éifeachtaí a dhéanamh le sióga.


Seanfhocal na Seachtaine


'Is naimhde aon-tí againn iad.'

Ba cheart dúinn a bheith ar an airdeall i gcónaí gan naimhde a chothú inár measc.


Gluais


cead pleanála    planning permission

na húdaráis áitiúla    the local authorities

drochspion    bad mood

comhairle    advice

a macasamhail    their likes

piseoga seafóideacha    silly superstitions

beag beann    little regards

meitheal oibre    group of wokers

tionónta    tenant

teagmháil    communication

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland